Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Léim isteach sa samhradh: tá an t-uisce sábháilte!

  • Alt nuachta
  • 24 Iúil 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Boy snorkelling in the sea

 

Más loch san Fhionlainn, oileán Aeigéach nó cuan Chóbanhávan atá i gceist, is dócha go bhfuil sé beartaithe agat tumadh isteach san uisce an samhradh seo. Ach an bhfuil an t-uisce sábháilte? De réir an mheasúnaithe is déanaí ar uisce snámha na hEorpa do shéasúr snámha 2024, is é is dóichí go bhfuil! Fuarthas amach sa tuarascáil gur chomhlíon os cionn 85% de na suíomhanna a ndearnadh faireachán orthu caighdeáin ‘sármhaith’ an Aontais Eorpaigh i dtaca le cáilíocht uisce snámha anuraidh. Agus chomhlíon 96% ar a laghad de na huiscí snámha uile a sainaithníodh go hoifigiúil san Aontas na híoschaighdeáin cháilíochta.

Rinneadh measúnú sa tuarascáil ar bhreis agus 22,000 láthair uisce snámha ar fud 27 mBallstát uile an Aontais, chomh maith leis an Albáin agus an Eilvéis. I gcúig thír — an Chipir, an Bhulgáir, an Ghréig, an Ostair agus an Chróit — bhí 95% nó níos mó d’uiscí snámha ar ardchaighdeán. Ní bhfuarthas ach 1.5% d’uiscí snámha an Aontais ar dhroch-chaighdeán.

Tá feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht an uisce snámha ar thránna ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, a bhuí den chuid is mó le beartais an Aontais agus gníomhaíochtaí Ballstáit den Aontas. Ceanglaítear le Treoir an Aontais maidir le hUisce Snámha faireachán córasach baictéareolaíoch a dhéanamh ar uiscí snámha an Aontais agus tá infheistíocht mhór déanta ag Ballstáit den Aontas i stáisiúin cóireála fuíolluisce uirbigh.

Tá uiscí snámha na hEorpa i bhfad níos sábháilte a bhuí leis na feabhsuithe sin ar chóireáil fuíolluisce. Is féidir le baictéir Escherichia coli – nó E. coli – agus eintreacóc stéigeach ár n-uisce snámha a thruailliú agus sláinte an duine a chur i mbaol mar gheall ar phataiginí a d’fhéadfadh a bheith iontu. De ghnáth, eascraíonn na baictéir sin as fuíolluisce neamhchóireáilte nó aoileach a chríochnaíonn in uiscí snámha, mar shampla, tar éis báisteach throm.

Cé go bhfuil an chuid is mó d’uiscí snámha na hEorpa ar ardchaighdeán, tá truailliú uisce dromchla agus screamhuisce fós suntasach agus d’fhéadfadh sé gur measa fós é mar gheall ar an athrú aeráide. Beidh sé ríthábhachtach feabhas a chur ar athléimneacht uisce don duine agus don chomhshaol sna blianta amach romhainn.

Tuilleadh eolais

Cáilíocht uisce snámha na hEorpa in 2024

Léarscáil idirghníomhach - Staid na n-uiscí snámha in 2024

Bileoga eolais tíre 2024 maidir le huisce snámha

An straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Iúil 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide