Tá straitéis Eorpach nua um an tslándáil inmheánach, ar a dtugtar ProtectEU, curtha i láthair ag an gCoimisiún chun tacú le tíortha an Aontais slándáil a chinntiú dá shaoránaigh. Leagtar amach ann plean oibre ina bhfuil creat dlíthiúil níos láidre, comhroinnt eolais níos fearr agus comhar níos dlúithe. Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála agus hibrideacha atá ag dul i méid, cuir i gcás an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an chibearchoireacht, agus ionsaithe ar bhonneagar criticiúil, ní mór don Eoraip athbhreithniú a dhéanamh ar a cur chuige i leith na slándála inmheánaí. Is é is aidhm don straitéis cur chuige uile-shochaí a ghlacadh ina mbeidh saoránaigh, gnólachtaí, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta san áireamh, grúpaí ar féidir leo cur le sábháilteacht níos fearr do chách. Príomhchuspóirí agus príomhghníomhaíochtaí: rialachas nua Eorpach i réimse na slándála inmheánaí bagairtí slándála a thuar trí bhealaí nua chun eolas a chomhroinnt uirlisí níos éifeachtaí le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile níos láidre athléimneacht a chothú i gcoinne bagairtí hibrideacha an choireacht thromchúiseach agus eagraithe a throid an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach a chomhrac an tAontas Eorpach ina ghníomhaí láidir domhanda i dtaca leis an tslándáil Tá fianaise ó Mheasúnú an Aontais ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (EU-SOCTA) mar thaca leis na gníomhaíochtaí. Leis an straitéis comhlánaítear an straitéis um aontas na hullmhachta agus an páipéar bán maidir le cosaint na hEorpa. In éineacht leis an Sciath Eorpach don Daonlathas atá ar na bacáin, is creat cuimsitheach iad le haghaidh Aontas atá sábháilte, slán agus athléimneach. Tuilleadh eolais Preaseisiúint Bileog eolais Ceisteanna agus Freagraí An tslándáil agus an chosaint An Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach Slándáil Inmheánach Sonraí Dáta foilsithe1 Aibreán 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide