Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Tá do ghuth tábhachtach

Cuir tú féin in iúl

Cosnaíonn an tAontas na nithe is tábhachtaí, do cheart chun do thuairimí a chur in iúl, chun éisteacht a fháil agus chun cur le cinntí a dhéanann difear duit.

I áiteanna áirithe ar domhan, d’fhéadfaí fíneáil nó téarma phríosúnachta a ghearradh ort as scéal grinn a insint go poiblí. san Aontas, tá cead cainte agat i ngeall go gcosnaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

Tacaíonn ár ndaonlathas le díospóireacht oscailte chun go bhféadfaí smaointe agus tuairimí a phlé gan bhac. Is féidir leat suí i gcaifé nó i mbeár le cairde agus do chuid tuairimí a chomhroinnt gan eagla a bheith ort nach lorgódh an rialtas díoltas i do leith ná go ndéanfaí cinsireacht ort. Cuireann an daonlathas ar do chumas tú féin a chur in iúl.

Cad a chiallaíonn sé sin duitse?

  • Is féidir leat seasamh leis an méid a gcreideann tú ann

    San Aontas, is féidir leat páirt a ghlacadh in agóid phoiblí, an rialtas a cháineadh nó do thuairimí a chur in iúl saor ó thionchar míchuí nó ó smachtbhannaí. Tugtar cosaint don mhéid a deir tú, ach an oiread le do cheart chun é a rá.

  • Is féidir leat teacht ar do thuairim féin

    Is féidir leat teacht ar do thuairim féin maidir le saincheisteanna atá tábhachtach duitse, agus é sin a dhéanamh saor ó chur isteach ón stát. Braitheann an tsaoirse sin ar rochtain ar fhaisnéis iontaofa, agus tá an tAontas tiomanta an rochtain sin a choinneáil oscailte agus cosanta.

  • Is féidir leat cruthú agus comhroinnt gan eagla

    Is féidir leat do chuid smaointe a chomhroinnt trí do chuid focal, tríd an ealaíon, an ceol nó ábhar ar líne. Cibé acu atá tú ar stáitse, ag cur postáil in airde ar na meáin shóisialta, ag cruthú ealaíne nó ag seoladh teachtaireacht chuig cairde, san Aontas, cosnaítear do shaoirse chun cruthú agus cumarsáid a dhéanamh.

Cén chaoi a dtugtar cosaint do na saoirsí sin?

Ní cearta ar pháipéar amháin iad seo. Oibríonn an tAontas go leanúnach chun a chinntiú go gcloítear leo sa chleachtas. 

Leis an gCairt um Chearta Bunúsacha, ráthaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain shaor ar fhaisnéis do gach Eorpach. Agus tá tuilleadh dul chun cinn déanta ag an Aontas maidir leis na prionsabail sin a thiontú ina ngníomhaíochtaí nithiúla.

Léirítear an gealltanas sin freisin i dtacaíocht dhíreach ón Aontas dóibh siúd a chuireann beocht sna saoirsí sin. Trína chláir mhaoiniúcháin, cuidíonn an tAontas le daoine a saoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint trí thacú le tionscadail lena gcuirtear an cultúr agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh chun cinn, go háirithe tríd an gclár Eoraip na Cruthaitheachta.

Ar líne, cinntítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha nach féidir le hardáin mhóra ábhar a bhaint nó a chur faoi chois go treallach san Aontas, agus éilítear leis trédhearcacht maidir leis na cinntí a mhúnlaíonn an méid a fheiceann tú. Mar shampla, má bhaineann ardán meán sóisialta do phostáil anuas nó má chuireann sé do chuntas ar fionraí, ní mór dó a mhíniú cén fáth agus bealach a chur ar fáil duit chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin.

Agus trínár gCompás Cultúir don Aontas Eorpach, táimid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá roimh earnálacha agus tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip, cuir i gcás srianta ar léiriú ealaíonta, slite beatha forbhásacha ealaíontóirí agus tionchar na hintleachta saorga.

An méid a cheapann muintir na hEorpa

68% sin é an líon de mhuintir na hEorpa a chuireann a dtuairim pholaitiúil in iúl gan eagla orthu roimh iarmhairtí diúltacha
58% sin é an líon de mhuintir na hEorpa a bhíonn i dteagmháil le hiarrthóirí agus le páirtithe polaitiúla
Os cionn 70% sin é an líon de mhuintir na hEorpa a deir gur féidir leo rochtain a fháil ar eolas cruinn ó fhoinsí éagsúla meán ina dtír féin

Glac páirt

Cuir le próiseas ceaptha polasaithe an Aontais

Déan an méid is cás leat a chosaint

San Aontas Eorpach, is féidir leat brath ar iriseoireacht neamhspleách chun ceisteanna deacra a chur agus tú a choinneáil ar an eolas