Bíonn oibleagáidí riaracháin troma ar fheirmeoirí ar fud an Aontais sa bhreis ar a gcuid oibre féin. Bíonn sé fadálach agus costasach d’fheirmeoirí agus do lucht riaracháin náisiúnta araon déileáil leis na hoibleagáidí sin. Dá bhrí sin, mar chuid d’iarracht simpliúcháin níos leithne, tá sraith athruithe molta ag an gCoimisiún Eorpach ar rialacha an chomhbheartais talmhaíochta lena scaoilfear feirmeoirí ón ualach rialála sin agus lena spreagfar an t-iomaíochas. Tá an méid seo a leanas ar na hathruithe atá molta: Íocaíochtaí níos éasca d’fheirmeoirí beaga ardófar teorainn na híocaíochta cnapshuime bliantúla d’fheirmeoirí beaga ó €1,250 go €2,500beidh feirmeoirí beaga díolmhaithe ó rialacha comhshaoil áirithe agus féadfaidh siad leas a bhaint as íocaíochtaí a thugtar don fheirmeoireacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol Ceanglais agus rialuithe comhshaoil simplithe measfar go huathoibríoch go gcomhlíonann feirmeacha orgánacha deimhnithe cuid de cheanglais chomhshaoil an Aontais le haghaidh maoinitheféadfaidh feirmeoirí leas a bhaint as dreasachtaí chun portaigh agus bogaigh a chosaintdéanfar rialuithe a chuíchóiriú trí úsáid a bhaint as satailít agus teicneolaíocht agus beidh siad teoranta do sheiceáil amháin ar an láthair in aghaidh na bliana in aghaidh na feirme Bainistiú géarchéime neartaithe agus nósanna imeachta níos simplí do lucht riaracháin náisiúnta Tacófar le feirmeoirí an Aontais atá thíos le tubaistí nádúrtha nó galair ainmhithe trí íocaíochtaí nua géarchéime agus trí uirlisí bainistithe riosca atá níos solúbtha agus níos inrochtanaBeidh níos mó solúbthachta ann do thíortha an Aontais maidir lena bpleananna straitéiseacha CBT a oiriúnú, agus ní gá formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún ach amháin le haghaidh leasuithe straitéiseacha Iomaíochas agus digitiú feabhsaithe is féidir le feirmeoirí beaga leas a bhaint as rogha mhaoiniúcháin shimplí nua a chuireann suas le €50,000 ar fáil mar chnapshuim chun cabhrú lena bhfeirmeacha fás a dhéanamhspreagfar lucht riaracháin náisiúnta chun córais dhigiteacha idir-inoibritheacha a fhorbairt, ionas nach mbeidh ar fheirmeoirí a gcuid sonraí a chur isteach ach uair amháin, trí chóras aonair, rud a shábhálfaidh am agus a laghdóidh costais Cuireann an pacáiste simpliúcháin seo le bearta comhchosúla atá tugtha isteach ag an gCoimisiún cheana in 2024 agus is príomhsprioc insoláthartha é ó fhís an Aontais le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia a cuireadh i láthair i mí Feabhra 2025. Leanfar den phróiseas níos déanaí i mbliana le pacáiste simpliúcháin reachtach trasearnálach, lena ndíreofar ar bheartais eile a mbeidh tionchar acu ar fheirmeoirí, ar ghnólachtaí agraibhia agus ar lucht riaracháin. Tuilleadh eolais Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí – an Coimisiún EorpachÁr gcáilíocht saoil a chothabháil: slándáil bia, uisce agus an dúlraPreaseisiúint: Simpliú déanta ag an gCoimisiún ar an gComhbheartas Talmhaíochta chun tacú le feirmeoirí agus chun an t-iomaíochas a fheabhsú Sonraí Dáta foilsithe14 Bealtaine 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide