Níos mó deiseanna do dhaoine agus cáilíocht saoil níos fearr Children play in an AirBubble, an innovative playground providing clean air thanks to algae that absorb pollutants and carbon dioxide and in return produce oxygen, in Warsaw, Poland. Photo by Wojtek Radwanski / AFP via Getty ImagesChruthaigh an méadú níos mó deiseanna do shaoránaigh ó gach Ballstát staidéar agus obair a dhéanamh ar fud an Aontais. Ó bhí 2004 ann, tá an deis dul ag foghlaim agus ag teagasc thar lear tapaithe ag 2.7 milliún duine ó na 10 mBallstát nua. Chomh maith leis sin, a bhuí leis an gclár Erasmus+, rinne os cionn 600,000 duine óg ó thíortha eile san Aontas staidéar in ollscoileanna sna Ballstáit nua.As na 10 mBallstát a tháinig isteach in 2004, tá naoi gcinn acu páirteach go hiomlán i limistéar Schengen, an limistéar saorthaistil is mó ar domhan, rud lena ráthaítear taisteal slán éasca. Tá obair fós ag dul ar aghaidh maidir leis an gCipir a lánpháirtiú a thuilleadh i limistéar Schengen, agus na cúinsí speisialta a bhaineann léi á cur san áireamh.Le 20 bliain anuas, is mór an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le cearta sóisialta, leis an tsláinte, le cosaint an chomhshaoil, le bainistiú dramhaíola, le cearta tomhaltóirí agus le sábháilteacht táirgí, agus le nithe eile nach iad, rud a chuidíonn ó thaobh feabhas a chur ar cháilíocht saoil na ndaoine ar an iomlán.Ní hamháin gur bhain na 10 dtír a tháinig isteach in 2004 tairbhe as na caighdeáin níos airde sin, ach bhí lámh acu ina múnlú freisin. Sa lá atá inniu ann, tá an dúlra á chaomhnú ar bhealach níos fearr, tá an t-aer níos glaine sna cathracha, agus tá an príobháideachas á chosaint ar fud an Aontais. Os cionn 2.7 milliúnAn líon daoine óga ó na 10 mBallstát nua a bhfuil páirt glactha acu sa chlár Erasmus+ ó bhí 2004 ann40%An méanmhéadú ar rátaí athchúrsála a thuairiscigh an tSlóvaic, an Liotuáin, an tSlóivéin agus an Laitvia ó 2004 go dtí 202279an meánionchas saoil sna Ballstáit nua, méadú le hais 2004, tráth nach raibh i gceist ach 75 Poist, fás agus rathúnas a chruthú A woman celebrates the New Year beneath a sign welcoming the euro on 1 January 2015 in Vilnius. Lithuania switched over to the euro on 1 January 2015 becoming the last Baltic nation to adopt Europe's single currency. Photo by Petras Malukas/AFP Le 20 bliain anuas, tá fás 27% tagtha ar gheilleagar an Aontais. Is mór an fás atá tagtha ar gheilleagair na dtíortha a tháinig isteach san Aontas Eorpach in 2004. Tá geilleagar na Polainne agus geilleagar Mhálta breis agus dhá oiread níos mó ná mar a bhí. Tá fás 80% tagtha ar gheilleagar na Slóvaice.Is é an fás agus an rathúnas a d’éirigh freisin do na tíortha a bhí ina mBallstát cheana féin tráth an mhéadaithe in 2004. Tá dúbailt tagtha ar easpórtálacha na Spáinne chuig na 10 dtír nua le 20 bliain anuas. Ó shin i leith, tá méadú 77 % tagtha ar thrádáil earraí na hIodáile leis na tíortha sin. Is mór an fás atá tagtha ar na ceangail trádála idir an Liotuáin agus an tSualainn chomh maith. Laistigh d’achar níos lú ná 20 bliain, tá méadú os cionn 40 % tagtha ar an sreabhadh inmheánach earraí laistigh den Aontas.As na 26 mhilliún post nua a cruthaíodh ar fud an Aontais le 20 bliain anuas, is sna 10 mBallstát nua a cruthaíodh 6 mhilliún acu. 7gcinn de na 10 mBallstát nua, is é an euro an t-airgeadra atá acu anois17%An líon leanaí atá i mbaol bochtaineachta sna 10 mBallstát nua, laghdú le hais 2004, tráth ar 41% a bhí gceist20%An méadú ar an sciar den daonra idir 25 agus 34 bliana d’aois a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu sna 10 mBallstát nua ó bhí 2004 ann Borradh a chur faoi iomaíochas thionscail agus earnálacha tábhachtacha na hEorpa An employee tests rare earth materials in the research and development analytical lab at the NPM Silmet AS factory in Sillamae, Estonia. Photo by Peter Kollanyi / Bloomberg via Getty ImagesTá fás tagtha ar earnáil na tionsclaíochta mar gheall ar na barainneachtaí scála a ghabhann leis an margadh aonair méadaithe, rud atá le sonrú i gcás earnáil leictreonaice na Polainne, cuir i gcás, agus earnáil déantúsaíochta carr na Gearmáine. Tá rochtain níos fearr faighte ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa ar ionchuir ríthábhachtacha, ar nós amhábhair chriticiúla. Anois tá teacht éasca ag cuideachtaí ar chopar sa Chipir, ar chóbalt sa tSeicia, ar thearc-chré sa Liotuáin agus ar nicil sa tSlóvaic.Rud eile a d'eascair as an méadú ar líon na mBallstát is ea gur cruthaíodh deiseanna táirgí agraibhia a dhíol i margadh níos mó, rud a thugann rogha níos fearr de tháirgí ardcháilíochta do shaoránaigh. Tá curtha ag na 10 mBallstát nua le héagsúlacht talmhaíochta an Aontais, gona dtraidisiúin feirmeoireachta éagsúla, a mbarraí éagsúla, a mbeostoc éagsúil agus a dtáirgí ardcháilíochta éagsúla. Tá luach na táirgeachta talmhaíochta sna tíortha sin trí oiread níos mó anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin, agus is luach €68 mbilliún atá ann anois. 2xTháinig dúbailt ar tháirgeadh táirgí páipéir sa tSeicia€68 mbilliúnLuach na táirgeachta talmhaíochta sna 10 mBallstát nua281An líon táirgí ó na 10 mBallstát nua atá curtha le liosta an Aontais de tháirgí lena ngabhann ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint Infheistiú san Aontas seo againn Rail Baltica will connect the Baltic states to the rest of Europe, and it will enhance links between Finland and other countries in the EU. Photo by Dominika Zarzycka / NurPhoto via Getty ImagesLe 20 bliain anuas, tá infheistíocht mhór déanta ag an Aontas i mbonneagar chun áit chónaithe agus oibre níos fearr a dhéanamh den Eoraip – ar na nithe ina ndearnadh infheistíocht, tá idir mhórbhealaí agus phíblínte, idir iompar poiblí agus nascacht, idir lárionaid sonraí agus bhonneagar trasteorann.Chuidigh ár margadh fuinnimh comhtháite linn géarchéimeanna a sheasamh, ar nós an Rúis deireadh a chur le seachadtaí gáis. D’oibrigh tíortha an Aontais le chéile chun soláthairtí fuinnimh níos sláine agus níos inbhuanaithe a fhoinsiú, chun an t-aistriú i dtreo fuinneamh glan a spreagadh agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú. A bhuí le hinfheistíochtaí móra ón Aontas, cuireadh go mór le cumhdach líonraí leathanbhanda ardluais ar fud an Aontais, agus tháinig borradh faoin líon daoine a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon. Tá ceannródaithe digiteacha, ar nós na hEastóine, ag cuidiú ó thaobh ríomhsheirbhísí rialtais a fhorbairt. I ngach cuid den Eoraip tá rochtain faighte ag na milliúin daoine ar an líonra 5G.Sa lá atá inniu ann, táimid ag déanamh dul chun cinn le NextGenerationEU. €800 billiún is luach dó, agus tá na céadta tionscadal á maoiniú leis, feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus traenacha leictreacha ina measc, chomh maith le seirbhísí digiteacha den scoth agus ionaid leighis den scoth. Trí na tionscadail sin, tá poist ardcháilíochta á gcruthú i ngach ceann de na 27 mBallstát.De réir mar a leanann an timpeallacht straitéiseach thart orainn de bheith ag athrú agus ós gá don Eoraip dlús a chur leis an gcosaint, tá na Ballstáit uile ag glacadh páirt san iarracht - tá taighde cosanta ar siúl san Eastóin, tá aerárthaí á bhforbairt sa tSualainn, agus tá armlón á tháirgeadh sa Pholainn. 40%An meánlaghdú ar dhéine fuinnimh earnáil na tionsclaíochta sna 10 mBallstát nua le 20 bliain anuas3xTá mótarbhealaí na Polainne, na hUngáire agus na Slóvaice trí oiread níos faide ná mar a bhíodh An nuálaíocht agus an taighde a chur chun cinn Researcher Sandra Charvatova works in the laboratory at the Blood Cancer Research Group, where she conducts research on hematological malignancies, i.e. blood cancers, in Ostrava, Czechia. Photo by Lukas Kabon/Anadolu Agency via Getty ImagesLe 20 bliain anuas rinneadh an iomad fionnachtana taighde agus nuálaíochtaí cruthaitheacha san Aontas Eorpach, ó thaobh galair a chosc agus ailse a chóireáil, mar shampla. Tháinig go leor acu sin chun cinn sna 10 mBallstát nua, sin nó is toradh iad ar chomhar idir taighdeoirí ó na Ballstáit sheanbhunaithe agus ó na Bhallstáit nua, le tacaíocht airgeadais ón Aontas.Rinne eolaithe ón Ungáir agus ón bhFrainc dul chun cinn i dtaobh taighde ar an damhna, agus bronnadh Duais Nobel na Fisice orthu as a gcuid oibre. Ón Laitvia go dtí an Spáinn tá comhar níos dlúithe ar siúl ag an lucht léinn chun cur leis an eolas atá againn ar ghéanóim. Dlúthpháirtíocht A Greek helicopter loads water in the Cypriot village of Evrychou in the Troodos mountain area on June 20, 2016 during a forest fire. Photo by Georgios Lefkou Papapetrou / AFP via Getty Images Tá cúnamh ríthábhachtach tugtha ag tíortha an Aontais dá chéile in am an ghátair, tráth a bhí siad buailte ag tubaistí ar nós tuilte, dóiteáin foraoise, creathanna talún agus éigeandálaí leighis.Tá tacaíocht curtha ar fáil ag gach tír san Aontas ar fud na mór-roinne agus níos faide i gcéin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le 20 bliain anuas. Tá an iliomad samplaí ann. Chuir cúig Bhallstát cúnamh ar fáil go beo don Ungáir tar éis na dtulcaí in 2010. Le linn shamhradh 2022 tháinig comhraiceoirí dóiteáin ón Ostair i gcabhair ar an tSlóivéin nuair a bhí falscaithe tubaisteacha ann sa tír. Anuraidh tháinig speisialtóirí éigeandála ón tSlóvaic i gcabhair ar an nGréig agus í ag dul i ngleic le falscaithe ollmhóra.Ón gcéad lá de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá Ballstáit an Aontais ag obair le chéile chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine. Chuidigh moil lóistíochta sa Pholainn, sa tSlóvaic agus sa Rómáin chun cabhair a chur ar fáil ó gach cearn den Aontas. Tá cosaint shealadach tugtha ag an Aontas do bhreis agus 4.1 milliún dídeanaí ón Úcráin, agus tá beagnach 1.7 milliún acu á n-óstáil ag na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas in 2004. 700+An líon iarrataí ar chúnamh a rinneadh trí Mheicníocht an Aontais um Chosaint Shibhialta ó bhí 2004 ann3,200An líon daoine a fuair tacaíocht i mol aslonnaithe leighis an Aontais le haghaidh othair ón Úcráin, mol atá lonnaithe sa Pholainn Cur le ról na hEorpa sa domhan mór Tá tacaíocht dhaonnúil curtha ar fáil ag an Eoraip sa tSúdáin agus san Úcráin, agus, le déanaí, tá tacaíocht dá leithéid curtha ar fáil aici in Gaza. Is eagraíochtaí neamhrialtasacha Polannacha, comhpháirtithe daonnúla Seiceacha, agus oibrithe cabhrach ón gCipir atá i mbun na hoibre sin.Le 20 bliain anuas tá guth na hEorpa ar an leibhéal domhanda ag éirí níos láidre – bíodh sin chun an domhan mór a spreagadh le beart a dhéanamh maidir leis an athrú aeráide, chun an phaindéim a chomhrac, nó chun an daonlathas a chur chun cinn.Le teacht isteach na 10 mBallstát nua, cuireadh leis an gcumhacht eacnamaíoch atá againn ar fud an domhain. Mar gheall ar mhargadh aonair níos mó, is comhpháirtí trádála níos tarraingtí fós é an tAontas Eorpach, rud a chuireann ar ár gcumas deiseanna nua a chruthú thar lear. Ó bhí 2004 ann, tá méadú €3 thrilliún tagtha ar luach na trádála idirnáisiúnta atá ar siúl againn ar fud an domhain – sa chaoi gur luach €5 thrilliún a bhí i gceist in 2023. Toisc méadú a bheith tagtha ar an Aontas féin, tá méadú tagtha freisin ar ról na hEorpa mar mhórdheontóir daonnúil. Is oibrithe cabhrach ó gach cearn den Aontas – eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid na Polainne, comhpháirtithe daonnúla de chuid na Seicia agus oibrithe cabhrach de chuid na Cipire san áireamh, i measc eagraíochtaí eile – a thugann tacaíocht dhaonnúil Eorpach, bíodh sin san Úcráin, in Gaza nó sa tSúdáin. Leis an méadú, cuireadh an rathúnas chun cinn, neartaíodh an daonlathas, agus cinntíodh cobhsaíocht ar fud an Aontais. Agus 27 mBallstát ann, is láidre an gníomhaí geopholaitiúil é an tAontas Eorpach anois. Na sonraí a úsáideadh san fheachtas ‘20 bliain le chéile’, is ar staitisticí Eurostat atá siad bunaithe, agus ar fhoinsí oifigiúla eolais eile, agus tá siad faoi réir nuashonruithe. Is ón Eorabharaiméadar a glacadh na suirbhéanna dá dtagraítear.
Children play in an AirBubble, an innovative playground providing clean air thanks to algae that absorb pollutants and carbon dioxide and in return produce oxygen, in Warsaw, Poland. Photo by Wojtek Radwanski / AFP via Getty ImagesChruthaigh an méadú níos mó deiseanna do shaoránaigh ó gach Ballstát staidéar agus obair a dhéanamh ar fud an Aontais. Ó bhí 2004 ann, tá an deis dul ag foghlaim agus ag teagasc thar lear tapaithe ag 2.7 milliún duine ó na 10 mBallstát nua. Chomh maith leis sin, a bhuí leis an gclár Erasmus+, rinne os cionn 600,000 duine óg ó thíortha eile san Aontas staidéar in ollscoileanna sna Ballstáit nua.As na 10 mBallstát a tháinig isteach in 2004, tá naoi gcinn acu páirteach go hiomlán i limistéar Schengen, an limistéar saorthaistil is mó ar domhan, rud lena ráthaítear taisteal slán éasca. Tá obair fós ag dul ar aghaidh maidir leis an gCipir a lánpháirtiú a thuilleadh i limistéar Schengen, agus na cúinsí speisialta a bhaineann léi á cur san áireamh.Le 20 bliain anuas, is mór an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas maidir le cearta sóisialta, leis an tsláinte, le cosaint an chomhshaoil, le bainistiú dramhaíola, le cearta tomhaltóirí agus le sábháilteacht táirgí, agus le nithe eile nach iad, rud a chuidíonn ó thaobh feabhas a chur ar cháilíocht saoil na ndaoine ar an iomlán.Ní hamháin gur bhain na 10 dtír a tháinig isteach in 2004 tairbhe as na caighdeáin níos airde sin, ach bhí lámh acu ina múnlú freisin. Sa lá atá inniu ann, tá an dúlra á chaomhnú ar bhealach níos fearr, tá an t-aer níos glaine sna cathracha, agus tá an príobháideachas á chosaint ar fud an Aontais.
A woman celebrates the New Year beneath a sign welcoming the euro on 1 January 2015 in Vilnius. Lithuania switched over to the euro on 1 January 2015 becoming the last Baltic nation to adopt Europe's single currency. Photo by Petras Malukas/AFP Le 20 bliain anuas, tá fás 27% tagtha ar gheilleagar an Aontais. Is mór an fás atá tagtha ar gheilleagair na dtíortha a tháinig isteach san Aontas Eorpach in 2004. Tá geilleagar na Polainne agus geilleagar Mhálta breis agus dhá oiread níos mó ná mar a bhí. Tá fás 80% tagtha ar gheilleagar na Slóvaice.Is é an fás agus an rathúnas a d’éirigh freisin do na tíortha a bhí ina mBallstát cheana féin tráth an mhéadaithe in 2004. Tá dúbailt tagtha ar easpórtálacha na Spáinne chuig na 10 dtír nua le 20 bliain anuas. Ó shin i leith, tá méadú 77 % tagtha ar thrádáil earraí na hIodáile leis na tíortha sin. Is mór an fás atá tagtha ar na ceangail trádála idir an Liotuáin agus an tSualainn chomh maith. Laistigh d’achar níos lú ná 20 bliain, tá méadú os cionn 40 % tagtha ar an sreabhadh inmheánach earraí laistigh den Aontas.As na 26 mhilliún post nua a cruthaíodh ar fud an Aontais le 20 bliain anuas, is sna 10 mBallstát nua a cruthaíodh 6 mhilliún acu.
An employee tests rare earth materials in the research and development analytical lab at the NPM Silmet AS factory in Sillamae, Estonia. Photo by Peter Kollanyi / Bloomberg via Getty ImagesTá fás tagtha ar earnáil na tionsclaíochta mar gheall ar na barainneachtaí scála a ghabhann leis an margadh aonair méadaithe, rud atá le sonrú i gcás earnáil leictreonaice na Polainne, cuir i gcás, agus earnáil déantúsaíochta carr na Gearmáine. Tá rochtain níos fearr faighte ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa ar ionchuir ríthábhachtacha, ar nós amhábhair chriticiúla. Anois tá teacht éasca ag cuideachtaí ar chopar sa Chipir, ar chóbalt sa tSeicia, ar thearc-chré sa Liotuáin agus ar nicil sa tSlóvaic.Rud eile a d'eascair as an méadú ar líon na mBallstát is ea gur cruthaíodh deiseanna táirgí agraibhia a dhíol i margadh níos mó, rud a thugann rogha níos fearr de tháirgí ardcháilíochta do shaoránaigh. Tá curtha ag na 10 mBallstát nua le héagsúlacht talmhaíochta an Aontais, gona dtraidisiúin feirmeoireachta éagsúla, a mbarraí éagsúla, a mbeostoc éagsúil agus a dtáirgí ardcháilíochta éagsúla. Tá luach na táirgeachta talmhaíochta sna tíortha sin trí oiread níos mó anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin, agus is luach €68 mbilliún atá ann anois.
Rail Baltica will connect the Baltic states to the rest of Europe, and it will enhance links between Finland and other countries in the EU. Photo by Dominika Zarzycka / NurPhoto via Getty ImagesLe 20 bliain anuas, tá infheistíocht mhór déanta ag an Aontas i mbonneagar chun áit chónaithe agus oibre níos fearr a dhéanamh den Eoraip – ar na nithe ina ndearnadh infheistíocht, tá idir mhórbhealaí agus phíblínte, idir iompar poiblí agus nascacht, idir lárionaid sonraí agus bhonneagar trasteorann.Chuidigh ár margadh fuinnimh comhtháite linn géarchéimeanna a sheasamh, ar nós an Rúis deireadh a chur le seachadtaí gáis. D’oibrigh tíortha an Aontais le chéile chun soláthairtí fuinnimh níos sláine agus níos inbhuanaithe a fhoinsiú, chun an t-aistriú i dtreo fuinneamh glan a spreagadh agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú. A bhuí le hinfheistíochtaí móra ón Aontas, cuireadh go mór le cumhdach líonraí leathanbhanda ardluais ar fud an Aontais, agus tháinig borradh faoin líon daoine a bhfuil rochtain acu ar an idirlíon. Tá ceannródaithe digiteacha, ar nós na hEastóine, ag cuidiú ó thaobh ríomhsheirbhísí rialtais a fhorbairt. I ngach cuid den Eoraip tá rochtain faighte ag na milliúin daoine ar an líonra 5G.Sa lá atá inniu ann, táimid ag déanamh dul chun cinn le NextGenerationEU. €800 billiún is luach dó, agus tá na céadta tionscadal á maoiniú leis, feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus traenacha leictreacha ina measc, chomh maith le seirbhísí digiteacha den scoth agus ionaid leighis den scoth. Trí na tionscadail sin, tá poist ardcháilíochta á gcruthú i ngach ceann de na 27 mBallstát.De réir mar a leanann an timpeallacht straitéiseach thart orainn de bheith ag athrú agus ós gá don Eoraip dlús a chur leis an gcosaint, tá na Ballstáit uile ag glacadh páirt san iarracht - tá taighde cosanta ar siúl san Eastóin, tá aerárthaí á bhforbairt sa tSualainn, agus tá armlón á tháirgeadh sa Pholainn.
Researcher Sandra Charvatova works in the laboratory at the Blood Cancer Research Group, where she conducts research on hematological malignancies, i.e. blood cancers, in Ostrava, Czechia. Photo by Lukas Kabon/Anadolu Agency via Getty ImagesLe 20 bliain anuas rinneadh an iomad fionnachtana taighde agus nuálaíochtaí cruthaitheacha san Aontas Eorpach, ó thaobh galair a chosc agus ailse a chóireáil, mar shampla. Tháinig go leor acu sin chun cinn sna 10 mBallstát nua, sin nó is toradh iad ar chomhar idir taighdeoirí ó na Ballstáit sheanbhunaithe agus ó na Bhallstáit nua, le tacaíocht airgeadais ón Aontas.Rinne eolaithe ón Ungáir agus ón bhFrainc dul chun cinn i dtaobh taighde ar an damhna, agus bronnadh Duais Nobel na Fisice orthu as a gcuid oibre. Ón Laitvia go dtí an Spáinn tá comhar níos dlúithe ar siúl ag an lucht léinn chun cur leis an eolas atá againn ar ghéanóim.
A Greek helicopter loads water in the Cypriot village of Evrychou in the Troodos mountain area on June 20, 2016 during a forest fire. Photo by Georgios Lefkou Papapetrou / AFP via Getty Images Tá cúnamh ríthábhachtach tugtha ag tíortha an Aontais dá chéile in am an ghátair, tráth a bhí siad buailte ag tubaistí ar nós tuilte, dóiteáin foraoise, creathanna talún agus éigeandálaí leighis.Tá tacaíocht curtha ar fáil ag gach tír san Aontas ar fud na mór-roinne agus níos faide i gcéin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le 20 bliain anuas. Tá an iliomad samplaí ann. Chuir cúig Bhallstát cúnamh ar fáil go beo don Ungáir tar éis na dtulcaí in 2010. Le linn shamhradh 2022 tháinig comhraiceoirí dóiteáin ón Ostair i gcabhair ar an tSlóivéin nuair a bhí falscaithe tubaisteacha ann sa tír. Anuraidh tháinig speisialtóirí éigeandála ón tSlóvaic i gcabhair ar an nGréig agus í ag dul i ngleic le falscaithe ollmhóra.Ón gcéad lá de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá Ballstáit an Aontais ag obair le chéile chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine. Chuidigh moil lóistíochta sa Pholainn, sa tSlóvaic agus sa Rómáin chun cabhair a chur ar fáil ó gach cearn den Aontas. Tá cosaint shealadach tugtha ag an Aontas do bhreis agus 4.1 milliún dídeanaí ón Úcráin, agus tá beagnach 1.7 milliún acu á n-óstáil ag na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas in 2004.
Tá tacaíocht dhaonnúil curtha ar fáil ag an Eoraip sa tSúdáin agus san Úcráin, agus, le déanaí, tá tacaíocht dá leithéid curtha ar fáil aici in Gaza. Is eagraíochtaí neamhrialtasacha Polannacha, comhpháirtithe daonnúla Seiceacha, agus oibrithe cabhrach ón gCipir atá i mbun na hoibre sin.Le 20 bliain anuas tá guth na hEorpa ar an leibhéal domhanda ag éirí níos láidre – bíodh sin chun an domhan mór a spreagadh le beart a dhéanamh maidir leis an athrú aeráide, chun an phaindéim a chomhrac, nó chun an daonlathas a chur chun cinn.Le teacht isteach na 10 mBallstát nua, cuireadh leis an gcumhacht eacnamaíoch atá againn ar fud an domhain. Mar gheall ar mhargadh aonair níos mó, is comhpháirtí trádála níos tarraingtí fós é an tAontas Eorpach, rud a chuireann ar ár gcumas deiseanna nua a chruthú thar lear. Ó bhí 2004 ann, tá méadú €3 thrilliún tagtha ar luach na trádála idirnáisiúnta atá ar siúl againn ar fud an domhain – sa chaoi gur luach €5 thrilliún a bhí i gceist in 2023. Toisc méadú a bheith tagtha ar an Aontas féin, tá méadú tagtha freisin ar ról na hEorpa mar mhórdheontóir daonnúil. Is oibrithe cabhrach ó gach cearn den Aontas – eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid na Polainne, comhpháirtithe daonnúla de chuid na Seicia agus oibrithe cabhrach de chuid na Cipire san áireamh, i measc eagraíochtaí eile – a thugann tacaíocht dhaonnúil Eorpach, bíodh sin san Úcráin, in Gaza nó sa tSúdáin. Leis an méadú, cuireadh an rathúnas chun cinn, neartaíodh an daonlathas, agus cinntíodh cobhsaíocht ar fud an Aontais. Agus 27 mBallstát ann, is láidre an gníomhaí geopholaitiúil é an tAontas Eorpach anois.