
Beidh Seachtain Eorpach um Fhuinneamh Inbhuanaithe 2025 ar siúl ón 10 go dtí an 12 Meitheamh 2025, sa Bhruiséil agus ar líne. Tugtar le chéile mar chuid di daoine ceannródaíocha ón bpobal fuinnimh ghlain agus cainteoirí ardleibhéil chun smaointe a mhalartú, comhoibriú agus cuidiú le todhchaí fuinnimh inbhuanaithe na hEorpa a mhúnlú.
Deis a bheidh ann freisin chun machnamh a dhéanamh ar na hiarrachtaí is déanaí ón gCoimisiún chun borradh a chur faoin bhfuinneamh inbhuanaithe inacmhainne. In 2022, nuair a bhí ar an Eoraip aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa mhargadh fuinnimh domhanda, sheol an Coimisiún REPowerEU, plean chun fuinneamh a shábháil, ár soláthairtí a éagsúlú agus táirgeadh fuinnimh ghlain a mhéadú. Mar thoradh air sin, laghdaigh an tAontas a spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus is ó fhoinsí in-athnuaite a thagann 47% de leictreachas an Aontais anois.
An bhliain chéanna, mhol an Coimisiún rialacha nua chun soláthairtí leordhóthanacha gáis a chinntiú i gcás bristí tobanna. Leis na rialacha nua stórála gáis sin, cinntítear go líontar saoráidí stórála Bhallstáit den Aontas i gceart, agus cuidíonn Ardán Fuinnimh an Aontais leis na Ballstáit oibriú le chéile ar mhargaí domhanda.
In 2023, rinne an tAontas athbhreithniú ar a Threoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, agus d’ardaigh sé an sprioc cheangailteach maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 go 42.5% ar a laghad. Is ionann sin agus dúbailt nach mór a dhéanamh ar an sciar d’fhoinsí in-athnuaite san Aontas faoi láthair.
Cuid lárnach d’fhuinneamh slán inacmhainne a chinntiú is ea bealaí soláthair a éagsúlú. Ó 2022 i leith, tá comhaontuithe nua curtha ar bun ag an gCoimisiún le roinnt comhpháirtithe idirnáisiúnta chun gás nádúrtha a iompórtáil ó fhoinsí éagsúla.
In 2025, chuir an Coimisiún i láthair an plean gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne chun costais fuinnimh a laghdú, an t-aontas fuinnimh a chur i gcrích, infheistíochtaí a mhealladh agus chun bheith níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann. Is é is aidhm don phlean sin €45 bhilliún a shábháil in 2025 amháin, agus meastar go dtiocfaidh méadú ar an méid a shábhálfar sna blianta ina dhiaidh sin.
Ar deireadh, don tréimhse 2024-29, shocraigh an Coimisiún go mbeidh fuinneamh glan inacmhainne ar cheann dá phríomhthosaíochtaí chun borradh a chur faoin iomaíochas. Tacaíonn an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan leis an sprioc sin trí dhícharbónú a chur chun cinn agus praghsanna fuinnimh a ísliú.
Tuilleadh eolais:
- Dáta foilsithe
- 10 Meitheamh 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
During a virtual meeting to address challenges to energy security, the G7 Leaders agreed a series of coordinated measures to stabilize immediate energy supplies, shield households and businesses from price shocks, and strengthen the long-term resilience of global energy systems.
Tá rialacha nua maidir leis an margadh leictreachais agus gáis ag teacht i bhfeidhm ar fud an Aontais. Is é is aidhm dóibh córas fuinnimh na hEorpa a dhéanamh níos glaine, níos sláine, agus níos athléimní. Cosnaíonn siad na saoránaigh ar arduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh, agus tugann siad cearta agus smacht níos láidre dóibh maidir lena gcuid roghanna fuinnimh.
Tá tionscnaimh curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach chun borradh a chur faoin infheistíocht i réitigh fuinnimh ghlain de thionscnamh an Aontais, chun athléimneacht a mhéadú, agus chun praghsanna fuinnimh a laghdú.
Tá tionscnaimh nua molta ag an gCoimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna seanbhunaithe maidir le bonneagar fuinnimh an Aontais a phleanáil agus a chur chun feidhme. Is é is aidhm dóibh a chinntiú go sreabhfaidh fuinneamh inacmhainne glan ar bhealach níos éifeachtúla ar fud an Aontais.