Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta24 Eanáir 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Guth níos láidre d’oibrithe i gcuideachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe san Aontas Eorpach

Workers developing better working conditions: employees and employers taking part in a shared training seminar

 

Beidh ionadaíocht níos fearr ag oibrithe i gcuideachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe san Aontas Eorpach a bhuí le rialacha nua le haghaidh na gComhairlí Oibreacha Eorpacha (COEnna) mar a thugtar orthu. Cinntíonn na Comhairlí sin go mbeidh fostaithe rannpháirteach i gcinntí a bhaineann le saincheisteanna trasnáisiúnta, amhail athstruchtúrú. Cuidíonn siad le hoibrithe athruithe i saol na hoibre a thuar agus a bhainistiú, ganntanais lucht saothair agus teicneolaíochtaí nua san áireamh. Tá beagnach 11.3 milliún fostaí Eorpach i 1,000 COE nach mór faoi láthair. Cé go bhfuil níos mó ná an leathchuid den lucht saothair incháilithe i gCOEnna, is lú sin fós féin ná aon trian de bheagnach 4,000 cuideachta incháilithe a mheastar a bheith ann. 

Mhol an Coimisiún na hathruithe seo a leanas ar an gcaoi a n-oibríonn na Comhairlí Oibreacha Eorpacha: 

  • Go dtabharfaí cearta comhionanna d’fhostaithe chun a iarraidh go gcruthófaí COE nua: cuirfear deireadh le díolúintí, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh 5.4 milliún oibrí breise i 320 cuideachta ilnáisiúnta a iarraidh go mbunófaí Comhairle den sórt sin. 
  • A chinntiú go dtéitear i gcomhairle le hoibrithe i gcuideachtaí ilnáisiúnta ar bhealach tráthúil fiúntach maidir le saincheisteanna a bhaineann leo 
  • A chinntiú go bhfuil na hacmhainní riachtanacha ag COEnna chun a gcuid oibre a dhéanamh
  • Téarmaí a chur i bhfeidhm le haghaidh COE atá cothrom ó thaobh inscne de 

Cuirfidh na bearta atá beartaithe feabhas ar eolas thrasnáisiúnta agus ar chomhairliúchán trasnáisiúnta, ar chinnteoireacht straitéiseach cuideachtaí, agus ar iontaoibh fhrithpháirteach idir lucht bainistíochta agus oibrithe. Táthar ag súil go mbeidh an costas is lú is féidir ag baint leo do chuideachtaí, agus ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach acu ar a n-iomaíochas. 

Tuilleadh eolais 

Cad iad na Comhairlí Oibreacha Eorpacha? 

Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta 

Preaseisiúint: Tá molta ag an gCoimisiún feabhas a chur ar Chomhairlí Oibreacha Eorpacha chun an t-idirphlé sóisialta trasnáisiúnta a neartú

Geilleagar a fhóireann do dhaoine 

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Eanáir 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide