An 7 Nollaig 2025, déanaimid ceiliúradh ar 25 bliana de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leis an gCairt, déantar cearta bunúsacha gach duine san Aontas a chosaint agus a chur chun cinn. Ó 2009 i leith, le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tá an stádas dlí céanna ag an gCairt agus atá ag conarthaí bunaidh an Aontais. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na cearta a leagtar amach inti ceangailteach ó thaobh dlí le haghaidh institiúidí an Aontais agus Ballstáit den Aontas agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu. Ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí, is féidir leis an gCoimisiún beart a dhéanamh i gcoinne na ndaoine sin nach n-urramaíonn na cearta bunúsacha sin.Is ionstraim nua-aimseartha í an Chairt atá ceaptha chun athruithe sochaíocha, eolaíocha agus teicneolaíocha le himeacht ama a léiriú. Tá 50 ceart agus saoirse bhunúsach ann, agus cumhdaíonn siad 6 chatagóir, is iad sindínitsaoirsícomhionannasdlúthpháirtíochtcearta na saoránachceartasMúnlaíonn na cearta sin an saol laethúil, ó chosaint sonraí pearsanta go dálaí oibre cothroma a chinntiú, saoirse gluaiseachta agus cainte, an ceart vótála, agus rochtain ar oideachas agus ar chúram sláinte.Chun comóradh 25 bliana a cheiliúradh, d’fhoilsigh an Coimisiún sraith físeán ina bhfuil daoine as gach cearn den Aontas, iad ag machnamh ar an tábhacht a bhaineann le cearta bunúsacha sa saol laethúil. Is é is aidhm dóibh feasacht ar an gCairt a mhúscailt agus béim a leagan ar a hábharthacht do dhaoine aonair ar fud comhthéacsanna sóisialta agus cultúrtha éagsúla. Is iarracht leanúnach é cur i bhfeidhm na Cairte a neartú. In 2020 ghlac an Coimisiún straitéis chun a chinntiú go gcuirfear na cearta atá inti i gcrích do chách. Ina theannta sin, foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha bliantúla chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na Cairte. Tá an tAontas bunaithe ar luachanna bunaidh na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta. Tá cosaint an daonlathais agus luachanna an Aontais a chaomhnú fós ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Choimisiúin. Tuilleadh eolaisDo chearta bunúsacha san Aontas Eorpach Sonraí Dáta foilsithe5 Nollaig 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide