Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 26 Bealtaine 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 1 nóiméad

Seachtain Eorpach in aghaidh na hAilse: cúram sláinte ar ardchaighdeán a chur ar fáil d’othair

Cancer Treatments - Mammography, breast ultrasound and breast MRI

 

Tá an cúram ailse is fearr tuillte ag gach uile shaoránach den Aontas. Agus an tSeachtain Eorpach in aghaidh na hAilse (25-31 Bealtaine) á comóradh againn, athdhearbhaíonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé tiomanta aontas sláinte Eorpach a bhaint amach a chuirfidh cúram sláinte ar ardchaighdeán ar fáil do chách. Trí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa, tá tacaíocht curtha ar fáil ag an gCoimisiún cheana féin do na milliúin daoine atá thíos leis an ailse ar fud an Aontais Eorpaigh. Oibríonn sé anois le beagnach 630 eagraíocht agus tá €394 mhilliún geallta aige chun tacú lena ghníomhaíochtaí maidir le hailse a chosc, a bhrath, a dhiagnóisiú agus a chóireáil. 

Leanfaidh sé de chur chun feidhme éifeachtach an Phlean Ailse a chinntiú sna blianta amach romhainn, agus é ag obair ar an méid seo a leanas: 

  • cosc – eagrán nua den Chód Eorpach in aghaidh na hAilse a sheoladh, rud a chuirfidh comhairle phraiticiúil ar fáil maidir le rioscaí ailse a laghdú
  • luathbhrath – a sprioc a bhaint amach go dtabharfar cuireadh do 90% de na daoine incháilithe chun scagthástáil a dhéanamh i leith ailse cíche, ailse chalaireicteach agus ailse ceirbheacs faoi 2030
  • diagnóis agus cóireáil – líonra AE d’ionaid chuimsitheacha ailse a bhunú a dtacaíonn maoiniú €90 milliún ón Aontas leo 

Foilsíodh bileoga eolais nua de réir tíre, a d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte, agus léiríonn siad neamhionannais leathana shocheacnamaíocha maidir le básmhaireacht ailse.  

Tuilleadh eolais 

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

Sonraí

Dáta foilsithe
26 Bealtaine 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide