Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
20 bliain le chéile

20 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach

Conas a d’athraigh sé sin an tAontas?

Leis an méadú mór a tháinig ar an Aontas in 2004, tá sé anois ar cheann de na margaí aonair is mó ar domhan. Tháinig fás agus rathúnas orainn. Le 20 bliain anuas, tógadh bonneagair agus naisc nua-aimseartha ar scála ilchríochach ar fud na 27 mBallstát, a bhuí le hinfheistíochtaí agus cistí ón Aontas. Bhain sochaí na hEorpa tairbhe as tuilleadh nuálaíochtaí, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, caighdeáin níos airde agus deiseanna níos fearr.

  • Os cionn 2.7 milliún
    An líon daoine óga ó na 10 mBallstát nua a bhfuil páirt glactha acu sa chlár Erasmus+ ó bhí 2004 ann
  • 26 mhilliún
    Poist nua ar fud an Aontais
  • 79%
    Céatadán na saoránach sna 10 mBallstát nua a chreideann go ndeachaigh ballraíocht san Aontas chun tairbhe a dtíre

Scéalta ratha

20 bliain le chéile

Imeachtaí lena gceiliúrtar an comóradh 20 bliain

Tá go leor imeachtaí á n-óstáil ag Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh i dtíortha an Aontais chun comóradh a dhéanamh ar an bhfiche bliain ó tharla méadú 2004. Faigh amach fúthu agus faigh tuilleadh eolais faoin mbealach le páirt a ghlacadh iontu.

20 bliain le chéile: ceiliúradh

Acmhainní

Na sonraí a úsáideadh san fheachtas ‘20 bliain le chéile’, is ar staitisticí Eurostat atá siad bunaithe, agus ar fhoinsí oifigiúla eolais eile, agus tá siad faoi réir nuashonruithe. Is ón Eorabharaiméadar a glacadh na suirbhéanna dá dtagraítear.