Is é an 8 Márta Lá Idirnáisiúnta na mBan. Léiríonn téama domhanda na bliana seo ‘An Cuimsiú a Spreagadh’ go bhfuil rannpháirtíocht na mban sa tsochaí ríthábhachtach. Tá bearta á ndéanamh ag an Eoraip i dtreo an chomhionannais inscne, cuir i gcás trédhearcacht pá a chur i bhfeidhm, ionadaíocht na mban ar bhoird chorparáideacha a mhéadú agus oibriú i dtreo saoirse ón bhforéigean. Ach tá bóthar fada romhainn chun comhionannas iomlán a bhaint amach. Tá na mná fós faoi ghannionadaíocht sa pholaitíocht: níl ach 6 thír den Aontas tar éis cothromaíocht inscne níos mó ná 40% a bhaint amach i dtaca lena bhFeisirí Parlaiminte níl ach 5 thír den Aontas ann le Ceann Stáit ar mná iad tá feisirí Pharlaimint na hEorpa gar do chothromaíocht inscne le 40% de mhná agus 60% d’fhir Mar gheall ar cé chomh mall agus atá athrú ag teacht ar chúrsaí, an sciar de phoist bhainistíochta atá ag mná san ionad oibre, ní shroichfidh sé ach 30% faoi 2050. Sin an fáth a bhfuil an Coimisiún ag obair le tíortha an Aontais chun líon na mban i bpoist chinnteoireachta a mhéadú. Tathantaímid orthu go léir cuimsiú na mban sa pholaitíocht a spreagadh agus a chur chun cinn. Aithnímid freisin gníomhaíochas misniúil na sufraigéidí Eorpacha a throid ar son an chirt vótála agus gach bean a rannchuidigh le sochaí níos cothroime agus níos córa. I mbliain seo na dtoghchán, molaimid do gach bean vóta a chaitheamh chun an áit atá acu sa tsochaí a éileamh agus chun splanc uchtaigh a thabhairt dóibh féin i dtaobh páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil. I dtuarascáil nua a foilsíodh inniu, déantar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le comhionannas inscne san Aontas a rianú. Le ceithre bliana anuas, bhí roinnt garspriocanna tábhachtacha ann lenar cuireadh comhionannas inscne san Aontas ar aghaidh: an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá lena neartaítear prionsabal an phá chomhionainn cearta nua maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí an Straitéis Eorpach um Chúram chun seirbhísí cúraim ardcháilíochta, inacmhainne agus inrochtana a chinntiú glacadh na Treorach maidir le Cothromaíocht Inscne ar Bhoird Chorparáideacha aontachas an Aontais do Choinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac bunú líonra de chuid an Aontais Eorpaigh chun foréigean inscne agus foréigean teaghlaigh a chosc In 2024 cuirfidh an Coimisiún ar aghaidh moltaí chun cleachtais dhíobhálacha in aghaidh na mban agus na gcailíní a chosc agus a chomhrac. Leanfaidh sé freisin de thacaíocht a thabhairt do chearta na mban agus d’iarracht a dhéanamh Eoraip atá comhionann ó thaobh inscne de a bhaint amach. Tuilleadh eolais Gníomhaíochtaí um chomhionannas inscne Comhionannas inscne Tuarascáil maidir le Comhionannas Inscne san Aontas 2024 Ráiteas ar Lá Idirnáisiúnta na mBan Bileog eolais - Comhionannas Inscne a chur chun cinn Tairseach Faireacháin na Straitéise maidir le Comhionannas Inscne An Bunachar Sonraí um Staitisticí Inscne Lá Idirnáisiúnta na mBan: An Cuimsiú a Spreagadh Sonraí Dáta foilsithe8 Márta 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide