Eolas a shaothrú gan srian
Cosnaíonn an tAontas an méid is cás leat, ina measc sin do cheart chun eolas a lorg agus a chomhroinnt, agus muinín a bheith agat as an eolas sin, gan bhac.
I roinnt áiteanna den domhan, bíonn brú, cinsireacht nó bagairtí roimh na heolaithe. San Aontas tá an tsaoirse acu taighde a dhéanamh go neamhspleách, ós rud é gur bunluach i sochaí dhaonlathach í an tsaoirse eolaíoch.
Agus tú ag maireachtáil in áit a bhfuil an daonlathas i réim, is féidir leat smaointe a fhiosrú, a cheistiú agus a chomhroinnt gan bhac. Cibé acu an taighdeoir, mac léinn nó duine fiosrach thú, san Aontas, cosnaítear do cheart chun saoirse eolaíche agus acadúla.
Cad é a chiallaíonn sé duitse?
Tá an tsaoirse agat smaointe a fhiosrú gan eaglaIs féidir le taighdeoirí agus acadóirí san Aontas cibé rud ar mhian leo staidéar a dhéanamh air a roghnú, ceisteanna deacra a chur agus an fhianaise a leanúint, fiú nuair a bhaineann míchompord leis na freagraí.
Tá an t-eolas neamhspleách ar chur isteach polaitiúilSan Aontas cosnaítear ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde ar chur isteach míchuí, mar sin déantar cinntí maidir le taighde ar fhorais acadúla, seachas ar fhorais pholaitiúla.
Is féidir leat taighde a chomhroinnt agus a phlé go hoscailteTá an tsaoirse ag eolaithe san Aontas a dtorthaí a fhoilsiú, labhairt faoina gcuid oibre agus páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí. Tá plé oscailte, easaontas agus grinnscrúdú faoi chosaint; tá siad ina gcuid den chaoi a dtéann an eolaíocht agus an daonlathas araon chun cinn.
Cén dóigh a gcosnaítear na saoirsí sin?
Tá na cosaintí sin fíor agus infhorfheidhmithe.
Ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha saoirse eolaíoch, chomh maith le saoirse smaointeoireachta, cainte agus faisnéise, rud a chuireann tóraíocht an eolais i gcroílár dá seasann an tAontas.
Cuimsítear leis an ngealltanas sin tacaíocht nithiúil ón Aontas do dhaoine agus d’institiúidí a spreagann dul chun cinn eolaíoch. Cuidíonn an tAontas chun an tsaoirse eolaíoch a chosaint trí thionscadail a mhaoiniú lena gcoinnítear taighde Eorpach neamhspleách oscailte comhoibríoch.
Mar shampla, trína chlár Fís Eorpach, tacaíonn an tAontas le taighdeoirí i mBallstáit éagsúla oibriú le chéile ar mhórdhúshláin dhomhanda, cuir i gcás ailse, an t-athrú aeráide nó fuinneamh glan, agus a dtorthaí a roinnt leis an domhan.
Tá an Limistéar Eorpach Taighde (LET) á chruthú ag an Aontas freisin, spás aonair gan teorainneacha don taighde, don nuálaíocht agus don teicneolaíocht, rud atá ceaptha a chinntiú go bhfanfaidh an eolaíocht san Eoraip oscailte agus comhoibríoch.
Cad é a shíleann muintir na hEorpa?
Foinsí: Eorabharaiméadar, Feabhra 2025
Na nithe is tábhachtaí a chosaint

San Aontas Eorpach, is féidir leat brath ar iriseoireacht neamhspleách chun ceisteanna deacra a chur agus tú a choinneáil ar an eolas

San Aontas Eorpach, is féidir leat labhairt amach gan srian, gan eagla a bheith ort roimh chinsireacht, go ngabhfar tú ná go gcuirfear pionós ort
