Idirlíon níos sábháilte agus níos cothroime do chách san Aontas
Ó na meáin shóisialta go dtí an tsiopadóireacht ar líne, tá níos mó smachta agat san Aontas ar an méid a fheiceann tú ar líne. Cuidíonn na cosaintí sin leat brabhsáil, nascadh agus comhroinnt go muiníneach.
Tá cosaint tomhaltóirí don ré dhigiteach i gcroílár chur chuige an Aontais. Le rialacha an Aontais, cruthaítear timpeallacht ar líne atá níos sábháilte agus níos trédhearcaí. Ar an gcaoi chéanna, tá sé de chumhacht ag muintir na hEorpa an t-eolas iomlán a bheith acu agus smacht a bheith acu ar an am a chaitheann siad ar líne.
