Gníomhaíochtaí
Ionad oibre tarraingteach
Cuirfidh an Coimisiún borradh faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair chun timpeallacht oibre a chruthú a bheidh cuimsitheach, inbhuanaithe agus solúbtha agus lena mbainfidh peirspictíochtaí forbartha gairmiúla agus dálaí oibre a thacaíonn le teaghlaigh. Bearta sonracha san áireamh chun an Comhaontú Glas don Eoraip a urramú agus chun rannchuidiú leis.
Roghnú agus earcú níos tapúla agus níos sofhreagrúla
Tabharfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, próisis roghnúcháin agus earcaíochta isteach atá nua-aimseartha, níos tapúla agus níos solúbtha. Is é is aidhm leis sin na daoine is tréithí agus is oiriúnaí a roghnú, cothrom na Féinne a chinntiú d’iarratasóirí ó chúlraí éagsúla, agus tallann inmheánach a choinneáil.
Gairmréim sholúbtha fhiúntach do gach ball foirne
Neartóidh an Coimisiún peirspictíochtaí gairme na foirne tríd an tsoghluaisteacht inmheánach agus sheachtrach a chur chun cinn. Déanfar gairmthreoir, cóitseáil agus spriocearcú inmheánach a neartú. Feabhsófar an tairiscint oiliúna trí phacáistí foghlama a fhorbairt do ghairmeacha éagsúla.
Seirbhísí acmhainní daonna cuíchóirithe
Tacóidh gníomhaíocht thrasearnálach leis na trí cinn eile, trí nósanna imeachta a shimpliú agus a bhrostú i gcás inar féidir. Déanfar seirbhísí a dhearadh i bhfianaise an úsáideora deiridh agus beidh siad cliste agus soláimhsithe. Beifear in ann é sin a dhéanamh le huirlisí éifeachtacha TF acmhainní daonna, a shásóidh ionchais na mball foirne agus riachtanais ghnó.
Na príomhscéalta