Cúlra
Rinne an tAontas Eorpach cáineadh géar neamhbhalbh ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta foréigneacha gan idirdhealú a rinne Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023. Chuir sé a dhlúthpháirtíocht le hIosrael in iúl agus leag sé béim ar cheart na tíre í féin a chosaint i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
D’athdhearbhaigh sé freisin a thábhachtaí atá sé cinnte a dhéanamh de go ndéantar gach sibhialtach a chosaint i gcónaí i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
Tar éis na n-ionsaithe sin, tá staid dhaonnúil na bPalaistíneach i Stráice Gaza imithe in olcas go mór mar gheall ar an ngéarú leanúnach ar an gcogaíocht agus ar oibríocht mhíleata Iosraelach a d’eascair as sin, mar aon le himshuí Gaza.
Sa spotsolas
19 Iúil 2024 – Cuirfidh an tAontas Eorpach tacaíocht airgeadais éigeandála ghearrthéarmach ar fáil d’Údarás na Palaistíne. Cuideoidh an tacaíocht, ar fiú €400 milliún í i ndeontais agus in iasachtaí, le hÚdarás na Palaistíne aghaidh a thabhairt ar na riachtanais airgeadais is práinní atá aige agus tacú lena chlár oibre athchóirithe. Tá an tacaíocht faoi réir dul chun cinn i gcur i bhfeidhm chlár oibre athchóirithe Údarás na Palaistíne, agus réiteoidh sí an bealach do Chlár Cuimsitheach do théarnamh agus d’athléimneacht na Palaistíne.
Breis agus 20 bliain de thacaíocht dhaonnúil agus forbraíochta ón Aontas Eorpach do mhuintir na Palaistíne
Bhí an tAontas Eorpach i gcónaí ar an deontóir idirnáisiúnta is mó do mhuintir na Palaistíne. Thairis sin, tá cúnamh daonnúil á chur ar fáil ag an Aontas do Phalaistínigh atá i ngátar ó 2000 i leith.
Breis agus 20 bliain de thacaíocht dhaonnúil agus forbraíochta ón Aontas Eorpach do mhuintir na Palaistíne
Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas le déanaí, tá an méid seo a leanas déanta ag an Aontas:
- mhéadaigh sé an tacaíocht dhaonnúil atá á tabhairt aige do na Palaistínigh in Gaza faoi cheathair go breis agus € 103 milliún in 2023
- sheol sé oibríocht Aerdhroichid Dhaonnúil de chuid an Aontais chun soláthairtí tarrthála a thabhairt d’eagraíochtaí daonnúla ar an láthair in Gaza
- chuir sé dlús le cabhair dhaonnúil do na Palaistínigh do 2024
Amhail ó mhí an Mheithimh 2024, a bhuí leis an Aerdhroichead Daonnúil, seachadadh breis agus 2,800 tona cabhrach ar 55 eitilt. Is é is aidhm do na hoibríochtaí éascú a dhéanamh ar chúnamh a shuíomh roimh ré chun tacú le seachadadh tapa cúnaimh do dhaoine atá i ngátar in Gaza.
In éineacht lenár gcomhpháirtithe, tacaímid freisin le cúnamh daonnúil a sheachadadh ar muir trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
I mí Iúil 2024, d’fhógair an tAontas tacaíocht airgeadais éigeandála ghearrthéarmach d’Údarás na Palaistíne chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na riachtanais airgeadais is práinní atá aige agus tacú lena chlár oibre athchóirithe. Is fiú €400 milliún i ndeontais agus iasachtaí an tacaíocht sin agus tá sí faoi réir dul chun cinn i gcur i bhfeidhm an chláir oibre athchóirithe. Réiteoidh an tacaíocht sin an bealach do Chlár Cuimsitheach do théarnamh agus athléimneacht na Palaistíne.
Tacaíocht dhaonnúil
Tacaíocht d’fhorbairt
Iarrachtaí taidhleoireachta ar choimhlintí a réiteach
Tá an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí do shíocháin bhuan inbhuanaithe a bheidh bunaithe ar an réiteach dhá stát trí bhorradh a chur faoi na hiarrachtaí i bPróiseas Síochána an Mheánoirthir.
Tá an tAontas fós i dteagmháil leis na ceannairí réigiúnacha agus tá sé ag leanúint dá iarrachtaí taidhleoireachta, lena n-áirítear:
- Cosaint sibhialtach a iarraidh i gcomhréir leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta
- A rannpháirtíocht dhaonnúil sa réigiún a threisiú
- Idirphlé a iarraidh idir Iosrael agus a chomharsana chun leanúint den chobhsaíocht agus den tsíocháin a choinneáil sa réigiún
- Réiteach fadtéarmach a lorg a fhágfaidh go mbeidh síocháin agus slándáil ag cách.
Aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta, ábhar neamhdhleathach agus ábhar díobhálach ar na meáin shóisialta
Tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar Iosrael, agus i bhfianaise ábhar neamhdhleathach agus díobhálach a scaiptear ar na meáin shóisialta, tá an Coimisiún i dteagmháil leis na príomhardáin chun a chinntiú go n-urramóidh siad a n-oibleagáidí.
- An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: éilíonn sé sin ar na hardáin mhóra ar líne ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas agus bearta a dhéanamh chun dul i ngleic leis na rioscaí don tslándáil phoiblí agus don dioscúrsa poiblí.
- An Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne: cuireann sé sin ar chumas na mBallstát orduithe baint anuas a sheoladh chuig na hardáin chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig.
Ní ghlacfar leis an bhfuath: An Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha
Tá dlús á chur ag an gCoimisiún freisin lena iarrachtaí an frithsheimíteachas agus an fuath frith-Mhoslamach de gach cineál a chomhrac, trí ghníomhaíochtaí a threisiú ar fud beartais éagsúla, lena n-áirítear an tslándáil, an réimse digiteach, an t-oideachas, an cultúr agus an spórt. San áireamh ann sin maoiniú breise chun ionaid adhartha a chosaint agus tacófar leis sin trí Thoscairí a ainmniú a mbeidh sainordú sainráite acu chun an leas is fearr is féidir a bhaint as beartais an Aontais chun an fuath a chomhrac.