Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Cuimhneachán á dhéanamh ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta sa Bhruiséil 10 mbliana níos déanaí

  • Alt nuachta
  • 20 Márta 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Man looks at Belgium attacks metro memorial

 

An 22 Márta déanfaidh an Bheilg comóradh 10 mbliana ar na hionsaithe sa Bhruiséil in 2016, nuair a dhírigh buamadóirí féinmharaithe ar aerfort agus ar mheitreo na Bruiséile. Maraíodh 32 dhuine i ngeall ar na hionsaithe sin agus gortaíodh níos mó ná 300 duine. Bhain na hionsaithe sin corraí as muintir na tíre agus as daoine ar fud na hEorpa.

Deich mbliana níos déanaí, tá go leor marthanóirí fós ag maireachtáil le hiarmhairtí fisiciúla agus síceolaíocha an lae sin. Tá comóradh á dhéanamh in ómós na n-íospartach agus na marthanóirí, agus chun an athléimneacht agus an dlúthpháirtíocht a mheabhrú dúinn i bhfianaise bagairtí atá ag teacht chun cinn .

I ráiteas uaithi, thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ómós do na híospartaigh sin. Mhol sí freisin an chaoi ar tháinig an Eoraip le chéile tar éis na n-ionsaithe agus an chaoi, le 10 mbliana anuas, ar neartaíomar ár ndiongbháilteacht agus ár gcomhar chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac. 

Go deimhin, le linn na mblianta ina dhiaidh sin, mhúnlaigh na hionsaithe cur chuige na Beilge agus an Aontais i leith na slándála agus na frithsceimhlitheoireachta araon. An sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil a chuid saoránach a chinntiú, leanann siad de bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais. I mí Feabhra 2026 chuir an Coimisiún Eorpach clár oibre nua i láthair chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac trí ProtectEU, an straitéis Eorpach um an tslándáil inmheánach. Leagtar amach sa chlár oibre sin an bealach chun cinn chun freagairt chomhchoiteann na hEorpa ar bhagairtí sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha atá ag teacht chun cinn a threisiú.    

Neartaigh an tAontas a chuid iarrachtaí i gcoinne an radacaithe freisin. Le Mol Eolais an Aontais Eorpaigh maidir le Radacú a Chosc, tugtar le chéile cleachtóirí, lucht ceaptha beartas agus taighdeoirí atá ag obair ar chosc ar fud na hEorpa agus i dtríú tíortha tosaíochta.

Tagann comóradh na n-ionsaithe sa Bhruiséil sna sála ar an Lá Cuimhneachán Eorpach ar Íospartaigh na Sceimhlitheoireachta, a reáchtáladh ní ba luaithe an mhí seo. Leis an searmanas bliantúil sin, tugtar urraim d’íospartaigh agus do mharthanóirí ionsaithe sceimhlitheoireachta ar fud na hEorpa agus athdhearbhaítear dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leo siúd atá buailte. 

Tuilleadh eolais

An tslándáil agus an chosaint

An sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Márta 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide