Tá an t-eolas seo ar fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский Page contents Page contents Tacaíocht don oideachas Is páistí atá in aois scoile iad go leor dídeanaithe ón Úcráin. Cuidíonn sé go mór an strus síceolaíoch atá orthu a mhaolú ach iad a bheith ag freastal ar scoil, sin agus tugann sé cobhsaíocht agus normáltacht dóibh, mar aon le hionchas don todhchaí. Tá an méid seo a leanas á dhéanamh ag an gCoimisiún:tacaíocht mhaoiniúcháin a chur ar fáil do scoileanna, don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint, d’oideachas agus do chúram na luath-óige freisin trí Chistí Comhtháthaithe an Aontais, trí Erasmus+ agus tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.grúpa Dlúthpháirtíochta Oideachais an Aontais a chomhordú don Úcráin chun riachtanais pháistí na hÚcráine a shainaithint agus chun tacú leis na Ballstáit a dhéanann iad a óstáil, an phiarfhoghlaim agus treoir bheartais san áireamhrochtain a chur ar fáil ar ábhar foghlama san Úcráinis agus acmhainní agus cúrsaí ar líne a chur ar fáil do mhúinteoirí tríd an Tairseach Oideachais Scoiletacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí i measc na ndídeanaithe trí rochtain ar chláir agus malartuithe de chuid an Aontais i bpobal eTwinningTá mol acmhainní curtha ar bun ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna ina bhfuil faisnéis faoin gcaoi ar féidir le daoine a theith ón Úcráin leanúint ar aghaidh nó rochtain a fháil ar oideachas agus ar oiliúint i dtíortha an Aontais, tuiscint agus aitheantas a fháil ar a gcáilíochtaí chun críocha oibre nó staidéir, agus deiseanna fostaíochta a aimsiú. Picteagraim san Úcráinis agus sa Bhéarla do dhaltaí agus do mhúinteoirí Is leabhrán praiticiúil ina bhfuil picteagraim é seo agus is féidir leis cabhrú le cainteoirí Úcráinise agus cainteoirí Béarla na chéad bhacainní cumarsáide a shárú.Íoslódáil Limistéar Eorpach Taighde don ÚcráinIs ionad ilfhreastail í an tairseach ‘Limistéar Eorpach Taighde don Úcráin’ d’eolas agus seirbhísí tacaíochta do thaighdeoirí atá lonnaithe san Úcráin agus do thaighdeoirí atá ag teitheadh ón Úcráin. Ar an tairseach, tugtar le chéile tionscnaimh ar leibhéal an Aontais, in aghaidh na tíre agus ó ghrúpaí neamhrialtasacha. Is é is aidhm dó cuidiú le taighdeoirí a ndearnadh difear dóibh tithíocht agus deiseanna fostaíochta a aimsiú, aitheantas a gcuid dioplómaí a éascú, agus seirbhísí eile a thairiscint.Seoladh an tairseach ar líonra EURAXESS a bhí ann cheana, a thacaíonn le taighdeoirí trí níos mó ná 600 ionad agus 43 thairseach náisiúnta a nascadh ar fud Bhallstáit an Aontais agus tíortha a bhfuil baint acu le Fís Eorpach. I measc na dtionscnamh eile de chuid an Aontais tá rochtain ar Science4Refugees, tionscnamh de chuid EURAXESS a bhí ann cheana lena gcuirtear intéirneachtaí agus poist pháirtaimseartha agus lánaimseartha ar fáil do dhídeanaithe, chomh maith le rochtain ar Chomhphobal Eorpach Taighde, agus GMSC – Taighdeoirí atá i mbaol. Doiciméid 4 EANÁIR 2023Factsheet - Refugees from Ukraine: Support to school children and teachers English Eolas praiticiúil eileUllmhúchán a dhéanamh leis an Úcráin a fhágáilTaisteal laistigh den Aontas EorpachBí sábháilte agus tú ag taisteal san Aontas EorpachTeagmhálacha agus eolas taistil de réir tír den AontasDo Chearta san Aontas EorpachCosaint do leanaíCúram SláinteRochtain ar phoistRochtain ar chóiríocht agus ar thithíocht