Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Rialacha agus prionsabail

Tá na rialacha agus na prionsabail a rialaíonn maoiniú ón Aontas ceaptha lena chinntiú go mbeidh an rochtain chéanna ag gach duine ar mhaoiniú agus go gcaithfear na cistí mar is ceart.

Nósanna imeachta trédhearcacha do chách

Is cuma má tá iarratas á dhéanamh agat ar dheontas atá á bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach nó ag údarás bainistíochta náisiúnta, nó má tá tú ag glacadh páirt i nglao ar thairiscintí, tá tú i dteideal cóir chomhionann agus rochtain ar fhaisnéis.

Is é atá i gceist le nósanna imeachta trédhearcacha go bhfoilsítear glaonna ar thograí ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh. Bíonn an prionsabal céanna trédhearcachta i bhfeidhm maidir le cistí an Aontais a bhainistítear ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach.

Foilsítear glaonna ar thairiscintí an Choimisiúin ar a shuíomh gréasáin, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus sa bhunachar sonraí Tenders Electronic Daily (TED).

Foilsítear faisnéis faoin maoiniú ón Aontas atá á bhainistiú go díreach ag an gCoimisiún Eorpach (ainmneacha agus na méideanna a fuarthas) sa chóras trédhearcachta airgeadais (FTS).

I gcás maoiniú atá á bhainistiú ag tíortha an Aontais, tá sé éigeantach ainmneacha na n-eagraíochtaí tairbhíocha a fhoilsiú freisin. Áirítear leis sin cistiú a chuirtear ar fáil faoin gcomhbheartas talmhaíochta, faoin mbeartas muirí agus iascaigh agus faoi chistí struchtúracha agus infheistíochta. Foilsíonn tíortha an Aontais an fhaisnéis sin ar a suíomhanna gréasáin náisiúnta.

  • Rialachán

Is é an Rialachán Airgeadais an príomhphointe tagartha do na prionsabail agus na nósanna imeachta lena rialaítear bunú, cur chun feidhme agus rialú bhuiséad an Aontais.

 

Leasanna an Aontais a chosaint

Is é EDES an córas a bhunaigh an Coimisiún chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a threisiú agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú. Tháinig sé in ionad an Chórais Réamhrabhaidh agus an Bhunachair Sonraí Lárnaigh maidir le hEisiamh amhail ón 1 Eanáir 2016.