Tosaíochtaí reachtóireachta a leagan amach
Gach fómhar, leagann an Coimisiún amach a chuid tosaíochtaí beartais don bhliain a chuirfear roimhe i gclár oibre an Choimisiún. Tar éis a ghlactha, cuirtear an clár oibre faoi bhráid sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta ina dhiaidh sin.
Comhaontú idirinstitiúideach maidir le reachtóireacht níos fearr
Dlí a phleanáil agus a bheartú
Mar chuid den chlár oibre maidir le reachtóireacht níos fearr, is féidir le daoine aonair, gnólachtaí agus grúpaí de pháirtithe leasmhara tionscnaimh an Choimisiúin a rianú ag gach céim den phróiseas.
An Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna
An dlí a ghlacadh
Is féidir le páirtithe leasmhara an dul chun cinn a leanúint i dtaca le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin tríd an bpróiseas reachtach Eorpach nó trí na próisis náisiúnta reachtacha araon. Cuirtear tús leis sin ó uair a dtionscanta síos trí chaibidlíocht i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle agus tagann sé chun críche nuair a dhéantar iad a ghlacadh ar deireadh agus a ionchorprú sa dlí náisiúnta.
Aon leasuithe neamhriachtanacha ar thionscnaimh an Aontais Eorpaigh nach gá a chur tríd an bpróiseas iomlán reachtóireachta, is féidir iad a rianú trí chéimeanna éagsúla a bhforbartha, agus is é gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a thugtar orthu sin.
Saolré dlí nua atá beartaithe a rianú
Bunachar sonraí de thuairimí ó pharlaimintí náisiúnta agus freagraí ón gCoimisiún Eorpach ina leith
Clár idirinstitiúideach na ngníomhartha tarmligthe
Clár nós imeachta coiste maidir le gníomhartha cur chun feidhme
Baile - Clár na ngníomhartha tarmligthe
Dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm
Is féidir a fháil amach freisin faoi na bearta a dhéanann tíortha chun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ionchorprú sa dlí náisiúnta agus rianú a dhéanamh ar nósanna imeachta maidir le sárú a rianú atá tionscanta ag an gCoimisiún Eorpach in aghaidh thíortha an Aontais Eorpaigh.
Bearta náisiúnta cur chun feidhme
Clár na gcinntí maidir le sárú
Meastóireacht a dhéanamh agus feabhas a chur ar dhlíthe atá ann cheana
Déanann an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar bhonn leanúnach féachaint an bhfuil rialacha an Aontais Eorpaigh ag freastal ar riachtanais na saoránach agus na ngnólachtaí ar an gcostas is ísle. Cuireann meastóireachtaí agus seiceálacha oiriúnachta le socrú tosaíochtaí polaitiúla agus cuireann siad le pleanáil straitéiseach, chomh maith le hathbhreithniú ar bheartais agus ar reachtaíocht atá ann cheana.
Meastóireacht a dhéanamh ar dhlíthe, ar bheartais agus ar chláir mhaoiniúcháin