Page contents Page contents An córas trédhearcachta airgeadais Is éard atá sa chóras trédhearcachta airgeadais bunachar d'ainmneacha na ndaoine/dreamanna a fuair maoiniú ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Is féidir le saoránaigh teacht ar shonraí an mhaoinithe a thug an Coimisiún Eorpach uaidh go díreach (ó bhí 2007 ann), agus ar shonraí na ndaoine/na ndreamanna a fuair maoiniú tríd an gCiste Forbraíochta Eorpach (ó bhí 2010 ann). Cuardach a dhéanamh sa bhunachar d'fhaighteoirí maoiniúcháin An t-eolas atá ar fáil an té a fuair an maoiniú an t-ábhar, i.e. cuspóir an chaiteachais an áit a bhfuil an té a fuair an maoiniú lonnaithe méid agus cineál an chaiteachais an roinn a thug an maoiniú an chuid de bhuiséad an Aontais ónar tháinig an maoiniú an bhliain a cláraíodh an méid sna cuntais Tá tuilleadh eolais faoin gcóras trédhearcachta airgeadais sna ranna Ceisteanna Coitianta agus Cabhair, ar an suíomh gréasáin seo.