Tá an tAontas Eorpach ag obair chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Tá rún daingean ag an gCoimisiún Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta; gheall sé in 2022 an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030.
Ina Theachtaireacht in 2022 maidir leis an gCoimisiún a ghlasú, leag an Coimisiún treochlár amach chun an sprioc sin a bhaint amach. Ar an gcéad dul síos, a astaíochtaí carbóin a laghdú 60% idir 2005 agus 2030 (sin laghdú 38% idir 2019 agus 2030) agus ansin aistrithe carbóin a chur i bhfeidhm maidir leis na hastaíochtaí atá fágtha trí chreidmheasanna ardcháilíochta. Gheall an Coimisiún freisin meastóireacht agus oiriúnú a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí agus a spriocanna i ndáil le glasú i gcás inar gá.

An aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030
An 16 Nollaig 2025, ghlac an Coláiste an tAthbhreithniú ar dhul chun cinn maidir leis an gCoimisiún a Ghlasú ina léirítear go bhfuil an Coimisiún ar an mbóthar ceart maidir lena spriocanna do 2030. De réir na dtorthaí is déanaí ó Ráiteas EMAS 2024 ar an gComhshaol, tá laghdú 31% déanta ag an gCoimisiún ar a lorg carbóin foriomlán i gcomparáid le 2019, nó laghdú 56% ó bhí 2005 ann. Maidir le laghdú astaíochtaí ó fhoirgnimh, ón gcomaitéireacht agus ó thaisteal saineolaithe, léirítear sa tuarascáil go bhfuil dul chun cinn maith déanta agus gur cheart leanúint de na hiarrachtaí, agus iad a threisiú nuair is féidir. I dtaca le hastaíochtaí ó thaisteal gairmiúil foirne a laghdú, tá an dul chun cinn níos moille. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí níos faide ná 2024 chun an sprioc -50% a bhaint amach i gcomparáid le 2019 a luaithe is féidir, agus faoi 2030 ar a dhéanaí.
Chun a sprioc 2030 maidir le haeráidneodracht a bhaint amach, féachfaidh an Coimisiún ar roghanna chun astaíochtaí iarmharacha a chúiteamh faoi 2030, ina measc sin an fhéidearthacht creidmheasanna a cheannach ó ardán ceannaigh chomhpháirtigh agus cur chuige coiteann a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais.
Leanfaidh an Coimisiún freisin de na bearta a leagtar amach i bplean gníomhaíochta 2022 um ghlasú a chur i bhfeidhm chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2030.
Foirgnimh níos glaise, bealaí oibre níos glaise
Le foirgnimh níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus níos athléimní ó thaobh na haeráide de, beidh an Coimisiún in ann an tríú cuid den laghdú ar a lorg carbóin a dhéanamh i dtreo 2030 tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- foirgnimh níos fuinneamhéifeachtúla agus níos glaise a úsáid
- aistriú go spásanna oibre comhoibríocha dinimiciúla
- laghdú a dhéanamh ar líon/dhromchla na n-oifigí agus na bhfoirgneamh.
Tá luachanna Bauhaus Eorpach Nua, mar atá inbhuanaitheacht, aeistéitic agus cuimsiú, ag treorú ár roghanna freisin. Mar shampla, tá an Coimisiún ag obair i gcomhpháirtíocht le Réigiún na Bruiséile chun an Ceantar Eorpach nua agus pleananna nua soghluaisteachta a dhearadh.
Soghluaisteacht níos glaise agus níos cliste
Is féidir laghdú 50% a dhéanamh ar astaíochtaí taistil a bhaineann leis an obair (2019-2030) ach an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cuíchóiriú a dhéanamh ar thaisteal foirne a bhaineann leis an obair
- tús áite a thabhairt do mhodhanna iompair níos glaise
- meascán de chruinnithe fíorúla, hibrideacha agus pearsanta a úsáid le saineolaithe seachtracha
Is féidir laghdú thart ar 45% a dhéanamh ar astaíochtaí soghluaisteachta (2019-2030) ach an méid seo a leanas a dhéanamh:
- baill foirne a spreagadh chun modhanna iompair níos glaise a úsáid agus iad ag comaitéireacht
- cianobair a mhéadú
- feachtais agus imeachtaí feasachta a eagrú
Bonneagair agus sócmhainní TF a ghlasú
Is féidir laghdú aon trian a dhéanamh ar astaíochtaí TF ach an méid seo a leanas a dhéanamh:
- dlús a chur leis an aistriú chuig feistí atá níos fuinneamhéifeachtúla agus ar féidir iad a dheisiú
- córais TF a chuíchóiriú agus córais atá imithe as feidhm a dhíchoimisiúnú
- líon na seomraí sonraí áitiúla a laghdú de réir a chéile
- úsáid sreafaí oibre gan pháipéar a mhéadú agus cartlanna a dhigitiú
An Coimisiún dea-shampla a thabhairt mar institiúid
Tá rún daingean ag an gCoimisiún cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn lena ghníomhaíochtaí féin, mar atá:
- lónadóireacht níos glaise
- éirí níos ciorclaí trí phrionsabail an tSoláthair Phoiblí Ghlais a úsáid
- éiceachórais agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú ar láithreáin an Choimisiúin
Baill foirne dea-shampla a thabhairt mar shaoránaigh den Aontas Eorpach
Chun go mbainfidh an Coimisiún an aeráidneodracht amach faoi 2030, tá rannpháirtíocht na foirne ríthábhachtach chun na gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm.
Tá dlúthbhaint aige sin freisin le bealaí inbhuanaithe oibre agus iompair a ghlacadh. Aithníonn an Coimisiún é sin agus spreagann sé a fhoireann le bheith nuálach agus glacadh le hathruithe ar bhealaí oibre d’fhonn dea-shampla a thabhairt i dtaca le réitigh nua nuálacha ghlasa a chur i bhfeidhm.
Cumarsáid a dhéanamh le páirtithe leasmhara seachtracha
Measann an Coimisiún go bhfuil sé ríthábhachtach leas a bhaint as na deiseanna uile. Trí bheith ag obair le comhghleacaithe, agus a bhuí leis an iliomad páirtithe leasmhara a mbuaileann sé leo go rialta (ina measc sin riaracháin phoiblí áitiúla/réigiúnacha/náisiúnta/de chuid Institiúidí an Aontais/Eagraíochtaí Idirnáisiúnta), is féidir infheictheacht a thabhairt ní hamháin dá ghníomhaíochtaí le haghaidh institiúid aeráidneodrach, ach foghlaim ó chleachtais eile freisin agus an t-aistear domhanda i dtreo sochaí inbhuanaithe a spreagadh.
Doiciméid

- Foilseacháin Ghinearálta
- 16 Nollaig 2025
- 5 AIBREÁN 2022
- 5 AIBREÁN 2022
- 5 AIBREÁN 2022
- 28 AIBREÁN 2022