
Tá bearta molta ag an gCoimisiún Eorpach chun neartú a dhéanamh ar fhreagairt an Aontais Eorpaigh ar thírdhreach coiriúil atá ag teacht chun cinn agus é ag éirí níos sofaisticiúla, níos idirnáisiúnta agus níos digití. Chun dul i ngleic go héifeachtach leis an gcoireacht, ní mór do na póilíní, lucht custaim, na hionchúisitheoirí agus na cúirteanna oibriú go dlúth le chéile ó thús imscrúduithe go breithiúnais críochnaitheach na cúirte.
Is gníomhaireachtaí de chuid an Aontais iad Europol agus Eurojust atá i gcroílár fhreagairt an Aontais ar líonraí coireachta eagraithe trasteorann, ar sceimhlitheoirí agus ar ghníomhaithe naimhdeacha. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach a n-acmhainneachtaí agus a róil a neartú chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta, chun coirpigh a thabhairt os comhair na cúirte ar bhealach níos éifeachtúla agus chun na saoránaigh den Aontas a chosaint ar bhealach níos fearr.
Europol – tacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na coireachta thar theorainneacha
Leis na rialacha nua, cinnteofar gur féidir le Europol tacaíocht níos fearr a thabhairt do na tíortha den Aontas tríd an méid seo a leanas:
- comhroinnt faisnéise uathoibrithe agus níos tapúla lena bhféadfar comhoibriú fíor-ama a dhéanamh i leith imscrúduithe
- Oifigí Tacaíochta Europol a bhunú ina n-oibreoidh iar-oifigigh Europol, rud a thabharfaidh tacaíocht oibríochtúil níos fearr do na tíortha den Aontas
- mol teicneolaíochta agus nuálaíochta a chruthú, lena bhféadfar léargas uile-Aontais a thabhairt ar na riachtanais chumais atá ann maidir le forfheidhmiú an dlí.
- comhar níos láidre le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, amhail Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus comhar idirnáisiúnta treisithe le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic go comhpháirteach leis an gcoireacht trasteorann dhomhanda
Eurojust – tacú le hionchúisitheoirí náisiúnta agus údaráis bhreithiúnacha
Leis na rialacha nua, neartófar acmhainneachtaí Eurojust tríd an méid seo a leanas:
- tacaíocht oibríochtúil níos láidre ionas gur féidir le Eurojust gníomhú ar a thionscnamh féin chun naisc idir cásanna a shainaithint
- sainordú Eurojust a leathnú i réimsí coireachta atá ag teacht chun cinn, amhail an cibearchoireacht nó an foréigean inscnebhunaithe
- cinnteoireacht a fheabhsú trí phróisis níos solúbtha agus gníomhaíocht níos tapa i gcásanna práinneacha agus casta.
- feabhas a chur ar an gcomhar le Europol agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
- rannpháirtíocht idirnáisiúnta níos láidre le tríú tíortha
Cuirfidh na gníomhartha sin feabhas ar an gcomhar agus ar an gcomhlántacht idir gníomhaireachtaí an Aontais agus údaráis náisiúnta, ina measc sin póilíní, lucht custaim agus cúirteanna.
I measc bearta eile, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún nuashonrú a dhéanamh ar an Ordú Imscrúdaithe Eorpach freisin, nós imeachta tapa caighdeánach chun fianaise a bhailiú ar bhonn trasteorann ó thíortha eile den Aontas ó thaobh ábhair choiriúla de, chun go mbeidh sé níos éasca a chur i bhfeidhm.
Tugtar isteach leis freisin Ordú Eorpach nua um Chian-rannpháirtíocht chun gur féidir le daoine atá faoi dhrochamhras, daoine cúisithe agus íospartaigh cian-rannpháirt a ghlacadh in éisteachtaí cúirte coiriúla ó thír eile den Aontas.
Tuilleadh eolais
Bileog eolais faoi shainordú nua Europol
Bileog eolais faoi shainordú nua Eurojust
ProtectEU: Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)
Eolas faoi Europol - Cuidiú chun an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte
- Dáta foilsithe
- 24 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide