Go moch an 26 Aibreán 1986, gnáth-thástáil ba cheart a bheith ann ag stáisiún cumhachta núicléiche Shearnóbail ach níorbh fhada gur tharla an timpiste núicléach ba mhó ar domhan. Mar thoradh ar mheascán de lochtanna cinniúnacha i ndearadh an imoibreora agus earráid dhaonna, tharla pléascadh tubaisteach a scaoil amach méideanna ollmhóra radaíochta.Ní bheidh líon cruinn íospartach na tubaiste seo ar eolas choíche, ach easáitíodh 350,000 duine sna blianta ina dhiaidh sin agus chuir thart ar 600,000 fear a mbeatha féin i mbaol chun bheith rannpháirteach sna hoibríochtaí imshrianta. 40 bliain ina dhiaidh sin, is eiseamláir í Searnóbail den chur le chéile chun an t-olc a chur ina cheart.Tá an tAontas Eorpach agus an Úcráin ag comhoibriú maidir le sábháilteacht núicléach ó bunaíodh stát na hÚcráine in 1991. Ó shin i leith, tá maoiniú níos mó ná €1 bhilliún curtha ar fáil ag an Aontas i leith gníomhaíochtaí sábháilteachta núicléiche san Úcráin. Buaicphointe den tacaíocht sin ná an €423 mhilliún a ranníocadh le haghaidh an Struchtúir Gaibhniúcháin Shábháilte Nua, struchtúr ollmhór áirse a cuireadh os cionn Aonad 4 a scriosadh i Searnóbail, chun sceitheadh radaighníomhach a chosc. I ngeall ar ionsaí dróin ón Rúis i mí Feabhra 2025, rinneadh damáiste mór don struchtúr sin. Tá €37 milliún breise tiomnaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun an struchtúr a athbhunú ionas go mbeidh feidhmiúlacht iomlán aige arís faoi 2030.Mar iarracht ar Shearnóbail a dhíchoimisiúnú a thuilleadh, is ann do Choimpléasc Tionsclaíoch um Bainistiú Dramhaíola Radaighníomhaí Soladaí (ICSRM) ag Searnóbail, tionscadal arb é an tAontas a mhaoiníonn an chuid is mó de. Cuidíonn sé chun an dramhaíl radaighníomhach sholadach atá stóráilte ar an láthair faoi láthair a chóireáil, a oiriúnú agus a stóráil go sábháilte.Is í an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach (EINS) 2021-2027 clár cúnaimh sheachtraigh an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach. Tacaíonn sé le cultúr na sábháilteachta núicléiche a chur chun cinn, le bainistiú sábháilte dramhaíola radaighníomhaí agus le coimircí núicléacha éifeachtacha éifeachtúla a chur i bhfeidhm.Ní mór na ceachtanna a fhoghlaimímid ón am a chuaigh thart a bheith mar threoir againn agus muid ag bainistiú na sábháilteachta núicléiche agus ag ullmhú don todhchaí. Leanann an tAontas de bheith ag obair ar bhealach comhordaithe ar an leibhéal domhanda chun a chinntiú go ndéanfar amhlaidh.Tuilleadh eolaisRáiteas ón gCoimisiúnDlúthpháirtíocht an Aontais leis an ÚcráinAn Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht NúicléachEuratom Sonraí Dáta foilsithe24 Aibreán 2026 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 26 Aibreán 2026)ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide