Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

40 bliain le chéile

An dóigh ar athraigh an Spáinn an tAontas Eorpach

Tá scéal ratha iontach ag an Spáinn agus ag an Aontas araon, bunaithe ar an tsíocháin, ar an rathúnas agus ar an dlúthpháirtíocht, iad ag dul ó neart go neart le daichead bliain anuas. Tá rannchuidiú marthanach déanta ag an Spáinn leis an Aontas Eorpach chun cearta agus saoirsí a chur chun cinn ar fud na hEorpa, agus chun cur leis na deiseanna atá ag muintir na hEorpa staidéar, obair agus taisteal a dhéanamh ar fud na tíre. Le tacaíocht ón Spáinn, tá an tAontas tar éis a chomhpháirtíochtaí le Meiriceá Laidineach agus le réigiún na Meánmhara a dhoimhniú, rud a neartaíonn na naisc atá ag an Aontas leis an domhan mór.

An t-athrú a tháinig ar an Spáinn mar thoradh ar a ballraíocht san Aontas

Breis agus 200,000
Líon na Spáinneach a bhfuil staidéar déanta acu in ollscoileanna ar fud an Aontais a bhuí le Erasmus+ idir 2021 agus 2024
Breis agus 500,000
Líon na bhfeirmeoirí Spáinneacha a fhaigheann tacaíocht ríthábhachtach trí bheartas talmhaíochta an Aontais gach bliain
Méadú os cionn 100%
ar fhíor-OTI na Spáinne ó tháinig sí isteach san Aontas

Breis fíoras agus figiúirí

  • Ó tháinig siad isteach san Aontas, bhain réigiúin na Spáinne tairbhe as infheistíochtaí láidre sa bhonneagar áitiúil. Tá maoiniú comhtháthaithe os cionn €150 billiún faighte ag an Spáinn ó 1986 i leith. Le 40 bliain anuas, tá rochtain faighte ag níos mó ná 7 milliún teaghlach ar idirlíon leathanbhanda a bhuí le cistí réigiúnacha an Aontais. Bhain beagnach 150,000 cuideachta tairbhe as clár comhtháthaithe an Aontais freisin.
  • Le ballraíocht san Aontas, tá naisc trádála níos doimhne ag an Spáinn le comhpháirtithe domhanda ar fud an domhain. Tháinig méadú ar easpórtálacha domhanda earraí na Spáinne ó €12.6 billiún in 1986 (4.9% de OTI) go €141.5 billiún in 2024 (8.9% de OTI).
  • Ó 1986 i leith, tá maoiniú níos mó ná €17 mbilliún faighte ag taighdeoirí ón Spáinn ón gclár Fís Eorpach. Chuidigh an tacaíocht sin le breis agus 30,000 taighdeoir Spáinneach tionscadail a chur i gcrích a bhfuil tairbhí díreacha ag baint leo do shaoránaigh ar fud na hEorpa.

Scéalta ratha

  • An Eoraip a idirnascadh

    Ó bhí na 1990í ann, tá beagnach gach cuid dá hiarnród ardluais tógtha ag an Spáinn trí úsáid a bhaint as leithead caighdeánach an Aontais, rud a fhágann gur féidir lena traenacha nascadh go héasca le líonraí Eorpacha eile. Agus bhí ról mór ag maoiniú ón Aontas; infheistíodh beagnach €384 mhilliún ó 2007 go 2013 chun feabhas a chur ar chodanna tábhachtacha den iarnród, cuir i gcás an líne idir Maidrid agus an Ghailís. Le deich mbliana anuas, tá infheistíocht déanta ag an Aontas i mórthionscadail bhonneagair, ina measc sin cuid iarnróid Bergara-San Sebastian-Bayonne de Bhealach an Atlantaigh a nascann an Spáinn agus an Fhrainc, rud a chuireann borradh faoin nascacht idirnáisiúnta agus réigiúnach.

  • Tacú leis an eolaíocht Eorpach

    Tá ról ceannasach glactha ag an Spáinn maidir leis an eolaíocht Eorpach a chur chun cinn, ó ghrianfhuinneamh go teicneolaíochtaí candamacha.

    tionscadal QCIRCLE na Spáinne sna hOileáin Chanáracha ar thús cadhnaíochta maidir le hiarrachtaí an Aontais teicneolaíochtaí candamacha a fhorbairt, cuir i gcás braiteacht, ríomhaireacht agus cumarsáid. Cuidíonn an tionscadal leis an Eoraip feabhas a chur ar úsáid fuinnimh, an t-athrú aeráide a chomhrac, agus cúram sláinte a chur chun cinn trí dhiagnóisiú luath agus trí chóireálacha pearsantaithe.

  • Comhpháirtíochtaí a fhorbairt ar fud an domhain

    Mar phríomh-rannchuiditheoir le Global Gateway an Aontais, tá an Spáinn ag cuidiú chun fuinneamh glan a thabhairt chuig réigiún dúchasach Ngäbe-Buglé i bPanama. Rachaidh sé sin chun tairbhe do bhreis agus 36,000 duine trí 6,000 teach, scoil agus ionad sláinte a nascadh le chéile. Le maoiniú €10.4 milliún ón Aontas, tá an tionscadal seo ina chuid de phlean Global Gateway idir an tAontas agus Panama, darb aidhm os cionn €1 bhilliún a infheistiú i bhfuinneamh glan agus i líonraí leictreachais nua-aimseartha.

  • Tionscal iascaireachta níos glaine a chruthú

    In éineacht le seacht dtír Eorpacha eile, tá an Spáinn ag obair chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt le haghaidh iompar muirí níos glaise san Atlantach. Is é is aidhm don tionscadal HY2FISH, a fhaigheann maoiniú ón Aontas, ídiú breosla agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shoithí iascaireachta a laghdú. Cuideoidh sé sin chun an bealach a réiteach le haghaidh iascaireacht níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol san Eoraip.