Chuir an Coimisiún pacáiste earraigh Sheimeastar Eorpach 2025 i láthair, ina ndéantar anailís ar na príomhdhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta ar fud an Aontais. Chuir sé treoir ar fáil do thíortha an Aontais chun a n-iomaíochas, a rathúnas agus a n-athléimneacht a neartú. Tá an treoir ag teacht tráth a bhfuil an timpeallacht trádála agus slándála thar a bheith luaineach, agus tá dlúthbhaint aici leis an gcompás iomaíochais, plean an Choimisiúin chun borradh a chur faoi athléimneacht agus seasamh domhanda an Aontais. Ina mholtaí tírshonracha, cuireann an Coimisiún treoir shaincheaptha ar fáil do riachtanais shonracha gach Ballstáit i dtrí phríomhréimse: beartas fioscach, pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus cláir an bheartais comhtháthaithe a chur chun feidhme, agus dúshláin struchtúracha atá fós gan réiteach agus/nó dúshláin struchtúracha nua atá ag teacht chun cinn, ag díriú ar an gcompás iomaíochais. Is é pacáiste earraigh Sheimeastar Eorpach 2025 an chéad mheasúnú a rinneadh faoin gcreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe, ina ndéantar meastóireacht ar dhul chun cinn na dtíortha maidir lena bpleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha a chuir siad i láthair an fómhar seo caite a chur chun feidhme. Tar éis Phlean ReArm Europe/Readiness 2030, d’iarr 16 thír de chuid an Aontais níos mó ná mar is gnách a chaitheamh go sealadach chun infheistíocht a dhéanamh sa chosaint. Is féidir é sin a dhéanamh faoin gclásal éalaithe náisiúnta, mar a thugtar air. Molann an Coimisiún anois don Chomhairle an iarraidh sin a fhaomhadh do na tíortha sin. I gcás tíortha atá faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, measann an Coimisiún nach bhfuil gá le céimeanna breise don Fhrainc, don Iodáil, do Mhálta, don Pholainn, don tSlóvaic, ná don Ungáir. I gcás na Beilge, tá conair cheartaitheach nua molta aige di. I gcás na Rómáine, a bhfuil fás glanchaiteachais os cionn na huasteorann a leagtar síos ina conair cheartaitheach, molann sé don Chomhairle cinneadh a ghlacadh nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an tír. Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha i 10 mBallstát a roghnaíodh le haghaidh grinn-athbhreithnithe faoi Thuarascáil 2025 maidir leis an Sásra Foláirimh. Níl míchothromaíochtaí ag an gCipir, an Eastóin ná an Ghearmáin, agus tá míchothromaíochtaí fós ag an nGréig, an Iodáil, an Ísiltír, an tSlóvaic, an tSualainn agus an Ungáir, ó tharla go bhfuil a leochaileachtaí fós ábhartha ar an iomlán. Tá míchothromaíochtaí iomarcacha fós ag an Rómáin de réir mar a tháinig méadú ar a heasnaimh fhioscacha agus ar a heasnaimh sa chuntas reatha agus de réir mar a chuaigh an t-iomaíochas costais in olcas in 2024. Ar deireadh, mhol an Coimisiún treoirlínte maidir le beartais fostaíochta a thabhairt cothrom le dáta. Cuireann siad leis na cinn a glacadh i mí na Nollag 2024, inar díríodh ar ghanntanais scileanna agus saothair, agus gá ar leith ann le tuilleadh scileanna digiteacha. Leis na treoirlínte nua, féachtar le margaí saothair níos cothroime agus níos cuimsithí a chur chun cinn, ailíniú le haontas na scileanna agus an chompáis iomaíochais. Tuilleadh eolais Preaseisiúint maidir le Pacáiste an Earraigh de Sheimeastar Eorpach 2025 Ceisteanna agus freagraí maidir le Pacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach 2025 Pacáiste an Earraigh de Sheimeastar Eorpach 2025 An Seimeastar Eorpach Sonraí Dáta foilsithe4 Meitheamh 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide