An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag an intleacht shaorga (IS) ar an eolaíocht agus ar an gcaoi a n-oibríonn gnólachtaí, agus tá seirbhísí poiblí á n-athmhúnlú aici. De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an intleacht shaorga, is féidir níos mó buntáistí a chur ar fáil léi do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hEorpa.
Tá an tAontas tiomanta a bheith ar na ceannairí domhanda san intleacht shaorga feasta. Chun é sin a bhaint amach, táimid ag cur tionscnaimh i bhfeidhm a bhaineann leas as acmhainneacht neamhshaothraithe ár dtaighdeoirí agus ár dtionscal agus a thacaíonn le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha.
Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach gur athrú chun feabhais a bheidh san intleacht shaorga. Sin an fáth a bhfuilimid ag obair chun intleacht shaorga iontaofa a fhorbairt san Eoraip. Intleacht shaorga a thugann tús áite do dhaoine agus a chosnaíonn ár gcearta bunúsacha.

Fíricí agus figiúirí
Réimsí gníomhaíochta
An chéad dlí domhanda maidir leis an intleacht shaorga, rioscaí a bhainistiú agus borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa
Bealach a leagan síos chun ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip san intleacht shaorga iontaofa
Iomaíochas na n-earnálacha straitéiseacha a fheabhsú
Moil ina dtugtar an ríomhaireacht, na sonraí agus an tallann le chéile le haghaidh IS iontaofa
An tAontas ar thús cadhnaíochta sa taighde agus sa nuálaíocht eolaíoch atá á stiúradh leis an intleacht shaorga
Tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha agus iad ag forbairt IS iontaofa
Na príomhrudaí atá bainte amach
- In 2024 chuir an tAontas an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach ar domhan maidir le IS i bhfeidhm, is é sin an Gníomh um an Intleacht Shaorga, lena leagtar síos na caighdeáin le haghaidh IS iontaofa agus dhuinelárnach. Chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go rianúil é, sheol an Coimisiún Deasc Freastail an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus Ardán Faisnéise Aonair an Ghnímh um an Intleacht Shaorga i mí Dheireadh Fómhair 2025.
- Bunaíodh an Oifig Eorpach Intleachta Saorga i mí na Bealtaine 2024 chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhleanúnach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a chinntiú, agus chun forbairt agus glacadh theicneolaíochtaí IS san Eoraip a chur chun cinn freisin.
- Tar éis phacáiste nuálaíochta IS 2024, tá tús curtha leis an obair ar 19 monarcha IS ar fud 16 Bhallstát, agus meastar go mbeidh a bhformhór sin ag feidhmiú faoi dheireadh 2026. Leis na monarchana IS sin, tabharfar le chéile sár-ríomhairí de chuid an Aontais, acmhainní móra sonraí, saoráidí oiliúna, ollscoileanna, gnólachtaí nuathionscanta agus caipiteal daonna chun timpeallacht nuálaíochta chumhachtach a chruthú a sháraíonn teorainneacha na teicneolaíochta. An tráth céanna, neartóidh 13 aeróg monarchan IS chomhlántacha éiceachórais intleachta saorga náisiúnta agus leathnóidh siad rochtain ar acmhainní sár-ríomhaireachta IS-bharrfheabhsaithe ar fud na hEorpa.
- Dhréachtaigh saineolaithe neamhspleácha an Cód Cleachtais um IS ilchuspóireach chun cuidiú leis an tionscal cloí le ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ó thaobh IS ilchuspóireach de. D’fhaomh an Coimisiún an cód sin agus spreagann sé na heagraíochtaí cloí leis mar léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais.
Sa spotsolas
Ón 2 Lúnasa 2026, tá rialacha nua maidir le trédhearcacht na gcóras intleachta saorga i bhfeidhm san Aontas. Cuidíonn siad le daoine a aithint nuair is ag idirghníomhú leis an intleacht shaorga atá siad nó nuair atá ábhar a ghintear leis an intleacht shaorga ós a gcomhair. Ní mór ábhar áirithe a ghintear leis an intleacht shaorga nó a ionramháiltear léi a lipéadú go soiléir feiceálach anois agus marcanna meaisín-inléite a chur leis lena léirítear gur cruthaíodh nó gur athraíodh an t-ábhar leis an intleacht shaorga. Cuimsítear leis sin domhainbhrionnuithe, uirlisí aitheanta mothúchán agus catagóirithe bhithmhéadraigh, agus téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail i gcás nach ndearnadh aon athbhreithniú daonna ná rialú eagarthóireachta.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 14 Lúnasa 2026