
An 29 Meán Fómhair sheol an Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach céim phíolótach Ardán na bPáirtithe Leasmhara, agus é d’aidhm aige tástáil a dhéanamh ar an dóigh ar féidir leis an Lárionad agus eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta, na meáin, seiceálaithe fíricí, taighdeoirí agus gairmithe litearthachta meán ar fud an Aontais tionscadail nithiúla a fhorbairt le chéile chun an athléimneacht dhaonlathach a neartú.
Is é an tionscadal píolótach an chéad chéim de chur i bhfeidhm níos leithne. Osclófar glao ar rannpháirtithe breise an fómhar seo agus tá sé beartaithe an seoladh foirmiúil a dhéanamh in earrach 2027. Tugann sé Ballstáit an Aontais agus institiúidí an Aontais le chéile leis an gcéad dá líonra rannpháirteacha, mar atá an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) agus an Líonra Eorpach um Chaighdeáin Seiceála Fíricí (EFCSN) mar chomhordaitheoir ar an Líonra Eorpach Seiceálaithe Fíricí. Beidh an chéim ullmhúcháin ar siúl go dtí go seolfar an tArdán go foirmiúil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Dana Spinant, Ard-Stiúrthóir na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach, tar éis an imeachta seolta: ‘Ní féidir athléimneacht dhaonlathach a chothú le húdaráis phoiblí agus le hinstitiúidí poiblí ina n-aonar. Más mian linn cur chuige ceart uile-shochaí a bheith againn, caithfimid oibriú leis na heagraíochtaí is túisce a fheiceann athruithe sa timpeallacht faisnéise agus a chuidíonn i dtaobh muinín a chothú i bpobail. Beidh sé ríthábhachtach oibriú i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar mhaithe lenár n-ullmhacht fhadtéarmach agus chun na dúshláin a bheidh ann amach anseo a thuar. Ní féidir le haon tír ná le haon údarás é a dhéanamh as féin; caithfimid go léir a bheith páirteach chun ár ndaonlathais a chosaint.’
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Renate Nikolay, Leas‑Ard-Stiúrthóir na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún Eorpach: ‘Tá bagairtí os comhair ár spáis faisnéise atá ag éirí níos mó agus níos gasta a bhuí le teicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga. Tá sé ríthábhachtach acmhainní agus saineolas a chomhthiomsú. Is féidir linn cur leis an gcomhar láidir sa réimse sin atá forbartha againn thar na blianta, ina measc sin tríd an gCód Iompair maidir leis an mBréagaisnéis faoinár ndlí suaitheanta, mar atá an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Is cúis áthais dom go bhfuil líonraí tábhachtacha á dtabhairt le chéile againn chun tacú leis an Lárionad Eorpach um Athléimneacht Dhaonlathach agus chun leanúint dár ngníomhaíocht a neartú.’
Tá an tArdán forbartha le tacaíocht ó na Ballstáit, agus chuidigh an Pholainn i dtaobh an coincheap a mhúnlú agus taithí óna chuid oibre a chomhroinnt le páirtithe leasmhara neamhinstitiúideacha, rud a cuireadh i dtábhacht san idirghabháil a rinne an tAmbasadóir Tomasz Chłoń, Toscaire Speisialta Aire Gnóthaí Eachtracha na Polainne um Chomhrac na Bréagaisnéise Idirnáisiúnta: ‘Freagairt chórasach is gá a thabhairt ar bhagairt chórasach. Ó thaobh ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac, ní mór an méid sin a fhorbairt ina ghluaiseacht dhaonlathach chomhordaithe ar mhórscála ina mbeidh institiúidí an Aontais, na Ballstáit, údaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach. Ní féidir an fhreagairt a choinneáil teoranta do ghrúpa beag gníomhaithe speisialaithe. Sa Pholainn tá an cur chuige sin cuimsithe sa Chomhairle Athléimneachta, a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil don Aire Gnóthaí Eachtracha agus a dhéanann ionadaíocht dhíreach nó indíreach do thart ar 100 eagraíocht sochaí sibhialta.’
Is ar cheisteanna praiticiúla a dhíríonn an chéim phíolótach: an dóigh ar cheart do pháirtithe leasmhara agus don Lárionad oibriú le chéile, an dóigh is fearr is féidir chun faisnéis faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn a chomhroinnt, an dóigh ar féidir le comhairle cur le hobair an Lárionaid, agus cé na comhthionscadail a bhféadfadh na páirtithe leasmhara rannpháirteacha díriú orthu mar chuid den ardán. Is iad na Ballstáit atá i gceannas ar Ardán na bPáirtithe Leasmhara agus is cuid é de shraith níos leithne tionscadal atá an Lárionad a fhorbairt cheana féin. Orthu sin tá Treoirphlean de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le hionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis (ICIEF) agus bréagaisnéis a chomhrac, coincheapa agus modheolaíochtaí coiteanna chun ICIEF a bhrath, agus tacaíocht phraiticiúil le haghaidh toghcháin athléimneacha.
Tá clár ‘Oiliúint a chur ar na hOiliúnóirí’ á chur i bhfeidhm ag an Lárionad freisin le Gníomhaireacht na Sualainne um Chosaint Shíceolaíoch chun cuidiú i dtaobh oifigigh rialtais a uas-sciliú ar fud na mBallstát agus ullmhacht uile-rialtais agus uile-shochaí a neartú. Tionóladh an chéad seisiún oiliúna i mí Mheán Fómhair 2026.
I dteannta a chéile, tá na tionscadail sin ceaptha chun cabhrú leis na Ballstáit uirlisí praiticiúla, ullmhacht níos láidre agus comhar níos dlúithe ar fud na hEorpa a dhéanamh den taithí chomhroinnte.
- Dáta foilsithe
- 29 Meán Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide