Page contents Page contents Tá an Gradam don Chathair is Inrochtana á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas ó bhí 2010 ann, chun aitheantas a thabhairt do chathracha an Aontais a thugann tús áite don inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.Is ileochair í an inrochtaineacht a osclaíonn an doras do sheirbhísí, d’fhoirgnimh agus do spásanna na cathrach, ionas gur féidir le daoine faoi mhíchumas a bheith ar thús cadhnaíochta ina saol féin, maireachtáil go neamhspleách agus páirt iomlán a ghlacadh sa phobal.Is príomhghníomhaithe iad cathracha chun inrochtaineacht a chinntiú, ó tharla go mbíonn tionchar díreach acu ar ár saol laethúil agus ar ár riachtanais mar shaoránaigh. Féadtar ‘cathair inrochtana’ a thabhairt ar chathair inar féidir le daoine faoi mhíchumas na nithe seo a dhéanamh:dul timpeall na sráideanna agus tairbhe a bhaint as limistéir phoiblí, cuir i gcás páirceanna agus clóis súgartha.dul isteach i bhfoirgnimh phoiblí, cuir i gcás ospidéil, hallaí baile, leabharlanna agus hallaí spóirt.an bus, an tram agus an meitreo a fháil chun dul ag obair nó bualadh le cairde.cumarsáid a dhéanamh leis an riarachán áitiúil go pearsanta, ar an bhfón nó ar líne.eolas a fháil ar bhealaí is féidir leo a léamh agus a thuiscint. An Gradam don Chathair is Inrochtana 2026 Tá an tréimhse iarratais don Ghradam don Chathair is Inrochtana 2026 ar oscailt anois!An tusa ceannaire cathrach nua an Aontais maidir le hinrochtaineacht? Faigh tuilleadh eolais thíos faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar an 16ú heagrán den Ghradam don Chathair is Inrochtana.Fógrófar na buaiteoirí an 4-5 Nollaig 2025 ag searmanas bronnta le linn na comhdhála maidir le Lá Eorpach na nDaoine faoi Mhíchumas a eagraíonn an Coimisiún Eorpach in éineacht leis an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas.Le 15 bliana anuas, tá an gradam bronnta ar 73 chathair, agus 15 chathair díobh sin, is é duais na chéad áite a bhuaigh siad. Ba í Vín na hOstaire an chathair is déanaí ar ar bronnadh an gradam mór le rá. Conas iarratas a dhéanamh Tá an tréimhse iarratais ar oscailt go dtí an 9 Meán Fómhair 2025, 23:59 Am Samhraidh Lár na hEorpa (GMT+ 2). Ní mór iarratais a chur isteach go leictreonach tríd an ardán iarratais ar líne ag: https://access-city-award.ec.europa.eu/node/add/application.Chun go n-éireoidh leis na cathracha is iarrthóirí a n-iarratas a chur isteach, léigh Rialacha an Chomórtais agus an Nóta Treorach d’iarratasóirí in éineacht leis an bhFoirm iarratais.Tá doiciméid uile an chomórtais le fáil ar an ardán iarratais ar líne. Na Gradaim Ní mór do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur chuige comhleanúnach maidir le hinrochtaineacht agus fís uaillmhianach a léiriú chun dul i ngleic le hinrochtaineacht sa chathair.Beidh duais airgid ag dul don chathair is buaiteoir agus do na cathracha a bhain an dara agus an tríú háit amach:An chéad áit: €150,000An dara háit: €120,000An tríú háit: €80,000I mbliana, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach freisin Moladh Speisialta don Inrochtaineacht Tithíochta a bhronnadh ar chathair atá ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim tithíochta agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas á cinntiú ag an am céanna.Féadfaidh Príomh-Mholtóirí an Aontais cinneadh a dhéanamh Moltaí Speisialta eile a bhronnadh má tá cathracha ann a bhfuil obair eisceachtúil déanta acu i bpríomhréimse inrochtaineachta ar leith, sa chomhthéacs reatha agus i dtionscnaimh inrochtaineachta ghaolmhara na gcathracha, nó i gcás buaicphointí sonracha eile a luaitear sna hiarratais. Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh? Tá an Gradam don Chathair is Inrochtana oscailte dogach cathair san Aontas ina bhfuil níos mó ná 50,000 áitritheoirceantair uirbeacha ina bhfuil dhá bhaile nó níos mó agus ina bhfuil daonra iomlán níos mó ná 50,000 duine, más i dtíortha de chuid an Aontais atá siad ina bhfuil níos lú ná 2 chathair ina bhfuil cónaí ar os cionn 50,000 duine Próiseas meastóireachta agus dámhachtana Tá an próiseas roghnúcháin roinnte ina dhá chéim: an réamhroghnú ar an leibhéal náisiúnta agus an roghnú deiridh ar an leibhéal Eorpach.Cuireann na moltóirí náisiúnta i ngach tír dhá chathair ar a mhéad ar ghearrliosta. Roghnaíonn na Príomh-Mholtóirí Eorpacha na buaiteoirí as measc na n-iarrthóirí réamhroghnaithe.Breithníonn na moltóirí na bearta inrochtaineachta atá déanta agus atá beartaithe sna réimsí seo a leanas:an timpeallacht thógtha agus spásanna poiblían córas iompair agus an bonneagar a bhaineann leisfaisnéis agus cumarsáid, teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide san áireamhsaoráidí agus seirbhísí poiblíeiseamláirí den scoth d’inrochtaineacht tithíochta (don Mholadh Speisialta) Amlíne Meitheamh 2025Seoladh an chomórtais9 Meán Fómhair 2025, 23:59 Am Lár na hEorpaSprioc‑am le haghaidh iarrataisMí na Samhna 2025Fógra faoi na cathracha a bhain an babhta ceannais amach4-5 Nollaig 2025An buaiteoir, na buaiteoirí tánaisteacha agus an Moladh nó na Moltaí Speisialta le fógairt ag an searmanas bronnta, le linn na comhdhála ‘Lá Eorpach na nDaoine faoi Mhíchumas’ Cad chuige an Gradam don Chathair is Inrochtana? Tá níos mó ná 100 milliún duine faoi mhíchumas san Aontas. Is tosaíocht é rochtain ar a gcearta agus saoirsí bunúsacha a chinntiú, i gcomhréir leis an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 (https://europa.eu/!wvxx9P) agus le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas. Ina theannta sin, is sochaí uirbeach í an Eoraip anois, ós rud é go bhfuil cónaí ar sheachtar as deichniúr saoránach den Aontas i mbailte agus cathracha.Is eiseamláir thábhachtach an gradam seo fós den chaoi a n-oibríonn an Coimisiún agus leibhéil rialtais eile as lámh a chéile chun an tiomantas seo do shaoránaigh faoi mhíchumas a fhíorú ar fud an Aontais.Is tionscnamh é an Gradam don Chathair is Inrochtana a dhéanann na nithe seo a leanas:aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí atá á ndéanamh ag cathracha chun a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.rochtain chomhionann ar an saol uirbeach a chur chun cinn le haghaidh daoine faoi mhíchumasna húdaráis áitiúla chumasú chun a ndea-chleachtais a chur chun cinn agus a roinnt Scaip an scéal Tá do thacaíocht ag teastáil uainn. Scaip an scéal ar na meáin shóisialta le #EUAccessCity agus liostáil dár nuachtlitir: https://europa.eu/!rFtHrk Faigh inspioráid ó na buaiteoirí roimhe seo Cuir eolas ar na cathracha atá ar thús cadhnaíochta maidir le hinrochtaineacht san Aontas Eorpach!Aimsigh buaiteoirí an Ghradaim don Chathair is Inrochtana roimhe seo ar an liosta seo: https://europa.eu/!wmNW4PAgus faigh amach cén fáth ar bhuaigh siad achFéachaint ar a bhfíseáin mar bhuaiteoirí: https://europa.eu/!KmC4KVAn bróisiúr bliantúil a léamh ina dtiomsaítear a ndea-chleachtais uile maidir le hinrochtaineacht: https://europa.eu/!BJ3BQfFéachaint ar bhuaicphointí an tsearmanais bronnta: https://europa.eu/!VYcpXM Déan teagmháil linn Má bhíonn ceisteanna agat a bhaineann leis an nGradam don Chathair is Inrochtana nó le fadhbanna teicniúla nó clárúcháin, déan teagmháil le Rúnaíocht ACA ag secretariataccesscityaward [dot] eu (secretariat[at]accesscityaward[dot]eu) agus leis an gCoimisiún Eorpach ag: EMPL-EDPD-ACAec [dot] europa [dot] eu (JUST-EDPD-ACA[at]ec[dot]europa[dot]eu). An nuacht ghaolmhar Alt nuachta2 Nollaig 2025An chaint faoi mhíchumas: Lá idirnáisiúnta na ndaoine faoi mhíchumasAm léitheoireachta: 4 nóiméadAlt nuachta21 Márta 2024Comóradh a dhéanamh ar an Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a DhíothúAm léitheoireachta: 1 nóiméadAlt nuachta3 Nollaig 2023Deireadh a chur leis an idirdhealú: Lá idirnáisiúnta na ndaoine faoi mhíchumas Am léitheoireachta: 2 nóiméadFéach na Imeachtaí gaolmhara Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEuropean Day of Persons with Disabilities 2025Déardaoin, 4 Nollaig 2025, 09.00 - Dé hAoine, 5 Nollaig 2025, 13.00 (GMT+0000)BelgiumComhdhálacha agus cruinnithe mullaighRaising awareness of the potential of people with disabilities in social and professional lifeDé hAoine, 28 Márta 2025, 09.00 - 11.28 (GMT+0000)Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEuropean Day of Persons with Disabilities 2024Déardaoin, 28 Samhain 2024, 10.00 - Dé hAoine, 29 Samhain 2024, 19.00 (GMT+0000)Brussels, Belgium Naisc ghaolmhara Gradam don Chathair Rochtana 2023 Samplaí den dea-chleachtas maidir le cathracha an Aontais a dhéanamh níos inrochtana
Alt nuachta2 Nollaig 2025An chaint faoi mhíchumas: Lá idirnáisiúnta na ndaoine faoi mhíchumasAm léitheoireachta: 4 nóiméad
Alt nuachta21 Márta 2024Comóradh a dhéanamh ar an Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a DhíothúAm léitheoireachta: 1 nóiméad
Alt nuachta3 Nollaig 2023Deireadh a chur leis an idirdhealú: Lá idirnáisiúnta na ndaoine faoi mhíchumas Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEuropean Day of Persons with Disabilities 2025Déardaoin, 4 Nollaig 2025, 09.00 - Dé hAoine, 5 Nollaig 2025, 13.00 (GMT+0000)Belgium
Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighRaising awareness of the potential of people with disabilities in social and professional lifeDé hAoine, 28 Márta 2025, 09.00 - 11.28 (GMT+0000)
Comhdhálacha agus cruinnithe mullaighEuropean Day of Persons with Disabilities 2024Déardaoin, 28 Samhain 2024, 10.00 - Dé hAoine, 29 Samhain 2024, 19.00 (GMT+0000)Brussels, Belgium