Tá machnamh déanta ag an gCoimisiún ar an dul chun cinn atá déanta le ceithre bliana anuas maidir le himirce agus tearmann. Tá dul chun cinn déanta maidir le roinnt ábhar. Tá athchóirithe inbhuanaithe i bhfeidhm anois. Ritheadh an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i gcomhaontú polaitiúil stairiúil. Leis an gcreat dlíthiúil nua sin de chuid an Aontais, réitítear an bealach le haghaidh bainistiú imirce atá cothrom agus éifeachtúil, agus an méid seo a leanas san áireamh ann: teorainneacha seachtracha níos sláine nósanna imeachta tapa éifeachtúla um thearmann agus filleadh agus coimircí aonair níos láidre ann córas dlúthpháirtíochta agus freagrachta atá cothrom agus níos éifeachtaí. Le ceithre bliana anuas, thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe oibríochtúla. Tá an tAontas tar éis a chuid uirlisí a mhéadú chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta, ar smuigleáil imirceach agus ar dhúshláin eile tríd an méid seo a leanas: cur chuige an bhealaigh iomláin a ghlacadh bainistiú teorainneacha a neartú díriú ar líonraí coiriúla a bhíonn i mbun smuigleáil imirceach: dlús a chur le fillteacha freagairt ar ghéar-riachtanais agus ar ghéarchéimeanna: Leanfaidh an Coimisiún de theagmháil leanúnach a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá le himirce, smuigleáil imirceach a chomhrac, agus bealaí dlíthiúla a chur chun cinn. Cuid den saol ar fud an domhain is ea an imirce, rud is féidir a bhainistiú le beartais éifeachtacha imirce agus le comhar an Aontais le tíortha comhpháirtíochta. Ó thús a mhandáide i leith, tá Coimisiún von der Leyen ag obair i dtreo creat inbhuanaithe don Aontas chun an imirce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach daonnachtúil. Tá sé ríthábhachtach an Comhshocrú a chur i bhfeidhm go pras anois. Cuirfidh an Coimisiún plean coiteann i láthair faoi mhí an Mheithimh 2024 chun é a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais, theicniúil agus oibríochtúil do na Ballstáit feadh an bhealaigh. Tuilleadh eolais An imirce a bhainistiú ar bhealach freagrach An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann Preaseisiúint: Déanann an Coimisiún breithniú ar na príomhrudaí atá bainte amach maidir le himirce agus tearmann Imirce agus tearmann Sonraí Dáta foilsithe12 Márta 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide