Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Gníomhaíochtaí um chomhionannas inscne

1 of 1

Bealach fada romhainn chun comhionannas a bhaint amach

Chun an méid sin a athrú, tá réimse tionscnamh agus tograí curtha chun tosaigh ag an gCoimisiún le cuidiú chun an bealach a réiteach do shochaí inar féidir le gach duine maireachtáil faoi bhláth agus comhionannas deiseanna acu. 

Foréigean ar bhonn inscne

Gach bliain san Eoraip maraíonn páirtí nó ball teaghlaigh breis agus 3,000 bean, agus déantar dochar don iliomad ban eile, sin nó déantar ciapadh orthu.

Is iomaí cineál foréigin in aghaidh na mban a bhíonn ann, idir foréigean fisiciúil, gnéasach nó síceolaíoch, chomh maith le mí-úsáid agus teacht i dtír eacnamaíoch. Tá méadú tagtha air i suíomhanna éagsúla, mar shampla sa láthair oibre agus ar líne, agus is in olcas atá sé ag dul mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, coinbhleachtaí, agus athrú aeráide.

Gender based violence against woment
Bean amháin as gach triúr:
sin an líon ban ar fud an domhain a d’fhulaing foréigean fisiceach nó gnéasach ar a laghad uair amháin ina saol
alt=""
Beirt bhan ar a laghad in aghaidh na seachtaine:
sin an líon ban a maraíonn páirtí dlúthchaidrimh nó ball teaghlaigh iad
alt=""
32%:
sin an céatadán de dhéantóirí an ghnéaschiaptha san Aontas ar de chúlra dífhostaithe iad

Foinsí: Mná na Náisiún Aontaithe, Eurostat, Gníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha (FRA)

I measc na gcineálacha foréigean in aghaidh na mban tá: 

  • foréigean páirtí dlúthchaidrimh 
  • foréigean gnéasach
  • banmharú  
  • gáinneáil ar dhaoine 
  • ciorrú ball giniúna ban 
  • foréigean ar líne nó foréigean atá éascaithe ag an teicneolaíocht 
  • pósadh leanaí nó pósadh éigeantais 

In 2022 mhol an Coimisiún reachtaíocht nua chun íosleibhéal cosanta in aghaidh na gcineálacha sin foréigin a chinntiú ar fud an Aontais, is cuma an ar líne nó as líne a tharla sé. Tháinig Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an togra ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2024.

Ina theannta sin, thug an tAontas i gcrích nós imeachta daingniúcháin Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, is é sin Coinbhinsiún Iostanbúl.

Tháinig Coinbhinsiún Iostanbúl don Aontas i bhfeidhm an 1 Deireadh Fómhair 2023. Leis sin, tá an tAontas faoi cheangal anois ag caighdeáin chuimsitheacha uaillmhianacha chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

An méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe

Feachtas: An cibearfhoréigean a chomhrac

Neamhionannais sa mhargadh saothair

Tá mná faoi ró-ionadaíocht fós i bpoist ar phá íseal agus faoi ghannionadaíocht i bpoist chinnteoireachta. Sa mhullach air sin, tá mná san Aontas fós ag saothrú níos lú airgid ná fir, agus de réir mar a théann siad anonn in aois, méadaíonn an bhearna phá idir na hinscní. 

Léiríonn na staitisticí gur mná den chuid is mó a dhéanann poist áirithe. 

  • San Aontas, is mná iad 95% de na glantóirí agus cúntóirí in áiteanna cónaithe príobháideacha  

  • Is mná iad formhór na múinteoirí (72%) agus na n-oibrithe cúraim sláinte (78%)  

Foinsí: EIGE, Eurostat (staitisticí faoin múinteoireacht, figiúirí maidir le hoibrithe cúraim sláinte)

Tá steiréitíopaí inscne greanta go mór inár gcultúr agus is bunchúis le neamh-chomhionannais inscne iad.   

alt=""
69.3%
sin an céatadán ban atá fostaithe
alt=""
12.7%
sin an bhearna phá idir na hinscní
""
32%
sin an líon post bainistíochta ar mná atá iontu

Feachtas de chuid an Aontais: Dul i ngleic le steiréitíopaí inscne

Cothromaíocht oibre is saoil

Léiríonn an taighde gur mná a dhéanann an ceann trom den obair chúraim agus den obair tí sa bhaile, le hais na bhfear.

Déantar freagrachtaí cúraim agus tí a roinnt go míchothrom idir fir agus mná, rud a d’fhéadfadh na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do mhná a laghdú, nó mná a ghríosú chun jabanna páirtaimseartha a fháil a thugann níos mó solúbthachta dóibh, ach a mbíonn pá níos ísle ag gabháil leo. De réir Eurostat, ag deireadh 2022 ba oibrithe páirtaimseartha a bhí i 48% de na mná i ngairmeacha bunúsacha, le hais 19% de na fir.

Chun dul i ngleic leis sin, ghlac an tAontas raon treoracha lena dtugtar isteach cearta íosta saoránach le go mbeidís in ann saol oibre agus saol príobháideach araon a bheith acu. Meastar go ndéanfar freagrachtaí cúraim a roinnt idir mná agus fir ar bhealach níos fearr idir dá bharr sin.

Féach reachtaíocht an Aontais maidir le cothromaíocht oibre is saoil 

Gníomhaíochtaí de chuid an Aontais chun an chothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn

Conair i dtreo comhionannas iomlán inscne a bhaint amach

Níor bhain an tAontas comhionannas iomlán inscne amach go fóill, ach tá dul chun cinn déanta, rud a léirítear in Innéacs Comhionannais Inscne 2023. Den chéad uair, bhain an tAontas 70.2 pointe (as 100) amach – an t-ardú bliain i ndiaidh bliana ab fhearr ó tugadh an t-innéacs isteach in 2013. Is é is aidhm don Aontas 100 pointe a bhaint amach, rud a chiallódh go bhfuil comhionannas iomlán idir mná agus fir bainte amach ag an Aontas.

Tuilleadh eolais faoi Innéacs Comhionannais Inscne 2023

An Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025

Chun dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo Eoraip atá cothrom ó thaobh inscne de, ghlac an Coimisiún an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne in 2020.

Leis an straitéis féachtar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe
  • cur in aghaidh steiréitíopaí inscne
  • na bearnaí inscne sa mhargadh saothair a líonadh
  • rannpháirtíocht chothrom a bhaint amach thar na hearnálacha éagsúla den gheilleagar
  • cothromaíocht inscne a bhaint amach sa chinnteoireacht pholaitiúil agus eacnamaíoch

Leis an straitéis leagtar amach an fhís, na cuspóirí beartais agus na gníomhaíochtaí atá de dhíth le dul chun cinn fónta a dhéanamh i dtaca leis an gcomhionannas inscne san Eoraip. Gach bliain eisíonn an Coimisiún tuarascáil maidir le comhionannas inscne san Aontas ina ndéantar athbhreithniú ar an staid ag a bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit maidir le comhionannas inscne, agus cuirtear i dtábhacht éachtaí an Aontais sna cúig phríomhréimse sin.

Go dtí seo faoin straitéis sin, tá an tAontas tar éis an méid seo a leanas a dhéanamh:

Ina theannta sin tá na nithe seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:

Dul chun cinn a chothú

De réir na tuarascála is déanaí maidir le comhionannas inscne a foilsíodh in 2023, beidh sé ina phríomhdhúshlán as seo amach a chinntiú go mbíonn na deiseanna céanna ag gach duine tairbhe a bhaint as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach. Faoi láthair, tá mná agus cailíní fágtha ar leataobh i dtaca le deiseanna atá ar fáil san earnáil sin, go príomha de bharr steiréitíopaí inscne atá fréamhaithe go domhain agus a chuireann bac orthu gairm bheatha a shaothrú san eolaíocht agus sa teicneolaíocht.

Chun dul chun cinn a dhéanamh, tá sé tábhachtach gné an chomhionannais inscne a áireamh i ngach réimse beartais, ag gach leibhéal, agus ag gach céim den cheapadh beartais chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais, dúshláin, agus deiseanna sonracha d’fhir agus do mhná. Ina theannta sin beidh sé ríthábhachtach rannpháirtíocht na mban i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024 a chur chun cinn, toisc go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh mná i láthair sa reachtas agus sa cheannaireacht chun léiriú níos cruinne den tsochaí a thabhairt agus chun feabhas a chur ar an gceapadh beartais. 

Tá infheistíocht á déanamh ag an gCoimisiún i dtodhchaí ina mbeidh an comhionannas inscne i réim freisin. Tugtar tacaíocht agus cistiú do thionscadail a bhaineann leis an gcomhionannas inscne trí roinnt clár de chuid an Aontais, mar shampla an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) agus cláir chistithe chomhtháthaithe de chuid an Aontais

Tionscadal: Comhionannas inscne sa taighde

Tá sé de cheangal ar thíortha an Aontais Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu. Is é bunreacht do thíre féin a thugann cosaint do chearta bunúsacha, de ghnáth. Má bhraitheann tú go bhfuil sárú á dhéanamh ar do chearta comhionannais, féach conas is féidir leat gearán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta