Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tá iarrtha ag an Uachtarán von der Leyen ar an Úcráin teacht isteach san Aontas Eorpach, agus €25 mhilliún breise fógartha aici do shibhialtaigh in Gaza

  • Alt nuachta
  • 6 Samhain 2023
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
President von der Leyen speaking at the EU Ambassadors' Conference

 

In óráid a thug Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, uaithi os comhar Ambasadóirí an Aontais Eorpaigh, d’iarr sí ar an Eoraip a bheith níos rannpháirtí fós ar an ardán domhanda i bhfianaise na ndúshlán atá ann faoi láthair.

Ar an gcéad dul síos, tá síocháin chóir bhuan de dhíth ar an Úcráin, bunaithe ar Phlean Síochána an Uachtaráin Zelenskyy. Chuir an tUachtarán von der Leyen i dtábhacht go láidir gur cheart don Úcráin a bheith ina ball den Aontas Eorpach chun í a neartú agus a chosaint amach anseo.

Agus í ag labhairt ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear, d’athdhearbhaigh sí go seasann an tAontas Eorpach i ndlúthpháirtíocht go hiomlán le muintir Iosrael. Dúirt sí gur cheart na gialla a scaoileadh saor láithreach, agus nach mór dúinn ‘gach rud is féidir a dhéanamh chun sibhialtaigh a chosaint’. Cuirfear €25 mhilliún leis an gcabhair dhaonnúil do Gaza agus tá an tAontas ag obair chun níos mó cabhrach a thabhairt isteach go Gaza trí bhealaí atá ann cheana agus trí bhealaí nua. Leag an tUachtarán amach roinnt prionsabal chun an tsíocháin a phlé:

  • Ní féidir le Gaza a bheith ina thearmann do sceimhlitheoirí agus, dá bhrí sin, ní féidir le Hamas é a rialú.
  • Níor cheart d’fhórsaí slándála Iosrael fanacht in Gaza ná bac a chur ann.
  • Níor cheart tabhairt ar mhuintir na Palaistíne imeacht ó Gaza.

Maidir leis an tSín, leanfaidh an tAontas de bheith ag labhairt leis an tSín agus de bheith ag obair léi ar dhúshláin choiteanna amhail an t-athrú aeráide agus chun a chinntiú go leanfaidh a cuid tacaíochta don Rúis de bheith chomh teoranta agus is féidir. ‘Féadfaidh an iomaíocht eadrainn a bheith tairbheach, seachas naimhdeach’, a dúirt an tUachtarán von der Leyen, agus í á chur i dtábhacht go láidir gur gá don tSín an córas domhanda riailbhunaithe a urramú chomh maith.

Uair sa bhliain, tagann taidhleoirí de chuid an Aontais, a dhéanann ionadaíocht don Aontas ar fud an domhain, le chéile sa Bhruiséil chun plé a dhéanamh ar bheartas eachtrach an Aontais, ar a bhfuil ag tarlú faoi láthair agus ar fhorbairtí amach anseo. Tá 145 Thoscaireacht agus Oifig de chuid an Aontais ann ar fud an domhain agus tá Ionadaíochtaí an Choimisiúin ann i ngach ceann de na 27 mBallstát.

Tuilleadh eolais

Eoraip níos láidre sa domhan

Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

An ghéarchéim sa Mheánoirthear

An caidreamh idir an tAontas agus an tSín

Léigh agus amharc ar óráid an Uachtaráin

Comhdháil Ambasadóirí an Aontais

Liosta de mhisin taidhleoireachta an Aontais ar fud an domhain

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Samhain 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide