Comhairle ó shaineolaithe seachtracha Tá clár curtha ar bun ag an gCoimisiún de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d'eintitis eile den saghas céanna a chuireann comhairle air i dtaca leis an méid seo a leanas: • Tograí reachtacha agus tionscnaimh beartais a ullmhú; • Gníomhartha tarmligthe a ullmhú; • Reachtaíocht, cláir agus beartais an Aontais a chur chun feidhme • Más gá, céimeanna luaithe ullmhúchán na ngníomhartha cur chun feidhme, sula gcuirtear faoi bhráid an choiste iad i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Tá eolas i dtaobh gach grúpa sa chlár, e.g. an roinn den Choimisiún a bhfuil cúram an ghrúpa air, chomh maith le misean, cúraimí agus baill an ghrúpa. Ina cheann sin, tá doiciméid ábhartha atá ullmhaithe agus pléite ag an ngrúpa ann freisin, e.g. miontuairiscí cruinnithe, cláir oibre agus tuarascálacha gníomhaíochtaí. Cuardach a dhéanamh sa chlár de ghrúpaí saineolaithe Rules for experts evaluating tenders