Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí Eorpacha le linn na paindéime

Tacaíocht a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha

Is cuid riachtanach de gheilleagair náisiúnta iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tacaíocht a thabhairt dóibh, tá sin mar chuid de phacáiste cuimsitheach atá curtha le chéile ag an gCoimisiún agus ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Tá €1 bhilliún ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha curtha ar fáil ag an gCoimisiún, suim a bheidh mar ráthaíocht don Chiste Eorpach Infheistíochta chun bainc áitiúla agus iasachtóirí eile a dhreasú le leachtacht a chur ar fáil le haghaidh ar a laghad 100,000 gnólacht san Eoraip.

An 6 Aibreán d’fhógair an Coimisiún go gcuirfí maoiniú dar luach measta €8 mbilliún ar fáil chun fóirithint airgeadais a sholáthar láithreach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud an Aontais. I mí na Nollag 2020 chinn an Coimisiún go raibh sé i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le státchabhair Ciste Ráthaíochta uile-Eorpach dar luach €25 bhilliún a chruthú faoi bhainistíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun tacú le cuideachtaí atá buailte ag ráig an choróinvíris. Meastar go slógfaidh an Ciste suas le €200 billiún de mhaoiniú breise chun tacú le gnólachtaí atá buailte ag ráig an choróinvíris sna Ballstáit rannpháirteacha.

Samplaí den tacaíocht

An Bhulgáir

An 6 Deireadh Fómhair 2020 shínigh an Ciste Eorpach Infheistíochta agus Raiffeisenbank comhaontú ráthaíochta dar luach €10 milliún chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide, idir phríobháideach agus phoiblí, in earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na Bulgáire.

Faoin gcomhaontú, déantar iasachtaí a bhfuil téarmaí agus coinníollacha níos fearr ag gabháil leo a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá thíos le géarchéim an choróinvíris, rud a chuidíonn leo poist a choinneáil.

An Danmhairg, an tSualainn, an Iorua, an Fhionlainn agus an Íoslainn

An 1 Feabhra 2021, shínigh an Ciste Eorpach Infheistíochta agus REinvent Finance, ar cuideachta as an Danmhairg í a sholáthraíonn maoiniú malartach, comhaontú ráthaíochta chun maoiniú nua a chur ar fáil d’oibreoirí in earnáil na scannánaíochta Nordaí agus in earnáil na sraitheanna teilifíse Nordacha a bhfuil deacrachtaí acu i ngeall ar phaindéim an choróinvíris. Leis an gcomhaontú, ag a bhfuil tacaíocht faighte ón gCoimisiún Eorpach faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta agus faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, tá ráthaíocht dar luach €26 mhilliún san iomlán á beartú lena dtacófar le 60 idirbheart in earnáil na scannánaíochta agus na teilifíse sa Danmhairg, sa tSualainn, san Iorua, san Fhionlainn agus san Íoslainn, rud a chuideoidh chun ábhar cruthaitheach Nordach a scaipeadh. Is trí iasachtaí maoiniúcháin idirlinne, íosráthaíochtaí agus iasachtaí forbartha ábhair a chuirfear an maoiniú ar fáil tríd an soláthraí maoiniúcháin.

An Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Fhionlainn

An 14 Deireadh Fómhair 2020, a bhuí le ráthaíocht €6 mhilliún ón gCiste Eorpach Infheistíochta, cuireadh tacaíocht airgeadais i leataobh freisin le haghaidh FBManna ó earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eastóin, sa Laitvia, sa Liotuáin agus san Fhionlainn.

Tá an ráthaíocht sin ar an gcéad cheann ó Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta sna tíortha sin, agus bronnadh í ar an iasachtóir Eastónach, Finora Capital, ar cuideachta lándigiteach í a sholáthraíonn maoiniú malartach.

Faoin scéim sin tugtar rochtain do chuideachtaí ar iasachtaí níos inacmhainne, agus cuirtear ar chumas Finora Capital an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • táirge nua a fhorbairt a bheidh ag teacht le riachtanais shonracha fiontar beag agus meánmhéide in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta
  • inniúlachtaí a fhorbairt i dtaca le maoiniú na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta
  • leathnú isteach i margaí nua.

Fuair na comhaontuithe tacaíocht ó Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta, ar saoráid de chuid an Choimisiúin í, agus ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.

An 31 Márta 2021 mhol an Coimisiún freisin €4.5 milliún a úsáid ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tacú le breis agus 5,000 oibrí turasóireachta nó féinfhostaithe san Eastóin a bhfuil a bpost caillte acu.

An Fhrainc

An 7 Eanáir 2021 shínigh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus BNP Paribas comhaontú tacaíochta urrúsúcháin chun tacú le cuideachtaí beaga, meánmhéide agus meánchaipitlithe sa Fhrainc a ndearna paindéim an choróinvíris difear dóibh.

Leis an gcomhaontú sin, a rinneadh faoi chuimsiú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, cuirtear ar chumas BNP Paribas iasachtaí nua dar luach €515 mhilliún a úsáid don chéad dá bhliain eile, chun freastal ar riachtanais sreafa airgid agus téarnaimh infheistíochta na dtairbhithe.

An Ghearmáin

An 30 Meán Fómhair 2020 d’aontaigh Grúpa BEI, ina bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Infheistíochta, le Commerzbank i dtaca le scéim iasachta fhabhrach nua lena gcuirfear suas le €500 milliún ar fáil do FBManna sa Ghearmáin.

Is é is aidhm don mhaoiniú sin maolú a dhéanamh ar thionchar na géarchéime ar ghnólachtaí beaga, agus cuirfidh sé ar a gcumas do chuideachtaí beaga agus meánchaipitlithe agus do dhaoine aonair féinfhostaithe leanúint de bheith ag feidhmiú. Tacaítear leis an méid sin ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, arb é an colún láir é sa Phlean Infheistíochta don Eoraip, ina bhfuil Grúpa BEI agus an Coimisiún Eorpach ina gcomhpháirtithe straitéiseacha.

An Ungáir

An 10 Márta 2021 shínigh an Ciste Eorpach Infheistíochta comhaontú ráthaíochta le Magyar Vállalkozásfejlesztési Alapítvány maidir le tacaíocht dar luach €8.2 milliún a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide na hUngáire san earnáil chultúir agus chruthaitheach, chun poist a choinneáil agus chun dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch. Leis an gcomhaontú, ag a bhfuil tacaíocht faighte ón gCoimisiún Eorpach faoi Shaoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta agus faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, féadfaidh an tairbhí méadú a dhéanamh ar a acmhainn chun iasacht a thabhairt do ghnólachtaí, agus cuidítear le fiontair bheaga na meán rochtain níos fearr a fháil ar mhaoiniú.

An Iodáil

An 19 Deireadh Fómhair 2020 chomhaontaigh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta €490 milliún a sholáthar do Alba Leasing, speisialtóir leasúcháin san Iodáil, mar chuid d'oibríocht mhaoiniúcháin urrúsúcháin, rud a chuirfidh acmhainní airgeadais nua dar luach €1 bhilliún ar fáil do chuideachtaí beaga, meánmhéide agus meánchaipitlithe san Iodáil.

Leis an oibríocht sin, beifear in ann suas le 100% d'infheistíochtaí agus tionscadail nua a mhaoiniú sna hearnálacha eacnamaíocha uile, le béim ar leith ar infheistíochtaí sa chomhshaol. Tuairim agus 8,000 FBM ar fud na hIodáile, gheobhaidh siad tacaíocht dá dtionscadail infheistíochta chun cuidiú leo téarnamh ón ngéarchéim eacnamaíoch a tharla i ngeall ar an bpaindéim agus tacú leo lena n-aistriú glas.

Málta

An 21 Nollaig 2020 shínigh an Coimisiún comhaontú le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Rialtas Mhálta chun an maoiniú atá ar fáil faoin Tionscnamh FBM a mhéadú sa tír, lena mbainfear úsáid as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, as clár Fís 2020 agus as cistí grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i dteannta a chéile.

Leis an gcomhaontú sin, cuireadh €28 milliún breise ar fáil chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a mhaoiniú faoi théarmaí tairbhiúla, ar nós laghdú ar na rátaí úis agus ceanglais chomhthaobhachta fheabhsaithe, rud a mhéadaíonn an punann sprice maoinithe i Málta go dtí €118 milliún.

An Rómáin

An 1 Feabhra 2021, leis an gcéad chomhaontú comhair idir Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Deutsche Leasing na Rómáine, cuireadh maoiniú earnála príobháidí dar luach €370 milliún ar fáil chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud na Rómáine a ndearna an phaindéim difear dóibh le go bhféadfaidís tairbhe a bhaint as léasú airgeadais níos saoire. Tá ráthaíocht faighte ag an tionscnamh faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, agus tá sé d’aidhm aige maoiniú a mhéadú le haghaidh infheistíochtaí talmhaíochta agus trealaimh, tacaíocht a thabhairt d’iasachtaithe i gceantair thuaithe agus i réigiúin lagfhorbartha, agus ionstraim mhalartach a chur ar fáil le haghaidh bainistiú caipitil. Cuid d’fhreagairt earnála príobháidí Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta is ea é an tionscnamh, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar athléimneacht ghnólachtaí na Rómáine i leith na dtionchar eacnamaíoch, sóisialta agus sláinte atá ag paindéim an choróinvíris.

An Spáinn

An 20 Deireadh Fómhair 2020 chomhaontaigh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Banco Santander na Spáinne maoiniú breise ar théarmaí fabhracha d'fhiontair bheaga, mheánmhéide agus mheánchaipitlithe a ndearna paindéim an choróinvíris difear dóibh.

Le tacaíocht ó phríomhcholún an Phlean Infheistíochta don Eoraip, is é sin an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, chuir an comhaontú breis agus €900 milliún i leataobh chun tacú le téarnamh ghnólachtaí na Spáinne. Díríodh an maoiniú go sonrach ar infheistíochtaí sa nuálaíocht, sa digitiú agus sa mhaolú ar an athrú aeráide agus san oirniú lena aghaidh.

Ina theannta sin, thug an Banc Eorpach Infheistíochta €270 milliún faoi thrí chomhaontú do Banca March, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chuideachtaí Spáinneacha a ndearna an phaindéim difear dóibh. Tá ceann de na comhaontuithe sin ar an gcéad chomhaontú a fuair tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta faoin gCiste Ráthaíochta Uile-Eorpach agus cuireann ceann eile díobh ráthaíocht €70 milliún ar fáil do Banca March faoin gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. Leis na comhaontuithe sin, féadtar breis agus €570 milliún a shlógadh chun an téarnamh eacnamaíoch a chur chun cinn sa Spáinn.

An 31 Márta 2021 chuaigh an Banc Eorpach Infheistíochta i gcomhar le Banco de Sabadell chun cur lena n-inniúlachtaí iasachtaí a thabhairt d’fhiontair bheaga, mheánmhéide agus mheánchaipitlithe. Chuir an Banc Eorpach Infheistíochta maoiniú dar luach €300 milliún i leataobh lena gcuirfear ar chumas an bhainc Spáinnigh €600 milliún san iomlán a shlógadh thar an dá bhliain atá le teacht. Tá tacaíocht ag an ranníocaíocht sin ó ráthaíocht ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, príomhcholún an Phlean Infheistíochta don Eoraip.

An 27 Aibreán 2021 d’fhógair an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, atá mar chuid de Phlean Infheistíochta an Aontais i gcomhair na hEorpa, scéim dar luach €50 milliún chun tacú le Santander Asset Management maoiniú fadtéarmach nua a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa Spáinn agus sa Phortaingéil. Tá sé d’aidhm ag an maoiniú réitigh mhaoiniúcháin mhalartacha a chur ar fáil do chuideachtaí trí shaoráidí léasaithe agus ar an dóigh sin tacú leo an ghéarchéim a sheasamh agus dul i mbun a ngníomhaíocht eacnamaíoch an athuair.