Is bagairt thromchúiseach don tsábháilteacht phoiblí iad airm thine aindleathacha, lena gcuirtear borradh faoin sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, foréigean droinge agus cionta tromchúiseacha eile. San Aontas, tá sé deacair faoi láthair gáinneáil ar airm thine a chomhrac, ós rud é nach gcumhdaítear le rialacha reatha an Aontais ach úinéireacht dhlíthiúil agus aistriú arm tine. Tá difríochtaí suntasacha ann freisin ó thaobh an chaoi a ndéantar cionta a bhaineann le hairm thine a shainiú agus a phionósú ar fud na dtíortha. Sin é an fáth a bhfuil rialacha nua uile-Aontais molta ag an gCoimisiún chun dul i ngleic go héifeachtach le gáinneáil agus le cionta eile a bhaineann le hairm thine.Cuideoidh an togra chun rialacha agus iarrachtaí a chomhchuibhiú ar fud thíortha an Aontais agus feabhas a chur ar éifeachtacht fhorfheidhmiú an dlí i gcoinne coireanna a bhaineann le hairm thine tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:sainmhínithe comhchoiteanna uile-Aontais ar chionta agus pionóis arm tine a thabhairt isteach – lena gcumhdaítear gach rud, gáinneáil, marcanna éigeantacha a fhalsú agus úsáid aindleathach treoirphleananna chun airm thine 3T a phriontáil ina measctacú le comhar níos láidre idir tíortha an Aontais – beidh ar gach tír Pointe Fócais Náisiúnta Arm Tine a bhunú chun an comhar trasteorann sin a chomhordúfeabhas a chur ar bhailiú agus ar úsáid sonraí – lena gcumhdaítear tacar sonraí a bhunú chun airm thine urghafa a chlárú, agus ceangal a chur ar thíortha an Aontais sonraí a bhaineann le cionta arm tine a bhailiú agus a chomhroinnt gach 5 bliana.Is é an togra nua seo an chéad tionscnamh reachtach atá le glacadh faoin straitéis Eorpach um an tslándáil inmheánach, ProtectEU. Déanfaidh sé imscrúduithe agus ionchúisimh níos éifeachtaí agus neartóidh sé cumas na n-údarás forfheidhmithe dlí freagairt do bhagairtí atá ag teacht chun cinn, rud a chuideoidh chun saoránaigh a chosaint ar bhealach níos fearr. Tuilleadh eolaisPreaseisiúint – Rialacha uile-Aontais molta ag an gCoimisiún in aghaidh na gáinneála ar airm thine aindleathachaBileog eolaisGáinneáil ar airm thine Sonraí Dáta foilsithe26 Feabhra 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide