Saoirse na meán Bí ar an eolas An méid is cás leat, cosnaíonn an tAontas é, cuir i gcás an ceart agat eolas neamhspleách iontaofa a fháil.In áiteanna áirithe den domhan, ní thugtar cead cainte d’iriseoirí, cuirtear srian leis na meáin agus ní chuirtear ach insint amháin ar an scéal os comhair an tsaoil.San Aontas, tá saoirse ag an bpreas ceisteanna deacra a chur, iad siúd atá i gcumhacht a thabhairt chun cuntais agus foinsí iontaofa faisnéise a chur ar fáil. A bhuí leis an daonlathas, is faoi bhláth a bhíonn iolrachas na meán agus an preas saor, rud a chuireann ar do chumas agat tuiscint a fháil ar a bhfuil ag tarlú agus do chinneadh féin a dhéanamh faoi. Cad a chiallaíonn sé sin duitse? Is féidir leat rochtain a fháil ar mheáin éagsúla neamhspleáchaIs féidir leat san Aontas réimse leathan meán a léamh, féachaint orthu agus éisteacht leo, idir phoiblí agus phríobháideach, idir náisiúnta agus áitiúil, idir mheáin ar líne agus as líne. Is féidir leat comparáid a dhéanamh idir dearcthaí agus foinsí éagsúla, agus fios agat nach bhfuil siad faoi chinsireacht ná faoi smacht ag an stát. Is féidir le hiriseoirí iniúchadh agus tuairisciú a dhéanamh faoi shaoirseSan Aontas Eorpach, tá an ceart ag iriseoirí éilliú, mí-úsáid cumhachta agus éagóir a iniúchadh. Is féidir leo a gcuid foinsí a chosaint agus an méid atá faighte amach acu a fhoilsiú gan aghaidh a thabhairt ar chur isteach ná imeaglú ó údaráis phoiblí. Nuair a thugtar cosaint d’iriseoirí, tugtar cosaint dár ndaonlathas freisin.Tusa a thagann ar do thuairim féinIs éard atá i gceist le saoirse na meán go bhfuil teacht agat ar dhearcthaí éagsúla, ionas gur féidir leat féin iad a mheas. Ní déarfar leat cén bharúil ba cheart a bheith agat: is féidir leat do bharúil féin a dhéanamh, agus do sheasamh féin a ghlacadh ina leith. Cén chaoi a dtugtar cosaint do na saoirsí sin? Ní smaointí teibí iad sin. Is fíorshaoirsí iad, agus oibríonn an tAontas gach aon lá chun iad a chosaint. Sa Chairt um Chearta Bunúsacha, ráthaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, saoirse agus iolrachas na meán ina measc, do gach duine san Aontas. Agus tacaítear leis na ráthaíochtaí sin le dlíthe láidre.Cuidíonn reachtaíocht an Aontais, cuir i gcás an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán, chun iriseoirí agus a gcuid foinsí a choinneáil sábháilte, neartaíonn sí neamhspleáchas eagarthóireachta agus cosnaíonn sí eagraíochtaí meán ar chur isteach míchuí nó ar imeaglú dlíthiúil. Mar shampla, má nochtann iriseoir éilliú nó mí-úsáid cumhachta, cuidíonn rialacha frith-SLAPP lena gcosaint ar iad a chur ina dtost trí chásanna cúirte mí-úsáideacha atá ceaptha a gcuid ama agus acmhainní a thaoscadh.Tá ról gníomhach ag an Aontas maidir le tacú leis na meáin neamhspleácha, faoi shaoirse. Trína chláir mhaoiniúcháin, cuidíonn sé chun tionscadail a chothú a chuireann tírdhreach láidir iolraíoch na meán chun cinn.Mar shampla, trí snáithe MEDIA de chuid chlár Eoraip na Cruthaitheachta, maoiníonn an tAontas iriseoireacht neamhspleách imscrúdaitheach áitiúil ar fud na hEorpa, chun gur féidir leis an bpreas leanúint d’eolas a chur ar fáil duit, an chumhacht a chur i dtábhacht, agus an daonlathas a choinneáil láidir. An méid a cheapann muintir na hEorpa 69% sin é an líon de mhuintir na hEorpa a mheasann go gcuireann a meáin náisiúnta eolas iontaofa ar fáil73% sin é an líon de mhuintir na hEorpa a mheasann go gcuireann a meáin náisiúnta éagsúlacht dearcthaí agus tuairimí ar fáil56% sin é an líon de mhuintir na hEorpa atá sásta le staid shaoirse, neamhspleáchas agus iolrachas na meán san Aontas Foinsí: Eorabharaiméadar, mí na Nollag 2025 agus Eorabharaiméadar Speisialta, mí na Samhna 2025 Glac páirtAbair leatCuir le próiseas ceaptha polasaithe an AontaisCuir le tograí de chuid an Aontais atá ar na bacáinRoinn do chuid smaointe i ndíospóireachtaí ar líne agus i bPainéil na SaoránachCuir tús le tionscnamh ó na saoránaighIarr ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua a mholadhCuir achainí faoi bhráid an AontaisDéan gearán faoi dhlí nó iarr ar Pharlaimint na hEorpa athbhreithniú a dhéanamh ar cheistDéan obair dheonachGlac páirt i dtionscadail ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéinAimsigh doiciméid oifigiúlaFaigh rochtain ar eolas agus ar dhoiciméid faoi obair institiúidí an Aontais Déan an méid is cás leat a chosaintIs faoi shaoirse a mhaireann an eolaíochtSan Aontas Eorpach, is féidir leat smaointe a fhiosrú go hoscailte agus go neamhspleáchTá do ghuth tábhachtachSan Aontas Eorpach, is féidir leat labhairt amach gan srian, gan eagla a bheith ort roimh chinsireacht, go ngabhfar tú ná go gcuirfear pionós ort
Cuir le tograí de chuid an Aontais atá ar na bacáinRoinn do chuid smaointe i ndíospóireachtaí ar líne agus i bPainéil na Saoránach
Cuir achainí faoi bhráid an AontaisDéan gearán faoi dhlí nó iarr ar Pharlaimint na hEorpa athbhreithniú a dhéanamh ar cheist
Aimsigh doiciméid oifigiúlaFaigh rochtain ar eolas agus ar dhoiciméid faoi obair institiúidí an Aontais
Is faoi shaoirse a mhaireann an eolaíochtSan Aontas Eorpach, is féidir leat smaointe a fhiosrú go hoscailte agus go neamhspleách
Tá do ghuth tábhachtachSan Aontas Eorpach, is féidir leat labhairt amach gan srian, gan eagla a bheith ort roimh chinsireacht, go ngabhfar tú ná go gcuirfear pionós ort