Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte

Ullmhacht a dhéanamh do bhagairtí sláinte a bheidh ann amach anseo agus iad a chosc

An bonn a leagan síos le haghaidh córas sláinte níos athléimní

Leis an Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, rud a ghlac an Chomhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022, cinntítear go mbeidh an méid seo a leanas ag an Aontas Eorpach:

  • pleanáil láidir ullmhachta agus córas faireachais níos comhtháite
  • acmhainneacht níos fearr le haghaidh measúnú riosca cruinn agus freagairt spriocdhírithe
  • sásraí fónta chun frithbheart leighis a sholáthar go comhpháirteach
  • an fhéidearthacht bearta comhchoiteanna a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann ar an tsláinte a bheidh ann amach anseo
alt=""

Le Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) atá níos láidre, ní hamháin go dtabharfar moltaí do na Ballstáit maidir le hullmhacht i leith bagairtí sláinte, ach déanfaidh sé líonra nua bairr feabhais de shaotharlanna tagartha an Aontais a óstáil agus Tascfhórsa Sláinte an Aontais a bhunú le haghaidh mear-idirghabhálacha sláinte i gcás ráig mhór.

Treisíodh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) freisin maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna le haghaidh táirgí íocshláinte agus feistí leighis. Tá an Ghníomhaireacht in ann dlúthmhonatóireacht agus maolú a dhéanamh anois ar ghanntanais cógas agus feistí leighis le linn mórimeachtaí agus éigeandálaí sláinte poiblí, sin agus is féidir léi éascú a dhéanamh ar fhormheas níos tapúla ar chógais a d’fhéadfadh galar a chóireáil nó a chosc, ar galar é is cúis le géarchéim sláinte poiblí.

Leis na rialacha nua sin cuirtear Aontas Sláinte na hEorpa i gcrích, rud a chuireann le creat dlíthiúil cumhachtach chun feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais sna réimsí ríthábhachtacha seo a leanas: cosc, ullmhacht, faireachas, measúnú riosca, luathrabhadh, agus freagairt.

Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA)

Leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA) de chuid an Choimisiúin, déantar frithbhearta leighis a fhorbairt, a tháirgeadh agus a sholáthar roimh ghéarchéim shláinte agus lena linn.

Tá sé d’aidhm ag HERA:

Hera
  • comhordú a fheabhsú maidir le slándáil sláinte an Aontais roimh ghéarchéimeanna agus lena linn
  • Ballstáit an Aontais, an earnáil tionsclaíochta agus na páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt le chéile
  • frithbhearta leighis a fhorbairt, a tháirgeadh, a sholáthar, a stoc-charnadh agus a dháileadh go cothrom
  • an t-ollstruchtúr freagartha ar éigeandálaí domhanda sláinte a threisiú

Ó cuireadh ar bun é, bhunaigh HERA sainghrúpa maidir le hathraithigh COVID-19 chun monatóireacht a dhéanamh ar shócháin, cheannaigh sé vacsaíní i gcoinne na bolgaí moncaí, chuir sé FAB an Aontais ar bun – líonra d’acmhainneachtaí táirgthe ‘atá i gcónaí réidh le dul’ le haghaidh monarú vacsaíní agus cógas is féidir a ghníomhachtú i gcás géarchéimeanna amach anseo – agus thosaigh sé ag stoc-charnadh trealamh agus drugaí i gcoinne bagairtí ceimiceacha agus núicléacha. Shainaithin sé freisin trí bhagairt sláinte tosaíochta a bhfuil gá le comhordú beart ar leibhéal an Aontais ina leith i gcomhthéacs frithbheart leighis.

Seo iad:

  • pataiginí a bhfuil ardacmhainneacht paindéime acu
  • bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha
  • bagairtí a eascraíonn as frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha

Staid na hUllmhachta Sláinte

In 2023 d’fhoilsigh an Coimisiún an dara Tuarascáil ar Staid na hUllmhachta Sláinte. Leis an gcleachtadh bliantúil sin, leagtar béim ar ghníomhaíochtaí an Aontais a rinneadh ó bhí paindéim COVID-19 ann chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte trasteorann. Cuirtear in iúl i dtuarascáil 2023 go bhfuil an vacsaíniú fós ríthábhachtach chun leathadh galar tógálach a chosc, agus ó thaobh na mbagairtí sláinte is práinní de, tugtar léargas inti ar shaincheist na frithsheasmhachta frithmhiocróbaí (AMR). Bagairtí ó ghalair ainmhithe, agus na tionchair dhiúltacha sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide agus atá ag dul i méid, sin dhá mhórdhúshlán eile a leagtar béim orthu sa tuarascáil, agus tarraingítear aird inti ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ a úsáid chun dul i ngleic le bagairtí ar an tsláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.