Tá sraith nua beart molta ag an gCoimisiún Eorpach chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Leagtar amach iontu conas freagairt chomhchoiteann na hEorpa ar bhagairtí sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha atá ag teacht chun cinn a threisiú.Le deich mbliana anuas, neartaigh an tAontas a fhreagairt ar an sceimhlitheoireacht agus ar an antoisceachas foréigneach. Mar sin féin, bíonn cineál na mbagairtí sin ag síorathrú. Leis an mí-úsáid mhéadaitheach a bhaintear as teicneolaíochtaí nua, tá athmhúnlú á dhéanamh ar ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta, tá méadú ag teacht ar an spriocdhíriú ar mhionaoisigh agus ar an radacú a dhéantar orthu ar líne, agus déanann forbairtí geopholaitiúla timpeallacht na bagartha níos measa fós. Chuige sin, tá gá le freagairt oiriúnaithe agus níos láidre. Chuir an Coimisiún sraith tionscnamh i láthair chun dlús a chur leis an ullmhacht agus leis an bhfreagairt chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí san Aontas ar dhíobháil. Leagadh amach iontu gníomhaíochtaí nithiúla faoi shé cholúnbagairtí a ionchasú: borradh a chur faoin anailís faisnéise ar leibhéal an Aontais, acmhainneachtaí tacaíochta anailíseacha Europol a threisiú, agus taighde slándála ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a neartúan radacú a chosc, bosca uirlisí um chosc agus clár um rannpháirtíocht agus cumhachtú pobail dar luach €5 mhilliún san áireamh lena dtacaítear le tionscadail lena ndírítear ar luathchosc an radacaithedaoine a chosaint ar líne: athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a fhorfheidhmiú, comhar deonach le soláthraithe seirbhíse ar líne a neartú trí Fhóram Idirlín an Aontais, agus prótacal géarchéime an Aontais a uasghrádú le bheith ina chreat freagartha ar ghéarchéimeanna ar líne de chuid an Aontais ar mhaithe le comhar níos fearrdaoine a chosaint sa timpeallacht fhisiceach: feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise maidir le foláirimh a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht, féachaint ar roghanna chun an creat maidir le hardfhaisnéis taistil a leathnú, agus slándáil spásanna poiblí agus bonneagair chriticiúil a neartú trí €30 milliún a infheistiú agus trí chlár comhairleach an Aontais maidir le slándáil chosantach a neartúfreagairt ar bhagairtí agus ar ionsaithe: feabhas a chur ar rianú mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, athbhreithniú a dhéanamh ar shainorduithe Europol agus Eurojust, agus an treochlár maidir le rochtain dhleathach éifeachtach ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí a chur i bhfeidhmcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta: comhar seachtrach Europol agus Eurojust maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus comhar Europol le comhpháirtithe iontaofa a neartú chun sonraí a fháil maidir le daoine aonair ar bagairt sceimhlitheoireachta iad, agus comhar le comhpháirtithe an mhéadaithe agus le comhpháirtithe i réigiún na MeánmharaLéirítear i suirbhé a rinne an tAontas le déanaí go measann saoránaigh go bhfuil an chosaint agus an tslándáil ar cheann de na cúig dhúshlán is mó. Creideann breis agus dhá thrian díobh gur cheart ról an Aontais maidir le saoránaigh a chosaint ar ghéarchéimeanna domhanda agus ar rioscaí slándála a bheith níos tábhachtaí, de réir suirbhé eile.Tá na tograí sin mar chuid den straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, ProtectEU. Cuireadh i láthair iad in éineacht le togra maidir le gáinneáil ar airm thine a chomhrac.Tuilleadh eolaisPreaseisiúintBileog eolaisSlándáil agus Cosaint Sonraí Dáta foilsithe26 Feabhra 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide