Tá níos mó i gceist leis an imdhíonadh ná an tsláinte féin
Téann tionchar an imdhíonta níos faide ná an tsláinte – baineann sé le rathúnas, slándáil agus forbairt eacnamaíoch. Is tosaíocht dhomhanda é rochtain chothrom ar vacsaíní a chinntiú, agus tá ról ceannasach ag an Aontas Eorpach (AE) san iarracht sin.
In 2003 chuaigh an tAontas i gcomhar le Gavi, an Chomhghuaillíocht Vacsaíní, den chéad uair chun córais sláinte dhomhanda a neartú agus lean sé dá chomhar rathúil ó shin i leith.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 11 Iúil 2025
