Ba cheart rochtain a bheith ag othair san Aontas ar na cógais leighis a theastaíonn uathu, nuair a theastaíonn siad uathu. Ar an drochuair, le blianta beaga anuas tá tíortha an Aontais ag dul i ngleic le géarghanntanas cógas leighis, rud a chuaigh in olcas i ngeall ar imeachtaí domhanda amhail paindéim COVID-19. Is é is aidhm don Ghníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla, a mhol an Coimisiún inniu, tacú le monarú agus feabhas a chur ar infhaighteacht cógas leighis criticiúil san Aontas.Is fadhbanna monaraíochta, leochaileachtaí sa slabhra soláthair agus iomaíocht dhomhanda le haghaidh acmhainní is mó is cúis le ganntanais cógas leighis. Is é is aidhm don Ghníomh nua na dúshláin sin a shárú. Ar na príomhghnéithe tá:feabhas a chur ar acmhainneacht mhonaraíochta an Aontais le haghaidh cógais leighis chriticiúla trí thionscadail straitéiseachaúsáid an tsoláthair phoiblí chun slabhraí soláthair iontaofa cógas criticiúil a spreagadh nó chun rochtain ar chógais eile a fheabhsú tacú le soláthar comhoibríoch i measc thíortha an Aontais chun rochtain chothrom ar chógais thábhachtacha a chinntiú ar fud an Aontais breathnú ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta chun spleáchas ar sholáthraithe aonair nó ar líon teoranta soláthróirí a laghdú Tá sé ina thosaíocht ag an Aontas le blianta fada dul i ngleic le ganntanais agus rochtain ar chógais leighis a chinntiú. Comhlánaíonn an Gníomh nua um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla tograí reachtacha a cuireadh ar aghaidh cheana féin chun aghaidh a thabhairt air sin, go háirithe trí athchóiriú a dhéanamh ar straitéis chógaisíochta an Aontais. Tá ról lárnach ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, maidir le monatóireacht a dhéanamh ar na ganntanais chriticiúla cógas sin agus freagairt dóibh.Tuilleadh eolaisPreaseisiúint: An Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla molta ag an gCoimisiún chun borradh a chur faoi sholáthar cógas leighis criticiúil san Aontas Ceisteanna agus freagraí faoin nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla Bileog Eolais faoin nGníomh um Tháirgí Íocshláinte CriticiúlaModernising the EU pharmaceutical legislationan Ghníomhaireacht Leigheasra EorpachAn Comhaontas um Chógais Leighis Chriticiúla Sonraí Dáta foilsithe11 Márta 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide