Agus é ag tógáil ar a phleananna chun an tsíocháin a chosaint agus dlús a chur le hullmhacht cosanta ár mór-roinne, tá sraith beart curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach ar cheart dóibh feabhas suntasach a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata ar fud na hEorpa. Cruthóidh na bearta limistéar soghluaisteachta míleata ar fud an Aontais inar féidir le trúpaí, trealamh agus sócmhainní míleata gluaiseacht timpeall go tapa agus go rianúil. Ag an am céanna, tá treochlár curtha i láthair ag an gCoimisiún freisin lena ndéanfar tionscal cosanta an Aontais a athrú ó bhonn trí bhorradh a chur faoin nuálaíocht shuaiteach agus trí thacú le gníomhaithe cosanta atá ag teacht chun cinn. Chun gluaiseacht mhíleata a chumasú ar luas agus ar scála, agus chun sinn a thabhairt níos gaire do ‘limistéar Schengen míleata’, déanfaidh na bearta an méid seo a leanas: Deireadh a chur le bacainní rialála, mar shampla, nós imeachta ceada aonair amháin a bheith ann chun gléasanna míleata a bhogadh do gach ceann de 27 dtír an AontaisCreat éigeandála a chruthú le haghaidh nósanna imeachta meara agus rochtain tosaíochta ar bhonneagarUllmhacht an bhonneagair iompair a fheabhsú, trí phríomhchonairí soghluaisteachta míleata an Aontais a uasghrádú go caighdeáin shibhialtacha agus mhíleata agus trí bhonneagar straitéiseach sibhialta/míleata a shainaithint agus a chosaint le bosca uirlisí athléimneachta nuaAcmhainneachtaí iompair agus lóistíochta a chomhthiomsú agus a chomhroinntRialachas agus comhordú a neartúComhar an Aontais le ECAT agus le comhpháirtithe eile a dhoimhniú. Ag an am céanna, d’eisigh an tAontas treochlár chun nuálaíocht shuaiteach – teicneolaíochtaí nua a athraíonn ó bhonn an chaoi a ndéantar rudaí – a scaoileadh agus chun tionscal cosanta na hEorpa a nuachóiriú. Baineann sé leas as na ceachtanna a foghlaimíodh ón gcogadh san Úcráin ina léirítear an chaoi a bhfuil an chogaíocht nua-aimseartha á hathrú ó bhonn ag teicneolaíochtaí cosanta. Leagtar amach ann céimeanna chun na pobail domhainteicneolaíochta agus cosanta a thabhairt le chéile, dlús a chur le húsáid ardteicneolaíochtaí i gcumais mhíleata agus borradh a chur faoi acmhainneacht táirgeachta na hEorpa tríd an nuálaíocht. Tá an treochlár dírithe ar cheithre phríomhthosaíocht: tacú le hinfheistíocht i gcuideachtaí cosantadlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí nuarochtain ar chumais chosanta a leathnúna scileanna is gá a fhorbairt chun buntáiste teicneolaíoch na hEorpa a chothú Cuirfidh an Coimisiún tús láithreach le gníomhaíochtaí beartaithe an treochláir a chur i bhfeidhm. Cuirfear na bearta soghluaisteachta míleata faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa lena nglacadh. Conas soghluaisteacht mhíleata san Aontas a fheabhsú Tuilleadh eolais Soghluaisteacht mhíleata Treochlár um Chlaochlú an Tionscail Cosanta Beart a dhéanamh ar son na cosanta chun muintir na hEorpa a chosaint Preaseisiúint: An Coimisiún bogtha i dtreo ‘limistéar Schengen míleata' agus chlaochlú an tionscail cosanta Sonraí Dáta foilsithe19 Samhain 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide