De réir mar a théann an Eoraip trí aistrithe móra, cuir i gcás an t-aistriú glan, an t-aistriú digiteach, agus an t-aistriú déimeagrafach, tá sé níos tábhachtaí ná riamh infheistíocht a dhéanamh sa tsócmhainn is mó atá aici, muintir na hEorpa. Beidh buiséad fadtéarmach an Aontais ríthábhachtach chun cearta sóisialta a chur chun cinn.
Trí infheistíochtaí spriocdhírithe, tacóidh sé leis na rudaí seo a leanas:
- poist ar ardchaighdeán
- cuimsiú sóisialta
- oideachas agus scileanna
- tithíocht inacmhainne agus bonneagar sóisialta.
Is éard atá i gceist le hinfheistíocht a dhéanamh i ndaoine freisin tacú le rannpháirtíocht dhaonlathach agus spás sibhialta bríomhar, chomh maith le saoirse ealaíonta agus chultúrtha a chosaint. Leanfaidh an buiséad fadtéarmach d’infheistíocht a dhéanamh i réimsí na scileanna, an chultúir, na meán agus na luachanna.

Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 15 Eanáir 2026
