Tá an t-eolas seo le fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский Page contents Page contents Rochtain ar chúram sláinte san Aontas Ba cheart rochtain leathan ar shochair bhreoiteachta a thabhairt do dhaoine a thagann ón Úcráin, agus ba cheart dóibh a bheith cleamhnaithe le córas cúraim sláinte poiblí an Bhallstáit óstaigh. Féadfaidh oibrithe cúraim sláinte na hÚcráine ról lárnach a imirt i dtaca le freastal ar riachtanais nua má aithnítear a gcáilíochtaí go tapa. Má thugtar cosaint shealadach duit, beidh rochtain agat ar chúram sláinte i do Bhallstát óstach. Dá bhrí sin, tar éis duit clárú agus cead cónaithe sealadach a fháil, tabharfaidh an Ballstát óstach rochtain duit ar a chóras cúraim sláinte.Má mheasann córas sláinte poiblí an Bhallstáit óstaigh go bhfuil tú faoi árachas iomlán, beidh tú i dteideal freisin an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil a thugann an ceart duit cóir leighis riachtanach a fháil le linn duit a bheith ag fanacht go sealadach i mBallstát eile. Cóireáil ospidéil speisialaithe Chun cóireáil agus cúram speisialta ospidéil a chinntiú dóibh siúd atá i ngátar, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:Sásra dlúthpháirtíochta a chur ar bun d’aistrithe leighis laistigh den Aontas a dhéanamh ar dhídeanaithe agus ar dhaoine easáitithe ó na Ballstáit atá ar theorainn na hÚcráine. Cuireadh 10,000 leaba ar fáil cheana féin.Tacaíocht a chur ar fáil do rochtain ar vacsaíniú gnáthamh do leanaí ar cheart déileáil leo mar ábhar tosaíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le meabhairshláinte agus tacaíocht tráma dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh. Daoine ar a bhfuil galair neamhchoitianta nó riochtaí aimpléiseacha Na 24 Líonra Tagartha Eorpacha (ERNanna) atá ann le haghaidh galair neamhchoitianta aimpléiseacha, tá siad aontaithe ina dtacaíocht d’othair uile na hÚcráine. Tá ERNanna speisialaithe i ndiagnóisiú agus i gcóireáil tinneas neamhchoitianta/an-neamhchoitianta i mbeagnach gach réimse den leigheas, lena n-áirítear ailse neamhchoitianta.Tá na 1,600 sainionad ERN leabaithe i mbreis agus 300 ospidéal de chuid an Aontais, iad scaipthe ar fud na mBallstát uile, nó sa chuid is mó acu, (lena n-áirítear an tír chomharsanach, an Úcráin) agus san Iorua. Tá gealltanas tugtha ag ERNanna mol a chur ar fáil d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu laistigh den Úcráin agus lasmuigh di.Féach ar shuíomh gréasáin Líonraí Tagartha Eorpacha chun tuilleadh eolais agus treorach a fháil. Eolas ó aireachtaí náisiúnta agus ó gníomhaireachtaí sláinte an OstairEolas faoi rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus ar árachas sláinteLíne chabhrach +43 1 2676 870 9460Líne chabhrach um éigeandáil shíceolaíoch +43 1 34301014an BheilgEolas faoi chúram leighis do dhídeanaithe ón Úcráinan BhulgáirAn tairseach náisiúnta do dhaoine atá thíos leis an ionradh ar an Úcráinan ChróitEolas faoi rochtain ar chúram sláinte do dhaoine a thagann ón ÚcráinLeathanach gréasáin an Rialtais do dhaoine a thagann ón ÚcráinPoblacht na SeiceEolas faoi chabhair do mhuintir na hÚcráine | nasiukrajinci.czan DanmhairgÚdarás Sláinte na Danmhairgean EastóinAn Bord SláinteCiste um Árachas SláinteAn Institiúid Náisiúnta um Fhorbairt Sláinte - seirbhísí tacaíochta do dhídeanaithean FhionlainnEolas ginearálta ó Sheirbhís Inimirce na FionlainneCúnamh meabhairshláinteEolas faoi chóireáil in aghaidh na heitinnean FhraincAn Aireacht Dlúthpháirtíochta agus SláinteSuíomh gréasáin an Rialtaisan GhearmáinRéamhrá maidir le bheith ag maireachtáil sa GhearmáinSeirbhísí comhairleoireachta agus comhairliúcháin do theaghlaigh ón ÚcráinEolas faoi chúram sláinte do dhídeanaitheEolas maidir le COVID-19 sa Ghearmáinan UngáirAn Institiúid Náisiúnta um an Oinceolaíocht – Suíomh gréasáin agus ukrbejencionkologiaoncol [dot] hu (seoladh ríomhphoist)ÉireSeirbhísí cúraim sláinte do náisiúnaigh den Úcráin in Éirinnan IodáilAn Aireacht Sláintean LaitviaAn tSeirbhís Náisiúnta Sláintean LiotuáinAn Aireacht SláinteEolas faoi sheirbhísí sláinte +370 5 232 2222LucsamburgSuíomh gréasáin an Rialtaisan ÍsiltírEolas ó Rialtas na hÍsiltíre faoi chúram agus tacaíocht do dhídeanaithe ón ÚcráinBileog eolas ó Rialtas na hÍsiltíre do dhídeanaithe ón Úcráin maidir le hárachas sláinteEolas faoi chúram sláinte ó RefugeeHelpan PholainnSuíomh gréasáin na hAireachta Sláinte agus an Chiste Náisiúnta Sláintean PhortaingéilSeirbhís d’eachtrannaigh agus don teorainn – Eolas faoin gcóras um Chosaint Shealadachan RómáinEolas ginearálta faoi chúnamh do dhídeanaithe ón ÚcráinAn Aireacht Sláintean tSlóvaicEolas d’Úcránaigh atá ag teacht isteach i bPoblacht na Slóvaicean tSlóivéinInstitiúid Náisiúnta na Sláinte Poiblían SpáinnAn Aireacht um Chuimsiú, Slándáil Shóisialta agus Imircean tSualainnEolas ginearálta faoi vacsaíniúAn Bord Náisiúnta Sláinte agus Leasa Doiciméid 12 AIBREÁN 2022Factsheet: Access to health care in EU countries for persons displaced from Ukraine Lean an dul chun cinn is déanaí agus bí páirteach annTelegramXFacebookInstagramLinkedInLíonraí sóisialta eile Naisc ghaolmhara Tacaíocht don oideachasCosaint do leanaíRochtain ar chóiríocht agus ar thithíochtRochtain ar phoist
Ba cheart rochtain leathan ar shochair bhreoiteachta a thabhairt do dhaoine a thagann ón Úcráin, agus ba cheart dóibh a bheith cleamhnaithe le córas cúraim sláinte poiblí an Bhallstáit óstaigh. Féadfaidh oibrithe cúraim sláinte na hÚcráine ról lárnach a imirt i dtaca le freastal ar riachtanais nua má aithnítear a gcáilíochtaí go tapa.