Is uirlis thábhachtach comhair i gcónaí é malartú faisnéise rúnaicmithe idir comhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí comhchoiteanna slándála.
Má bhíonn gá leis, de dheasca bagairt chomhpháirteach slándála, is féidir faisnéis rúnaicmithe áirithe de chuid an Aontais a roinnt le tríú tíortha, ar bhonn cás ar chás amháin, agus ar choinníoll go bhfuil Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise (SIA) tiomnaithe tugtha i gcrích idir an tAontas agus tríú tír.
I bhfianaise an mhéid sin, tá an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis Comhaontú maidir le Slándáil Faisnéise a thabhairt i gcrích. Leis an gComhaontú, beidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in ann faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, agus cuirfear gealltanais láidre i bhfeidhm maidir le láimhseáil agus cosaint na faisnéise malartaithe.
Tá feidhm shealadach ag an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le Slándáil Faisnéise ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann, tar éis d’idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe teacht ar chomhaontú ina leith an 24 Nollaig 2020.
- български
- español
- čeština
- dansk
- Deutsch
- eesti
- ελληνικά
- English
- français
- hrvatski
- italiano
- latviešu
- lietuvių
- magyar
- Malti
- Nederlands
- polski
- português
- română
- slovenčina
- slovenščina
- suomi
- svenska