Inniu tá comóradh 10 mbliana á dhéanamh ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha a tharla ar fud Pháras an 13 Samhain 2015, inar maraíodh 132 dhuine agus inar gortaíodh go leor eile. Tá imeachtaí cuimhneacháin ar siúl ar fud na Fraince agus ar fud an Aontais chun onóir a thabhairt do na híospartaigh agus do na marthanóirí. I ráiteas uaithi, thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ómós d’íospartaigh, agus chuir sí síos ar na himeachtaí i bPáras mar ‘ionsaí ar ár luachanna – an tsaoirse, an tsíocháin agus an chaoinfhulaingt’. D’athdhearbhaigh an tUachtarán go bhfuil an Fhrainc agus an tAontas araon tiomanta i gcónaí d’idéil na saoirse agus na síochána. Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus slándáil a chuid saoránach a chinntiú. Oibríonn tíortha an Aontais as lámha le chéile chun an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac. Níos luaithe i mbliana, chuir an Coimisiún ProtectEU i láthair, ar straitéis slándála inmheánaí é chun tuilleadh feabhais a chur ar chumas an Aontais bagairtí a réamh-mheas, radacú a chosc, agus spásanna poiblí a chosaint. Díríonn sé freisin ar fheabhas a chur ar fhreagairt chomhordaithe nuair a tharlaíonn ionsaithe. Agus an cuimhneachán sollúnta seo á chomóradh ag an Eoraip, déantar machnamh ar fud na mór-roinne freisin ar an teacht aniar agus an aontacht a tháinig chun cinn ina dhiaidh. Anois, deich mbliana ó tharla na hionsaithe, is siombail í cathair Pháras d’Eoraip atá fós láidir ó thaobh saoirse, síocháin agus caoinfhulaingt a chosaint i gcoinne na ndaoine sin atá ag iarraidh í a dheighilt.Tuilleadh eolaisSlándáil agus CosaintAn sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac; Sonraí Dáta foilsithe13 Samhain 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide