Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Comhairliúcháin

Cuardaigh bunachar sonraí tionscnamh atá faoi réir comhairliúchán poiblí agus glac páirt i gcéimeanna éagsúla an phróisis reachtóireachta agus an phróisis ceaptha beartas trí aiseolas a thabhairt.

Rannchuidiú leis an bpróiseas reachtóireachta trí bhíthin comhairliúcháin phoiblí agus trí aiseolas a thabhairt

Tá deiseanna éagsúla ann chun rannchuidiú le próiseas reachtóireachta an Aontais Eorpaigh le linn an phróisis – ón gcéim ullmhúcháin go dtí tograí i dtaobh dlíthe nua agus meastóireachtaí ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le dlíthe atá ann cheana.

Is féidir leis na saoránaigh páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin phoiblí agus aiseolas a thabhairt le linn an phróisis ceaptha beartas, doiciméid a bhaineann le hábhar a cheadú agus féachaint ar na tuairimí a fuarthas.

Cuardaigh sna comhairliúcháin oscailte agus dhúnta agus sna deiseanna aiseolais nó cláraigh chun fógraí ríomhphoist a fháil agus eolas ar chomhairliúcháin nua a fháil.

Foghlaim faoi na bealaí éagsúla atá ann chun rannchuidiú leis an bpróiseas reachtóireachta.

Fáiltíonn an Coimisiún roimh do thuairimí, am ar bith, ar an gcaoi le dlíthe an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla trí bhíthin Rómhaorlathas a laghdú – Cloisimis uait!

Sprioc thábhachtach de chuid chlár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr is ea rannpháirtíocht saoránach agus geallsealbhóirí a mhéadú sa phróiseas reachtóireachta agus sa phróiseas ceaptha beartas.