Ar smaoinigh tú riamh ar conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas nó conas do phinsean a aistriú chuig Ballstát eile? An bhfuil cabhair uait chun an deontas nó an scoláireacht cheart ón Aontas a aimsiú? Nó b’fhéidir go bhfuil ceisteanna agat faoi chúiteamh ar eitilt ar cuireadh moill uirthi? Má tá eolas á lorg agat faoi bheartais an Aontais, faoi do chearta mar shaoránach den Aontas, nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi obair an Aontais, tá roinnt bealaí ann chun teagmháil a dhéanamh linn.Cuir glao ar ionad teagmhála Europe Direct nó buail isteach annIs féidir leat labhairt le hoibreoir saor in aisce ach glaoch ar + 800 6 7 8 9 10 11 ó áit ar bith san Aontas. Tá an tseirbhís ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, Luan go hAoine, ó 9:00 go 18:00 (Am Lár na hEorpa). Is féidir leat aon cheist a chur a bhaineann leis an Aontas.Is féidir leat freisin bualadh isteach chuig d’ionad áitiúil Europe Direct. Tá thart ar 400 ionad ar fud an Aontais, agus cuidíonn siad le saoránaigh tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an tAontas. Is féidir leat bualadh lena mbaill foirne, eolas ginearálta a fháil faoin Aontas, agus aon cheist, beartas nó deis a bhaineann leis an Aontas a phlé.Nasc leis an Aontas ar líneChun an nuacht is déanaí a fháil agus chun deiseanna a fhiosrú, is féidir leat institiúidí an Aontais a leanúint ar na meáin shóisialta. Is féidir leat scríobh chuig an gCoimisiún Eorpach ar Messenger in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais, agus freagra a fháil le linn uaireanta oibre, ar laethanta na seachtaine ó 9:00 go 18:00 (Am Lár na hEorpa). De rogha air sin, is féidir leat an fhoirm theagmhála a líonadh isteach, agus gheobhaidh tú freagra laistigh de 3 lá oibre.Tabhair cuairt ar an ionad Experience Europe nó ar institiúidí an AontaisMá tá tú sa Bhruiséil, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ionad taispeántais Experience Europe, áit ar féidir leat foghlaim faoi obair, tosaíochtaí, beartais agus luachanna an Choimisiúin Eorpaigh. Bíonn sé ar oscailt 7 lá na seachtaine, tá cead isteach saor in aisce ann, agus ní gá do dhaoine aonair ná do ghrúpaí níos lú ná deichniúr clárú roimh ré.I gcás grúpaí móra, grúpaí mac léinn mar shampla, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hIonad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh, ionad a eagraíonn cláir chuairteanna. Ní mór cuairteanna a chur in áirithe 10 seachtaine roimh ré ar a laghad le haghaidh cuairteanna fisiciúla agus 7 seachtaine le haghaidh cuairteanna fíorúla.Tá institiúidí eile de chuid an Aontais oscailte freisin do chuairteoirí ón Eoraip agus ó gach cearn den domhan. Is é an t-am is fearr chun cuairt a thabhairt ar Lá na hEorpa i mí na Bealtaine, nuair a osclaíonn institiúidí an Aontais sa Bhruiséil agus in Strasbourg a ndoirse don phobal. Is féidir leat féachaint ar an gcaoi a n-oibríonn siad ó lá go lá agus foghlaim faoin Aontas. Mura féidir leat cuairt a thabhairt go pearsanta, is féidir leat turas fíorúil a dhéanamh.Déan teagmháil le hoifigí ionadaíochta an Choimisiúin Tá ionadaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh le fáil i ngach Ballstát den Aontas, agus is féidir leat páirt a ghlacadh in imeachtaí nó eolas a iarraidh iontu.Spreagann an tAontas cumarsáid oscailte agus trédhearcacht, rud a fhágann go bhfuil sé éasca do dhuine ar bith eolas a fháil agus páirt a ghlacadh ann.Tuilleadh eolaisDéan teagmháil leis an Aontas EorpachCuairt a thabhairt ar an gCoimisiún Eorpach Sonraí Dáta foilsithe13 Lúnasa 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide