40 bliain le chéile Daichead bliain ó shin, chuaigh an Phortaingéil isteach san Aontas Eorpach – cloch mhíle a d’athraigh an tír agus an tAontas seo againne araon ó bhonn.Le ballraíocht san Aontas Eorpach, tugadh chun críche aistear na Portaingéile i dtreo an daonlathais agus cuireadh tús le ré nua rathúnais agus forbartha. Chuidigh sí chun geilleagar na Portaingéile a nuachóiriú, bonneagar ríthábhachtach a thógáil agus feabhas a chur ar oideachas, ar shláinte agus ar chaighdeáin mhaireachtála sa tír. Le daichead bliain anuas, tá an Phortaingéil ina tír oscailte iomaíoch réamhbhreathnaitheach.Tá an Phortaingéil níos láidre anois mar gheall ar an Aontas Eorpach. Agus tá feabhas curtha ag an bPortaingéil ar an Aontas seo againne. An dóigh ar athraigh an Phortaingéil an tAontas Eorpach Agus an Phortaingéil ina croílár, pobal níos láidre is ea an tAontas Eorpach atá bunaithe ar mhuinín, ar dhul chun cinn agus ar dhlúthpháirtíocht. Bhí ról lárnach ag an bPortaingéil maidir le comhtháthú agus teagmháil dhomhanda na hEorpa a neartú, cuidiú chun Conradh Liospóin a shainiú, agus fuinneamh nua a thabhairt dár gcomhpháirtíochtaí leis an Afraic agus le Meiriceá Laidineach. Tá a tiomantas buanseasmhach do luachanna Eorpacha, mar atá an daonlathas, an dlúthpháirtíocht agus an ceartas sóisialta, fós ina spreagadh don tionscadal Eorpach. An t-athrú a tháinig ar an bPortaingéil mar thoradh ar a ballraíocht san Aontas Breis agus 55,000Líon na mac léinn tríú leibhéal Portaingéalach a d’fhreastail ar ollscoileanna ar fud an Aontais a bhuí le Erasmus+ idir 2021 agus 2024Beagnach 200,000Líon na bhfeirmeoirí Portaingéalacha a fhaigheann tacaíocht ríthábhachtach trí bheartas talmhaíochta an Aontais gach bliainMéadú 131%ar fhíor-OTI na Portaingéile ó tháinig sí isteach san Aontas Breis fíoras agus figiúirí Baineann muintir na Portaingéile tairbhe as fás eacnamaíoch níos fearr ina saol; tháinig méadú ar an bhfostaíocht ó 4 mhilliún post in 1986 go 4.8 milliún in 2024.Is doimhne naisc trádála na Portaingéile ar fud an domhain mar gheall ar bhallraíocht san Aontas. Tháinig méadú ar easpórtálacha domhanda earraí ó €2.8 billiún in 1986 (7.3% de OTI) go €21.6 billiún in 2024 (7.6% de OTI).Ó 1986 i leith, tá maoiniú beagnach €3 bhilliún faighte ag taighdeoirí na Portaingéile ón gclár Fís Eorpach, rud a fhágann gur féidir le níos mó ná 7,000 taighdeoir Portaingéalach tionscadail a chur i gcrích a bhfuil tairbhí díreacha ag baint leo do shaoránaigh ar fud na hEorpa. Scéalta ratha Córais stórála fuinnimh níos glaise a thógáilA bhuí le tacaíocht ón Aontas, tá dlús á chur ag na hAsóir leis an úsáid a bhaineann siad as fuinneamh in-athnuaite trí chórais stórála fuinnimh nua a thógáil ar na hoileáin is mó. Cuireann na saoráidí sin ar chumas an réigiúin fuinneamh glan breise a stóráil (grianfhuinneamh agus gaoth), ionas gur féidir é a úsáid nuair a bhíonn éileamh ard ann nó nuair a bhíonn an táirgeadh íseal. Céim mhór atá ann i dtreo na hoileáin a dhéanamh níos neamhthuilleamaíche agus níos inbhuanaithe. Léirítear sa tionscadal freisin a thábhachtaí atá an nuálaíocht, rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara áitiúla, agus ailíniú le spriocanna aeráide an Aontais.Réitigh nuálacha chun truailliú plaisteach a laghdúTrí Thionscadal SeaFilm, tá bealach nua á fhorbairt ag Ollscoil Pholaiteicnice Leiria na Portaingéile chun éisc reoite a phacáistiú trí úsáid a bhaint as scannán inite in-bhithmhillte a dhéantar as algaí agus as eastóscáin feamainne. Is é an sprioc atá ann rogha mhalartach níos inbhuanaithe a chur in ionad scannán plaisteach aon úsáide, lena gcaomhnaítear cáilíocht go ceann tréimhse níos faide. Is tionscnamh é sin a bhfuil gealladh faoi agus a bhfuil an Phortaingéil ina ceannaire air chun an truailliú plaisteach a chomhrac san Eoraip.An Eoraip a idirnascadhÓ 2007 i leith, tá maoiniú tugtha ag an Aontas do bhreis agus 350 tionscadal iompair ar fud na Portaingéile, naisc iarnróid ardluais leis an Spáinn ina measc sin. Tá an taisteal á dhéanamh níos tapúla, níos glaise agus níos éifeachtúla mar gheall ar infheistíochtaí móra amhail líne ardluais Liospóin-Porto nó stráice iarnróid Bergara-San Sebastian-Bayonne ar Bhealach an Atlantaigh, rud a nascann an Phortaingéil, an Spáinn, an Fhrainc agus an Ghearmáin. Le déanaí, d’fhormheas an Coimisiún Eorpach pleananna chun nasc ardluais idir Maidrid agus Liospóin a chur i gcrích, rud a chuirfear i gcrích faoi 2034.Dlúthpháirtíocht na Portaingéile ar obairD’oibrigh an Phortaingéil go dlúth le Ballstáit eile den Aontas chun cúnamh éigeandála a chur ar fáil tríd an Sásra um Chosaint Shibhialta ó bunaíodh é in 2001. Ó 2016 i leith, tá an sásra gníomhachtaithe ag an bPortaingéil 14 huaire, go háirithe le linn na séasúr dóiteáin foraoise a bhí ann le déanaí. I mí Mheán Fómhair 2024, sheol roinnt tíortha de chuid an Aontais 11 eitleán comhraic dóiteáin san iomlán chun cabhrú leis an bPortaingéil. Naisc ghaolmhara An Phortaingéil – próifíl tíreMéadú: an dóigh a n-oibríonn sé
Daichead bliain ó shin, chuaigh an Phortaingéil isteach san Aontas Eorpach – cloch mhíle a d’athraigh an tír agus an tAontas seo againne araon ó bhonn.Le ballraíocht san Aontas Eorpach, tugadh chun críche aistear na Portaingéile i dtreo an daonlathais agus cuireadh tús le ré nua rathúnais agus forbartha. Chuidigh sí chun geilleagar na Portaingéile a nuachóiriú, bonneagar ríthábhachtach a thógáil agus feabhas a chur ar oideachas, ar shláinte agus ar chaighdeáin mhaireachtála sa tír. Le daichead bliain anuas, tá an Phortaingéil ina tír oscailte iomaíoch réamhbhreathnaitheach.Tá an Phortaingéil níos láidre anois mar gheall ar an Aontas Eorpach. Agus tá feabhas curtha ag an bPortaingéil ar an Aontas seo againne.