Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach

Is é an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach an tríú comhaontú a caibidlíodh le linn na hidirthréimhse, i dteannta leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe agus leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Slándáil Faisnéise. Tá feidhm shealadach aige amhail ón 1 Eanáir 2021.

Déantar foráil ann maidir le comhar leathan i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach, a bhfuil gealltanais ó Euratom agus ón Ríocht Aontaithe go gcomhlíonfaidh siad na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le neamhleathadh agus go gcloífidh siad le hardchaighdeáin maidir le sábháilteacht núicléach mar bhonn taca leis.

An méid a éascaítear leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach

  • ábhar núicléach, ábhar neamhnúicléach, teicneolaíocht agus trealamh a sholáthar agus a aistriú;
  • comhar trádála agus tráchtála a bhaineann le timthriall an bhreosla núicléach;
  • comhar maidir le bainistiú sábháilte breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí;
  • sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht;
  • raidiseatóip agus radaíocht a úsáid sa talmhaíocht, sa tionsclaíocht agus sa leigheas;
  • taiscéalaíocht gheolaíoch agus gheoifisiceach;
  • acmhainní úráiniam a fhorbairt, a tháirgeadh, a phróiseáil a thuilleadh agus a úsáid.

Fágann an Comhaontú gur féidir leanúint den chomhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i gCóras an Chomhphobail Eorpaigh don Mhalartú Faisnéise i gCás Éigeandáil Raideolaíoch (ECURIE) nó san Ardán Eorpach um Malartú Sonraí Raideolaíocha (EURDEP). Leis sin, cuirfear fógra luath agus faisnéis raideolaíoch ar fáil do Bhallstáit an Aontais agus don Ríocht Aontaithe, i gcás timpistí núicléacha. Ina theannta sin, fágfaidh sé go mbeifear in ann freagairt mhear chomhordaithe a thabhairt ar éigeandálaí núicléacha trí shonraí fíor-ama a chomhroinnt.

Ar deireadh, leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis an gcomhar i ndáil le húsáid shábháilte agus shíochánta an fhuinnimh núicléach, cumhdaítear gealltanas soiléir ón dá pháirtí gan a gcaighdeáin reatha maidir le sábháilteacht núicléach a laghdú, chomh maith le gealltanas comhpháirteach comhar idirnáisiúnta a dhéanamh chun cur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht núicléach a chinntiú, agus chun feabhsú na gcaighdeán sin a chur chun cinn.

  • 30 AIBREÁN 2021
An Comhaontú um Ghnóthaí Núicléacha Sibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (gach teanga)