*Chun sonraí níos mionsonraithe a fháil, féach Bunachar Sonraí Eurostat maidir le hImirce agus Tearmann.
**Ní áirítear leis sin daoine a rugadh i mBallstát eile
Áitritheoirí a rugadh ar an gcoigríoch in aghaidh na tíre
Foinse: Eurostat; áirítear le ‘eile’ ceadanna a eisíodh ar mhaithe le cónaí amháin, ceadanna a eisíodh le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus le mionaoisigh neamhthionlactha, chomh maith le ceadanna a eisíodh ar gach cúis eile ar féidir ceadanna cónaithe a eisiúint lena haghaidh agus nach bhfuil cumhdaithe faoi na catagóirí eile
Fostaíocht na n-inimirceach
In 2022 bhí 9.93 milliún duine nach saoránaigh den Aontas iad fostaithe i margadh saothair an Aontais, as 193.5 milliún duine idir 20 agus 64 bliana d’aois, méid arb ionann é agus 5.1% den mhéid foriomlán. Ar an iomlán, is ionann líon iomlán na ndaoine atá fostaithe san aoisghrúpa 20-64 bliana d’aois agus 197,458 milliún duine, agus 9,927 milliún díobh, ní saoránaigh den Aontas iad.
Foinse: Eurostat
Bhí ráta fostaíochta an daonra atá in aois oibre san Aontas níos airde i gcás saoránaigh den Aontas (77,1%) ná mar atá sé i gcás daoine nach saoránaigh den Aontas iad (61.9%) in 2022.
Earnálacha faoi ró-ionadaíocht
In 2022 bhí daoine nach saoránaigh den Aontas iad faoi ró-ionadaíocht in earnálacha eacnamaíocha ar leith, cuir i gcás:
Earnáil | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh den Aontas |
---|---|---|
Gníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhísí bia | 11.3% | 4.2% |
Gníomhaíochtaí seirbhíse riaracháin agus tacaíochta | 7.6% | 3.9% |
Obair tí | 5.9% | 0.7% |
Tógáil | 9.1% | 6.6% |
Ró-ionadaíocht de réir poist
Maidir le poist, bhí daoine nach saoránaigh den Aontas iad faoi ró-ionadaíocht i measc na n-oibrithe seo a leanas:
Grúpa gairmeacha | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh den Aontas |
---|---|---|
Glantóirí agus cúntóirí | 11.4% | 2.9% |
Oibrithe seirbhísí pearsanta | 7.3% | 4.1% |
Oibrithe cúraim phearsanta | 5.5% | 3.0% |
Oibrithe tógála, seachas leictreoirí | 6.1% | 3.7% |
Oibrithe in earnáil na mianadóireachta, na tógála, na déantúsaíochta agus an iompair | 6.0% | 2.5% |
Cúntóirí ullmhaithe bia | 2.6% | 0.6% |
Oibrithe talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh | 2.4% | 0.7% |
Earnálacha faoi ghannionadaíocht
Bhí daoine nach saoránaigh den Aontas iad faoi ghannionadaíocht in earnálacha eacnamaíocha eile, mar shampla:
Earnáil | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh den Aontas |
---|---|---|
Riarachán poiblí agus cosaint, slándáil shóisialta éigeantach | 1.1% | 7.4% |
Oideachas | 3.9% | 7.6% |
Gníomhaíochtaí i dtaca le sláinte an duine agus gníomhaíochtaí oibre sóisialta | 8.5% | 11.2% |
Gníomhaíochtaí gairmiúla, eolaíocha agus teicniúla | 3.8% | 6.0% |
Gannionadaíocht de réir poist
Ar an lámh eile, bhí daoine nach saoránaigh den Aontas iad faoi ghannionadaíocht i measc na n-oibrithe seo:
Grúpa gairmeacha | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad | Fostaíocht le haghaidh saoránaigh den Aontas |
---|---|---|
Gairmithe teagaisc | 2.4% | 5.5% |
Gairmithe comhlacha gnó agus riaracháin | 2.6% | 6.8% |
Oibrithe cléireachais agus riaracháin | 1.5% | 4.4% |
Gairmithe comhlacha eolaíochta nó innealtóireachta | 1.7% | 3.5% |
Gairmithe gnó agus riaracháin | 2.3% | 4.5% |
Gairmithe sláinte | 1.5% | 3.1% |
Foinse: Eurostat
Dídeanaithe san Eoraip
Dídeanaithe ón Úcráin
Ó thosaigh ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022, tá an líon is mó daoine a theith ó chogadh ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann glactha ag an Eoraip. Tá sonraí atá cothrom le dáta le fáil faoi na hiarrachtaí atá ar siúl chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus chun cosaint shealadach a chur ar fáil dóibh, ar an leathanach tiomnaithe Bainistiú imirce: Fáilte a chur roimh dhídeanaithe ón Úcráin.
An staid fhoriomlán
Bunaithe ar shonraí ó UNHCR, is iad seo a leanas na figiúirí ar fud an domhain:
- 36.4 milliún dídeanaí i lár 2023 agus
- 62.5 milliún duine easáitithe ina dtír féin (mar gheall ar choinbhleacht) ag deireadh 2022.
Fíric le breithniú: ag deireadh 2021 is san Aontas a bhí cónaí ar níos lú ná 10% de dhídeanaithe an domhain, agus ní raibh ach sciar an-bheag de na daoine easáitithe ina dtír féin ina gcónaí san Aontas. Ag deireadh 2022, mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, mhéadaigh sciar na ndídeanaithe a raibh cónaí orthu san Aontas go breis agus 20%.
Ba dhídeanaithe iad 1.5 % den daonra iomlán san Aontas Eorpach.
Líon na ndídeanaithe i gcomparáid leis an daonra iomlán
Tá roinnt tíortha ar domhan a bhfuil líon mór dídeanaithe á óstáil acu:
Foinse: UNHCR
Nóta: Léirítear sa ghraf na deich dtír a dhéanann an líon dídeanaithe is mó a óstáil agus an tAontas Eorpach
Nóta: sonraí ó 2021
Cé gur minic a bhíonn an imirce neamhrialta i lár an aonaigh, is é fírinne an scéil gur iontrálacha neamhrialta é líon beag den imirce san Aontas.
In 2022, eisíodh a gcéad chead cónaithe do bheagnach 3.4 milliún duine san Aontas, i gcomparáid le 2.9 milliún in 2021, ar mó líon na gcéad cheadanna sin ná an líon a eisíodh roimh thús phaindéim COVID-19 (3.0 milliún in 2019). Tháinig méadú níos mó ná faoi dhó ar líon na gcéad cheadanna a d’eisigh an Ghearmáin (+190%), Málta (+164%) agus Éire (+146%) i gcomparáid le 2021. In 2022, bhí méadú mór ar leith ann i gcás ceadanna a bhaineann le tearmann (+60%) ach tháinig méadú bliain ar bhliain freisin ar líon na gceadanna a eisíodh don oideachais (+29%), ceadanna do theaghlaigh (+28%) agus ar chúiseanna eile (+47%). Ar an taobh eile, tháinig laghdú ar líon na gceadanna a eisíodh don obair i gcomparáid le 2021 (-6%). In 2022 is ar na cúiseanna seo a leanas a eisíodh na chéad cheadanna cónaithe:
Foinse: Eurostat; áirítear le ‘eile’ ceadanna a eisíodh ar mhaithe le cónaí amháin, ceadanna a eisíodh le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine agus le mionaoisigh neamhthionlactha, chomh maith le ceadanna a eisíodh ar gach cúis eile ar féidir ceadanna cónaithe a eisiúint lena haghaidh agus nach bhfuil cumhdaithe faoi na catagóirí eile
Na 10 náisiúntacht is mó dár eisíodh an chéad chead cónaithe sna Ballstáit in 2022
Foinse: Eurostat
Foinse: Eurostat
Na 15 náisiúntacht is mó a rinne iarratas céaduaire ar thearmann (2022)
Foinse: Eurostat
In 2022 tháinig iarrthóirí tearmainn ó thart ar 140 tír.
Rinneadh 958,800 iarratas, 877,800 iarratas céaduaire ina measc, san Aontas in 2022. Ba mhéadú 52 % é sin i gcomparáid le 2021 agus ba mhéadú 37% é le hais 2019, sula raibh COVID-19 ann.
Is as tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa atá sciar suntasach d’iarrthóirí (22 % de na hiarrthóirí céaduaire in 2022, méadú ó 15 % in 2021 de bhearr ardú ar líon na n-iarratasóirí as Meiriceá Laidineach). Tagann na hiarrthóirí sin isteach san Aontas go dlíthiúil agus is ó na tíortha seo a leanas an formhór acu:
- Veiniséala (5.7 % de na hiarratais chéaduaire uile)
- An Cholóim (4.8 %)
- An tSeoirsia (3.0%)
- An Úcráin (2.8 %)
- An Albáin (1.4 %)
- Is sna tíortha seo a leanas a rinneadh an mhórchuid de na hiarratais chéaduaire:
- An Ghearmáin (217,700)
- An Fhrainc (137,500)
- An Spáinn (116,100)
- An Ostair (109,800)
- An Iodáil (77,200)
- Le hais an daonra, is sna tíortha seo a leanas a rinneadh an líon is mó iarratas céaduaire ar thearmann in 2022:
- An Chipir (2,386 in aghaidh gach 100,000 áitritheoir)
- An Ostair (1,223)
- Lucsamburg (373)
Foinse: Eurostat
In 2022 bhí 237,600 de na daoine a bhí ag lorg tearmainn faoi 18 mbliana d’aois – agus ba pháistí neamhthionlactha iad beagnach an séú cuid acu (39,500). An líon ba mhó de na páistí neamhthionlactha sin, is ón Afganastáin, ón tSiria agus ón tSomáil a tháinig siad.
Sa chéad seacht mí de 2023, rinneadh 601,600 iarratas ar thearmann (556,200 iarratas céaduaire ina measc) san Aontas Eorpach. Is méadú 25% é sin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022, agus tá sé 52% níos airde freisin ná an tréimhse roimh COVID (an tréimhse chéanna in 2019).
Aitheantas do dhídeanaithe
In 2022, rinne na Ballstáit 632,400 cinneadh céadchéime maidir le tearmann. Cinneadh dearfach a bhí i 49 % de na cinntí sin:
- bronnadh stádas dídeanaí ar 143,000 duine,
- bronnadh stádas cosanta coimhdí ar 101,700 agus
- bronnadh stádas daonnúil ar 65,900.
Rinneadh 217,500 cinneadh deiridh eile tar éis achomhairc. Ina measc sin bhí:
- 27,000 cinneadh lenar bronnadh stádas dídeanaí,
- 17,500 cinneadh lenar bronnadh stádas cosanta coimhdí agus
- 28,600 cinneadh lenar bronnadh stádas daonnúil.
San iomlán, bhronn na Ballstáit cosaint ar thuairim agus 383,700 duine in 2022.
Sa chéad leath de 2023, tháinig méadú ar an ráta glactha: as 342,400 cinneadh céadchéime maidir le tearmann, bhí 53% acu dearfach, lena n-áirítear:
- 69,500 cinneadh lenar bronnadh stádas dídeanaí,
- 63,300 cinneadh lenar bronnadh stádas cosanta coimhdí agus
- 48,900 cinneadh lenar bronnadh stádas daonnúil.
Éifeachtacht an chórais tearmainn
- Riaráiste luaineach
Ag deireadh mhí Iúil 2023, bhí 955,200 iarratas ar thearmann ar feitheamh – 25 % níos mó ná an bhliain roimhe (764,100). Tá méadú ag teacht ar an riaráiste ó lár 2021. - Amanna próiseála éagsúla ó Bhallstát go chéile
Tá éagsúlachtaí móra idir cóimheas na gcásanna ar feitheamh agus na n-iarratas ar fud na mBallstát, rud a léiríonn na difríochtaí ó thaobh amanna próiseála de. De réir shonraí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA), ag deireadh mhí Iúil 2023, 48% de na hiarratais a bhí ar feitheamh ag an gcéad chéim, bhí siad ar feitheamh le breis agus sé mhí.
Líon na n-iarratas ar feitheamh i gcomparáid le líon iomlán na n-iarratas a cuireadh isteach sa mhí lena mbaineann
Foinse: Eurostat
- Rátaí aitheantais éagsúla i measc na mBallstát
I ngeall ar dhifríochtaí nach beag sna rátaí aitheantais i measc na mBallstát, tá dochar á dhéanamh go fóill do chóras tearmainn an Aontais. Mar shampla, in 2022 bhí ráta aitheantais céadchéime na saoránach Afganastánach ag an gcéad chéim (gan stádas daonnúil a chur san áireamh) idir 27% sa Ghearmáin agus 100% sa Phortaingéil agus sa Laitvia (níl san áireamh ach na Ballstáit a d’eisigh ar a laghad 100 cinneadh céadchéime do shaoránaigh Afganastánacha). - Rialacha Bhaile Átha Cliath sa chleachtas
In 2022 thuairiscigh na Ballstáit gur sheol siad 174,500 iarratas faoi rialacha Bhaile Átha Cliath chuig Ballstáit eile agus chuig tíortha eile atá rannpháirteach i gcóras Bhaile Átha Cliath chun freagracht a ghlacadh as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. As 158,200 cinneadh maidir le hiarratais den chineál sin, glacadh le 97,700 (62 %) díobh agus rinneadh 13,300 aistriú amach, is é sin 14 % de na hiarratais ar glacadh leo.
Athlonnú
In 2022 rinneadh thart ar 17,300 duine a raibh gá acu le cosaint idirnáisiúnta a athlonnú ó thíortha lasmuigh den Aontas chuig Ballstáit den Aontas, 6 % níos lú ná in 2021 ach 97 % níos mó ná in 2020.
Bá de náisiúntacht na Siria an líon is mó i bhfad de na daoine a athlonnaíodh (63%).
Faoi scéimeanna athlonnaithe comhpháirteacha de chuid an Aontais, tugadh cosaint san Aontas do 117,000 duine ó bhí 2015 ann. Ina theannta sin, tá breis agus 46,000 duine tagtha go dtí an tAontas faoin ligean isteach daonnúil ó bhí 2021 ann, Afganastánaigh a bhí i mbaol an chuid ba mhó acu. Faigheann na Ballstáit tacaíocht ó bhuiséad an Aontais le haghaidh athlonnuithe agus ligean isteach daonnúil.
Trasnuithe teorann neamhrialta
Figiúirí iomlána
Trasnuithe teorann neamhrialta go dtí an Aontas in 2023 de réir náisiúntachta (Eanáir-Lúnasa)
Foinse: Frontex
Eanáir-Meán Fómhair 2023:
- 281,872 trasnú teorann neamhrialta
Tháinig méadú 18% ar an líon sin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022
- 184,614 trasnú farraige in Eanáir-Meán Fómhair 2023
Méadú 83% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022
- 97,258 trasnú ag teorainneacha talún in Eanáir-Lúnasa 2023
Laghdú 30% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022
Dáileadh geografach
2022
- Méadú ar líon na dtrasnuithe ar bhealach na Meánmhara Láir (+56%, 105,600), ar bhealach na Meánmhara Thoir (+113%, 43,900) agus ar bhealach na mBalcán Thiar (+134 %, 144,100) le hais 2021.
- Laghdú ar líon na dtrasnuithe ar bhealach na Meánmhara Thiar (bealach an Atlantaigh ó Iarthar na hAfraice go dtí na hOileáin Chanáracha san áireamh) (-25 %, 30,600) agus ar na teorainneacha thoir (-22 %, 6,300) le hais 2021
- Méadú 18 % ar líon na mbásanna ar muir: Tuairiscíodh go bhfuair 2,411 dhuine bás nó go raibh siad ar iarraidh ar thrí bhealach na Meánmhara in 2022, le hais 2,047 in 2021
Eanáir-Lúnasa 2023
- Ag féachaint ar an tréimhse idir mí Eanáir agus mí Lúnasa, in 2023 tháinig méadú ar líon na dtrasnuithe ar bhealach na Meánmhara Láir (+97%, 114,900) agus na Meánmhara Thiar (lena n-áirítear bealach an Atlantaigh ón Afraic Thiar go dtí na hOileáin Chanáracha) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022
- Idir mí Eanáir agus mí Lúnasa 2023, tháinig laghdú ar líon na dtrasnuithe ar bhealach na Meánmhara Thoir (-9%, 25,400) agus na dteorainneacha Thoir (-9%, 3,800) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022
- Méadú 31% ar líon na mbásanna ar muir: Tuairiscíodh go bhfuair 2,418 duine bás nó go raibh siad ar iarraidh ar na trí bhealach sa Mheánmhara in Eanáir-Samhain 2023, i gcomparáid le 1,841 le linn na tréimhse céanna in 2022
Seo a leanas na tíortha náisiúntachta ba mhó a bhí ag na daoine ar ordaíodh dóibh an tAontas a fhágáil:
- An Ailgéir (7.9%)
- Maracó (7.1%)
- An Phacastáin (5.9%)
- An Afganastáin (5.8%)
- An Albáin (5.5 %)
Éifeachtacht an chórais um fhilleadh
In 2022 cuireadh 73,600 duine nár shaoránaigh den Aontas iad ar ais chuig tír nár Bhallstát í. Is ionann sin agus 17% de na cinntí um fhilleadh go léir a eisíodh le linn na bliana, ráta atá laghdaithe ó 18 % ar 2021.
Ar na tíortha tionscnaimh ba mhó a bhí ag na daoine a filleadh go tíortha lasmuigh den Aontas in 2022, bhí:
- An Albáin (12.9%)
- An tSeoirsia (10.2%)
- An Tuirc (5.4%)
- An tSeirbia (4.2%)
- An Mholdóiv (3.5%)
As measc na náisiúntachtaí lenar bhain 5,000 ordú um fhilleadh ar a laghad, bhí an ráta fillte an-íseal i gcás na ndaoine a tháinig ó na tíortha seo a leanas:
- An Afganastáin (1.1%)
- An tSiria (1.7%)
- An Cósta Eabhair (2.7%)
- An Ghuine (4.3%)
- An Bhanglaidéis (5.7%)
In 2022, ba é 54-46% an sciar den fhilleadh a bhí deonach nó éigeantach. Is filleadh cuidithe a bhí i gceist le 75% acu – fuair na daoine a filleadh cúnamh lóistíochta, cúnamh airgeadais agus/nó cúnamh ábhartha eile.
Sa chéad leath de 2023, ordaíodh do 217,100 saoránach nach saoránaigh den Aontas iad Ballstát den Aontas a fhágáil, agus cuireadh 38,900 duine ar an iomlán ar ais chuig tír nach tír den Aontas í tar éis ordú chun imeacht. I gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2021, tháinig méadú 16% agus 21% faoi seach ar líon na n-orduithe um fhilleadh agus ar líon na bhfilltí.
Víosaí gearrfhanachta
In 2022 fuair beagnach 1,700 consalacht de chuid na mBallstát 7.6 milliún iarratas ar víosaí gearrfhanachta ó dhaoine nár shaoránaigh den Aontas iad, méadú ón 2.9 milliún iarratas a fuarthas in 2021 ach laghdú 55% ar an líon a fuarthas in 2019.
San iomlán, eisíodh 5.9 milliún víosa gearrfhanachta agus diúltaíodh do 1.3 milliún, rud a d’fhág go raibh ráta diúltaithe 17.9 % ann (suas ó 13.4% ó 2021) ar fud an Aontais.
Is sna tíortha seo a leanas a rinneadh an mhórchuid de na hiarratais:
- An Tuirc (778,400)
- An Rúis (687,200)
- An India (671,900)
- Maracó (423,200)
- An Ailgéir (392,100)
Seo a leanas na tíortha a phróiseáil an líon ba mhó iarratas:
- An Fhrainc (1,918,500)
- An Spáinn (1,197,500)
- An Ghearmáin (1,043,300)
- An Iodáil (727,500)
- An Ghréig (459,100)
Is víosaí il-iontrála a bhí i 58% de na víosaí ar fad a eisíodh. Bíonn víosaí gearrfhanachta bailí le haghaidh taisteal ar fud na 26 thír atá i limistéar Schengen ar feadh tréimhse suas le 90 lá in aon tréimhse 180 lá.
An tAtlas ar an Imirce
Is é Lárionad Eolais an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hImirce agus Déimeagrafaíocht a d’eisigh an tAtlas ar an Imirce, mar atá, acmhainn idirghníomhach ina bhfuil sonraí comhchuibhithe, cothrom le dáta, bailíochtaithe maidir le stádas na himirce agus na déimeagrafaíochta sna 27 mBallstáit agus i 171 thír agus chríoch nach Ballstáit den Aontas iad.
Staidreamh Eorpach maidir leis an imirce agus an tearmann
Staidreamh Eorpach cothrom le dáta maidir leis na nithe seo a leanas:
- an imirce idirnáisiúnta
- an tearmann
- an imirce bhainistithe
- imircigh ar leanaí iad
- imeascadh na n-imirceach
agus tá eolas a bhaineann le hábhar ar fáil ar shuíomh gréasáin Eurostat.
Bailíonn Eurostat sonraí ó Údaráis Náisiúnta Staidrimh na mBallstát agus tíortha CSTE bunaithe ar rialacháin staidrimh a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Déantar dearbhú cáilíochta ar na sonraí agus na meiteashonraí gaolmhara i gcomhréir le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh agus déantar an Cód sin a nuashonrú go tráthrialta ag brath ar an mbailiú sonraí. Foilsítear torthaí staidrimh sna hailt ‘Statistics Explained’ agus i bhfoilseacháin eile.
Séanadh: Tá na sonraí thuas bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil, agus déantar iad a nuashonrú ar bhonn ráithiúil, an nuashonrú is déanaí: Deireadh Fómhair 2023