Cumhacht na déimeagrafaíochta
Tá scéal ár saoil le léamh sa déimeagrafaíocht. Baineann sé leis an meánaois a bhainfimid amach, leis an líon páistí ar féidir linn a bheith ag súil leis, agus leis an áit agus leis an mbealach is dócha a gcaithfimid an saol. Bíonn tionchar cumhachtach ag an athrú déimeagrafach ar ár ngeilleagair, sin agus ar ár gcórais leasa agus sláinte agus ar riachtanais tithíochta agus bhonneagair i réigiúin na hEorpa. Agus bíonn impleachtaí acu sin do bhuiséid agus do bheartais na rialtas. Cuireann an tAontas ábhair imní dhéimeagrafacha san áireamh i bhforbairt bheartais ábhartha an Aontais agus tá roinnt tionscnaimh shonrach glactha againn ar leibhéal an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit déileáil leis an athrú déimeagrafach.
Léigh an tuarascáil: Tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh i dtimpeallacht atá ag athrú
Buaicphointí
23 Aibreáin 2024 - Moltaí eisithe ag an gCoimisiún chun leanaí a chosaint ar fhoréigean ar bhealach níos fearr
Ghlac an Coimisiún inniu an Moladh maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí a fhorbairt agus a neartú ar mhaithe le leas an linbh, mar ghealltanas i Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh. Tá dúshláin shuntasacha fós roimh an Aontas maidir le leanaí a chosaint ar fhoréigean, bulaíocht agus foréigean gnéasach leanaí ina measc. Tacóidh an Moladh leis na Ballstáit a gcórais cosanta leanaí a neartú.

Treochtaí déimeagrafacha
Má bhíonn tuiscint againn ar chúiseanna agus ar éifeachtaí na n-athruithe déimeagrafacha, is féidir linn a n-iarmhairtí a bhainistiú ar bhealach níos fearr agus leas a bhaint as na deiseanna a chuireann siad ar fáil, rud a chuideoidh linn, ar deireadh, Aontas rathúil a thógáil do na glúnta atá le teacht.
Níos mó oibre ón mbaileLéim sciar na ndaoine fostaithe a bhí ag obair ón mbaile san Aontas ó dhuine amháin as seachtar in 2019, go duine amháin as cúigear in 2020. In 2021, bhí beagnach gach ceathrú duine ag obair ón mbaile.
Ráta breithe níos ísleIn 2020 ba é 1.5 an meánlíon breitheanna clainne in aghaidh na mná, líon atá go mór faoi bhun an luacha 2.1 atá ag teastáil chun daonra cobhsaí a choinneáil ar bun.
Líon na seanóirí ag méadúFaoi 2050, beidh sciar na ndaoine os cionn 65 thart ar 30%, i gcomparáid le thart ar 20% sa lá atá inniu ann.
Teaghlaigh bheagaTá méadú leanúnach tagtha ar líon na dteaghlach, agus tá meánmhéid na dteaghlach sin ag titim i gcónaí. Tháinig an méadú is tapúla ar theaghlaigh ina bhfuil aon duine amháin, go dtí breis agus 70 milliún in 2021.
Saol níos faideTar éis titim le linn phaindéim COVID-19, tá méadú de réir a chéile tagtha ar an ionchas saoil arís. In 2021 measadh gurbh é 82.8 bliain an t-ionchas saoil san Aontas i gcás na mban agus 77.2 bliain i gcás na bhfear.
Níos lú Eorpach ar domhanTá laghdú ag teacht ar sciar na hEorpa de dhaonra an domhain agus ní bheidh san Eoraip ach thart ar 4% de dhaonra an domhain in 2070, i gcomparáid le 6% sa lá atá inniu ann.
Tionchar an athraithe dhéimeagrafaigh
Tá tionchar ag an athrú déimeagrafach san Aontas ar an méid seo a leanas:
- margadh an tsaothair – ós rud é go bhfuil laghdú ag teacht ar dhaonra na hEorpa atá in aois oibre, chun an fás eacnamaíoch a chothú ní mór dúinn níos mó daoine a thabhairt isteach i margadh an tsaothair agus/nó an táirgiúlacht a mhéadú tríd an dul chun cinn teicneolaíoch agus forbairt scileanna.
- fostaíocht – de réir mar a bhíonn saol níos faide agus níos sláintiúla ag daoine, is mian le go leor saoránach a bheith ag obair níos faide, cé nach gá gur sa chineál céanna poist a bheadh siad i gcónaí.
- seirbhísí cúraim – ag an am céanna, tá sciar na ndaoine scothaosta san Aontas ag dul i méid, rud a fhágann go bhfuil níos mó gá le seirbhísí cúraim agus rud atá ina dhúshlán d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgeadais ár stát leasa shóisialaigh
- cothromaíocht dhéimeagrafach – ní théann treochtaí déimeagrafacha i bhfeidhm ar gach tír agus ar gach réigiún ar an mbealach céanna. Cé go meastar go dtiocfaidh laghdú ar dhaonra cuid de na Ballstáit cheana féin sna blianta amach romhainn, táthar á thuar go dtiocfaidh fás ar an daonra i mBallstáit eile le linn na tréimhse céanna
- ceantair thuaithe – go ginearálta, de bharr athruithe nádúrtha agus na heisimirce, is ar réigiúin tuaithe seachas ar réigiúin uirbeacha a bhíonn an tionchar is mó ag laghdú an daonra
- stádas na hEorpa sa domhan – ós rud é go meastar go leanfaidh sciar an Aontais de dhaonra an domhain de bheith ag titim sna blianta amach romhainn, is práinní ná riamh an gá le dlúthchomhar ar gach leibhéal chun iomaíochas an Mhargaidh Aonair a chinntiú
Daonra na hEorpa ag dul in aois
Bíonn saol níos faide agus níos sláintiúla ná riamh roimhe ag Eorpaigh na linne seo. Sna blianta amach romhainn, tiocfaidh méadú ar sciar agus ar líon na ndaoine níos sine san Aontas. Tá tionchar suntasach ag an treocht sin ar shaol laethúil na ndaoine agus ar ár sochaithe, rud a mbíonn idir dheiseanna agus dúshláin ag gabháil leis.
Laghdú ar líon na ndaoine ógaTháinig laghdú ar an sciar den daonra atá sa raon aoise 15-29 mbliana d’aois, ó 18.1% in 2011 go 16.3% in 2021. Meastar go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh agus go n-éireoidh sé níos suntasaí fós sna réigiúin tuaithe.
Méadú ar líon na seanóiríFaoi 2050, beidh sciar na ndaoine os cionn 65 thart ar 30%, i gcomparáid le thart ar 20% sa lá atá inniu ann. Cruthaíonn daonra níos sine dúshláin maidir le córais phinsin agus le hearnáil an chúraim sláinte, i measc nithe eile.
I bhfianaise an mhórscála, an mhórluais agus an mhórthionchair a bhainfidh leis an treocht sin ar fud na sochaí, tá sé tábhachtach dearcadh ar chineálacha nua cur chuige agus féachaint chuige go mbeidh na beartais oiriúnach dá bhfeidhm i ré seo na n-athruithe móra – ré an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh chuig cineálacha nua oibre agus ré ina ina dtugtar aghaidh ar dhúshláin mhóra sláinte, ar nós paindéimí.
Is ag na Ballstáit agus ag an Aontas, den chuid is mó, atá na hinniúlachtaí i leith éifeachtaí an aosaithe a láimhseáil, agus is maith atá an tAontas in ann na saincheisteanna agus na treochtaí is tábhachtaí a shainaithint agus tacú le bearta i leith an aosaithe ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil. Is féidir leis an Aontas cuidiú leis na Ballstáit agus na réigiúin freagraí beartais ar an aosú a shaincheapadh de réir a riachtanas féin.
Páipéar Uaine maidir leis an aosú
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an páipéar uaine maidir leis an aosú i mí Eanáir 2021 inar seoladh díospóireacht leathan faoi na beartais maidir leis an aosú chun plé a dhéanamh ar roghanna maidir le conas na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an aosú a réamh-mheas agus freagairt dóibh, chomh maith le conas cabhrú le daoine atá ag dul in aois caighdeán maith saoil a choinneáil chomh fada agus is féidir. An t-aiseolas a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí ar an bpáipéar uaine, chuidigh sé sin chun na bearta a shainaithint a bhfuil gá leo chun tacú leis an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn in Eoraip atá ag dul in aois.
Bosca Uirlisí Déimeagrafaíochta
Tá athrú mór déimeagrafach ag tarlú san Eoraip. Bíonn tionchar suntasach ag an athrú déimeagrafach ar an saol laethúil agus teastaíonn réitigh iomlánaíocha agus chomhtháite chuige sin.
Ós rud é go bhfuil ár saoránaigh ag maireachtáil níos faide agus go bhfuil siad níos sláintiúla, ní mór dár mbeartais uile a bheith réamhbhreathnaitheach agus tacú leis an aistriú ó shochaí atá ag dul in aois go dtí sochaí fhadsaolach.
Sna conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2023, iarradh ar an gCoimisiún bosca uirlisí a chur chun tosaigh chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus ar an tionchar atá acu ar bhuntáiste iomaíoch na hEorpa.
Mar fhreagairt air sin d’ullmhaigh an Coimisiún bosca uirlisí déimeagrafaíochta a bhaineann leas as taithí ar fud an Aontais agus ina leagtar amach cur chuige cuimsitheach i leith an athraithe dhéimeagrafaigh atá bunaithe ar cheithre cholún:
- tacú le tuismitheoirí trí mhianta teaghlaigh agus obair a bhfuil pá ag gabháil léi a thabhairt chun réitigh níos fearr, go háirithe trí rochtain a chinntiú ar chúram leanaí ardchaighdeáin agus ar chothromaíocht mhaith oibre is saoil;
- tacú leis na glúnta óga agus iad a chumhachtú le go mbeidh rath orthu, le go bhforbróidh siad a gcuid scileanna, le go n-éascófar an rochtain atá acu ar mhargadh an tsaothair agus ar thithíocht inacmhainne;
- glúnta aosta a chumhachtú agus a leas a chothú, trí athchóirithe a dhéanamh i gcomhar le beartais iomchuí maidir leis an margadh saothair agus leis an ionad oibre;
- i gcás inar gá, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair trí imirce dhleathach bhainistithe, i gcomhlántacht iomlán le daoine tréitheacha laistigh den Aontas a chur chun tairbhe.
Aithnítear leis an mbosca uirlisí gur gá gné chríochach na n-athruithe déimeagrafacha a chur san áireamh, go háirithe sna réigiúin ina mbíonn meath ar an daonra agus soghluaisteacht shuntasach amach i gcás oibrithe óga (‘imirce daoine oilte’).

Uirlis chun an t-athrú déimeagrafach a shamhlú, faireachán a dhéanamh air agus é a réamh-mheas.

Seirbhísí cúraim a chinntiú a thugann tús áite do dhaoine, ón óige go dtí an tseanaois.

Ceantair thuaithe a nascadh le chéile chun iad a dhéanamh níos láidre, níos athléimní agus níos rathúla.

Leanaí a chumasú mar ghníomhairí don athrú sa lá atá inniu ann agus iad ar a mbealach le bheith ina gceannairí san am atá le teacht.

Tacú le leanaí atá i ngátar trí rochtain a fheabhsú ar na bunriachtanais amhail oideachas agus tithíocht.

Mí-úsáid ghnéasach leanaí, ar líne agus as líne, a chosc agus a chomhrac.

Straitéis an Aontais chun leanaí a chosaint agus a chumasú sa saol ar líne.

Aghaidh a thabhairt ar shaincheist sláinte poiblí ríthábhachtach trí straitéisí éifeachtacha idirghabhála.
Doiciméid
- 23 AIBREÁN 2024
- 23 AIBREÁN 2024
- български(383.52 KB - PDF)
- español(215.23 KB - PDF)
- čeština(318.46 KB - PDF)
- dansk(267.41 KB - PDF)
- Deutsch(333.27 KB - PDF)
- eesti(257.6 KB - PDF)
- ελληνικά(382.83 KB - PDF)
- English(352.08 KB - PDF)
- français(391.9 KB - PDF)
- hrvatski(317.3 KB - PDF)
- italiano(284.4 KB - PDF)
- latviešu(316.99 KB - PDF)
- lietuvių(320.46 KB - PDF)
- magyar(343.64 KB - PDF)
- Malti(378.79 KB - PDF)
- Nederlands(282.35 KB - PDF)
- polski(360.87 KB - PDF)
- português(284.19 KB - PDF)
- română(362.07 KB - PDF)
- slovenčina(378.21 KB - PDF)
- slovenščina(313.52 KB - PDF)
- suomi(262.23 KB - PDF)
- svenska(263.16 KB - PDF)
- 23 AIBREÁN 2024
- 23 AIBREÁN 2024
- 23 AIBREÁN 2024
- 6 FEABHRA 2024
- 6 FEABHRA 2024
- 6 FEABHRA 2024
- 11 DEIREADH FÓMHAIR 2023
- 11 DEIREADH FÓMHAIR 2023
- Report
- An tAirmheán Comhpháirteach Taighde
Understanding the links between population dynamics and the causes and consequences of climate change will help design future-looking policies for a greener planet.
- 17 EANÁIR 2023
- 17 EANÁIR 2023
- 17 EANÁIR 2023
- 7 MEÁN FÓMHAIR 2022
- 14 MEITHEAMH 2021
- 27 EANÁIR 2021
- български(1.08 MB - PDF)
- español(1.15 MB - PDF)
- čeština(1.29 MB - PDF)
- dansk(1.59 MB - PDF)
- Deutsch(1.29 MB - PDF)
- eesti(1.3 MB - PDF)
- ελληνικά(1.25 MB - PDF)
- français(1.56 MB - PDF)
- hrvatski(1.58 MB - PDF)
- italiano(1 MB - PDF)
- latviešu(1.4 MB - PDF)
- lietuvių(1.58 MB - PDF)
- magyar(1.32 MB - PDF)
- Malti(1.9 MB - PDF)
- Nederlands(1.25 MB - PDF)
- polski(1.53 MB - PDF)
- português(1.59 MB - PDF)
- română(1.48 MB - PDF)
- slovenčina(1.44 MB - PDF)
- slovenščina(1.08 MB - PDF)
- suomi(1.79 MB - PDF)
- svenska(1.33 MB - PDF)
- 27 EANÁIR 2021
- 17 MEITHEAMH 2020
- 17 MEITHEAMH 2020
- български(310.05 KB - HTML)
- español(254.18 KB - HTML)
- čeština(249.68 KB - HTML)
- dansk(247.46 KB - HTML)
- Deutsch(255.83 KB - HTML)
- eesti(243.35 KB - HTML)
- ελληνικά(316.13 KB - HTML)
- français(265.47 KB - HTML)
- hrvatski(246.69 KB - HTML)
- italiano(256.96 KB - HTML)
- latviešu(253.97 KB - HTML)
- lietuvių(248.92 KB - HTML)
- magyar(260.72 KB - HTML)
- Malti(253.68 KB - HTML)
- Nederlands(248.73 KB - HTML)
- polski(258.23 KB - HTML)
- português(250.71 KB - HTML)
- română(256.95 KB - HTML)
- slovenčina(250.35 KB - HTML)
- slovenščina(245.35 KB - HTML)
- suomi(247.99 KB - HTML)
- svenska(249.68 KB - HTML)
- 17 MEITHEAMH 2020
- 17 MEITHEAMH 2020